keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar
- Airteagal 2 Raon feidhme
- Airteagal 3 Sainmhínithe
- Airteagal 4 ‘Cainéal fórach’
- Airteagal 5 ‘Taisceadh’
- Airteagal 6 Óstáil
- Airteagal 7 Imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus comhlíonadh dlí
- Airteagal 8 Gan oibleagáidí ginearálta faireacháin nó aimsithe fíoras gníomhacha
- Airteagal 9 Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach
- Airteagal 10 Orduithe chun faisnéis a sholáthar
- Airteagal 11 Pointí teagmhála d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord
- Airteagal 12 Pointí teagmhala d’fhaighteoirí na seirbhíse
- Airteagal 13 Ionadaithe dlíthiúla
- Airteagal 14 Téarmaí agus coinníollacha
- Airteagal 15 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha
- Airteagal 16 Sásraí fógra agus gnímh
- Airteagal 17 Ráiteas ar chúiseanna
- Airteagal 18 Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla
- Airteagal 19 Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga
- Airteagal 20 Córas inmheánach um láimhseáil gearán
- Airteagal 21 Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt
- Airteagal 22 Comharthóirí iontaofa
- Airteagal 23 Bearta agus cosaint in aghaidh mí-úsáide
- Airteagal 24 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne
- Airteagal 25 Dearadh agus eagrú comhéadan ar líne
- Airteagal 26 Fógraíocht ar ardáin ar líne
- Airteagal 27 Trédhearcacht córas moltaí
- Airteagal 28 Mionaoisigh a chosaint ar líne
- Airteagal 29 Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga
- Airteagal 30 Inrianaitheacht trádálaithe
- Airteagal 31 Comhlíonadh trí dhearadh
- Airteagal 32 Ceart chun faisnéise
- Airteagal 33
- Airteagal 34 Measúnú riosca
- Airteagal 35 Maolú rioscaí
- Airteagal 36 Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna
- Airteagal 37 Iniúchóireacht neamhspleách
- Airteagal 38 Córais moltaí
- Airteagal 39 Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne
- Airteagal 40 Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú
- Airteagal 41 Feidhm chomhlíontachta
- Airteagal 42 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta
- Airteagal 43 Táille mhaoirseachta
- Airteagal 44 Caighdeáin
- Airteagal 45 Cóid Iompair
- Airteagal 46 Cóid iompair d’fhógraíocht ar líne
- Airteagal 47 Cóid iompair d’inrochtaineacht
- Airteagal 48 Prótacail ghéarchéime
- Airteagal 49 Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
- Airteagal 50 Ceanglais do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
- Airteagal 51 Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
- Airteagal 52 Pionóis
- Airteagal 53 Ceart chun gearán a thaisceadh
- Airteagal 54 Cúiteamh
- Airteagal 55 Tuarascálacha gníomhaíochta
- Airteagal 56 Inniúlachtaí
- Airteagal 57 Cúnamh frithpháirteach
- Airteagal 58 Comhar trasteorann idir na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha
- Airteagal 59 Tarchur chuig an gCoimisiún
- Airteagal 60 Imscrúduithe comhpháirteacha
- Airteagal 61 An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
- Airteagal 62 Struchtúr an Bhoird
- Airteagal 63 Cúraimí an Bhoird
- Airteagal 64 Saineolas agus cumais a fhorbairt
- Airteagal 65
- Airteagal 66 Imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún agus comhar maidir le himscrúdú a dhéanamh
- Airteagal 67 Iarrataí ar fhaisnéis
- Airteagal 68 Cumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a ghlacadh
- Airteagal 69 Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh
- Airteagal 70 Bearta eatramhacha
- Airteagal 71 Gealltanais
- Airteagal 72 Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
- Airteagal 73 Neamhchomhlíonadh
- Airteagal 74 Fíneálacha
- Airteagal 75 Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III
- Airteagal 76 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
- Airteagal 77 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- Airteagal 78 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
- Airteagal 79 An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad
- Airteagal 80 Cinntí a fhoilsiú
- Airteagal 81 Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
- Airteagal 82 Iarrataí ar shrianta ar rochtain agus comhar le cúirteanna náisiúnta
- Airteagal 83 Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirghabháil ón gCoimisiún
- Airteagal 84 Rúndacht ghairmiúil
- Airteagal 85 Córas comhroinnte faisnéise
- Airteagal 86 Ionadaíocht
- Airteagal 87 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 88 Nós imeachta coiste
- Airteagal 89 Leasuithe ar Threoir 2000/31/CE
- Airteagal 90 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 91 Athbhreithniú
- Airteagal 92
- Airteagal 93 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 31
