search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 72 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 73

 

Airteagal 72

Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí

1.   D’fhonn na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo ag soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne agus soláthraithe an innill cuardaigh an-mhór ar líne. Féadfaidh an Coimisiún a ordú dóibh rochtain a thabhairt ar a bhunachair sonraí agus algartaim, agus míniúcháin orthu a thabhairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne gach doiciméad a choinneáil a mheastar is gá chun cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a mheas.

2.   Féadfar saineolaithe agus iniúchóirí seachtracha neamhspleácha a cheapadh mar chuid de na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1, chomh maith le saineolaithe agus iniúchóirí ó údaráis náisiúnta inniúla le comhaontú an údaráis lena mbaineann, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus chun saineolaseolas sonrach a chur ar fáil don Choimisiún.


whereas









keyboard_arrow_down