- eile 23
- an-mhór 18
- líne 18
- lena 17
- mbaineann 14
- sholáthraí 13
- arna 12
- gcoimisiún 12
- chigireacht 10
- cuardaigh 9
- innill 9
- ardáin 9
- chuid 9
- dhéanamh 9
- bhallstáit 9
- bhfuil 8
- digiteacha 8
- seirbhísí 8
- atá 8
- náisiúnta 8
- daoine 7
- tionlacain 7
- duine 7
- hoifigigh 6
- chríoch 6
- chun 6
- leis 5
- cigireachta 5
- thabhairt 5
- chur 5
- mínithe 5
- iarraidh 5
- údarú 5
- bhaineann 5
- gcás 5
- leabhair 4
- taifid 4
- cuspóir 4
- faoi 4
- déanfaidh 4
- údaraithe 4
- comhordaitheoir 4
- déanamh 4
- féadfaidh 4
- soláthraí 4
- dlí 4
- breithiúnach 4
- ceisteanna 3
- freagraí 3
Airteagal 69
Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh
1. Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).
2. Tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:
(a) | dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó de chuid an duine eile lena mbaineann; |
(b) | scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann, is cuma cén meán ina stóráiltear iad; |
(c) | cóipeanna de na leabhair sin nó taifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm; |
(d) | ceangal a chur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar an duine eile lena mbaineann rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a chleachtais láimhseála sonraí agus a chleachtais ghnó agus na mínithe a tugadh a thaifeadadh nó a dhoiciméadú; |
(e) | aon áitreabh a úsáidtear chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó de chuid an duine eile lena mbaineann, chomh maith le leabhair nó taifid eile, a shéalú ar feadh na tréimhse agus a mhéid is gá don chigireacht; |
(f) | a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh; |
(g) | ceisteanna a chur ar aon ionadaí den chineál sin nó ar aon bhall foirne a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh. |
3. Féadfar cigireachtaí a dhéanamh le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(2), agus ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndéanfar an chigireacht ar a chríoch.
4. I gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.
5. Le linn cigireachtaí, féadfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún, na hiniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis inniúla eile an Bhallstáit a ndéantar an chigireacht ina chríoch, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a láimhseáil sonraí agus a iompar gnó agus féadfaidh sé ceisteanna a dhíriú ar a phríomhphearsanra.
6 Ceanglaítear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann géilleadh do chigireacht arna hordú trí chinneadh an Choimisiúin. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an t-iniúchadh le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin.
7. Déanfaidh oifigigh Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, chomh maith le daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh aige, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó don Choimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcigireacht. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí acu a liostaítear i mír 2.
8. I gcás ina suífidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún go bhfuil soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, arna iarraidh sin do na hoifigigh nó na daoine tionlacain eile sin agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit, an cúnamh is gá a thabhairt dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta sin, i bhfoirm bearta comhéigneacha arna nglacadh ag an údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, chun gur féidir leo an chigireacht a dhéanamh.
9. Más gá údarú a fháil le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 8 ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit sin iarratas ar an údarú sin arna iarraidh sin do na hoifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
10. I gcás ina ndéantar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil cás tugtha os a chomhair, go bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear an chigireacht barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus fíorú den sórt sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe, maidir leis na forais atá ag gCoimisiún drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, agus ar a thromchúisí atá an sárú amhrasta agus ar an mbaint a bhí ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne, soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann leis. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, áfach, amhras a tharraingt ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad an Choimisiúin a éileamh. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
whereas