search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 16 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 169

 

Airteagal 16

Sásraí fógra agus gnímh

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun ceadú d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina inneachar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh na sásraí sin éasca le rochtain agus furasta a úsáid, agus ba cheart go gceadódh siad fógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin.

2.   Leis na sásraídtagraítear i mír 1, is fusa a bheidhfógraí a bheidh beacht a ndóthain agus a mbeidh bunús leordhóthanach leo a thíolacadh. Chuige sin, glacfaidh soláthraithe seirbhísí óstála na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú:

(a)

míniú a bhfuil bunús leordhóthanach leis ar na cúiseanna go líomhnaíonn an duine aonair nó an t-eintiteas gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist;

(b)

léiriú soiléir de láthair bheacht leictreonach na faisnéise sin, amhail an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an inneachair neamhdhleathaigh arna chur in oiriúint do chineál an inneachair agus do chineál sonrach na seirbhíse óstála;

(c)

ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a bhfuil an fógra á chur isteach aige, seachas i gcás faisnéis a meastar go mbaineann ceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE léi;

(d)

ráiteas ina ndeimhnítear go gcreideann an duine aonair nó an t-eintiteas a bhfuil an fógra á chur isteach aige de mheon bona fide go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí atá ann beacht agus iomlán.

3.   Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 6 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann, agus leis sin amháin, as fógraídtagraítear san Airteagal seo, nuair is féidir leis an soláthraí seirbhíse óstála nádúr neamhdhleathach an inneachair a shainaithint go ríshoiléir i gcás ina gceadaíonn siad do sholáthraí dícheallach seirbhísí óstála neamhdhleathacht na gníomhaíochta nó na faisnéise ábhartha a shainaithint gan mionscrúdú dlíthiúil a dhéanamh.

4.   I gcás ina bhfuil faisnéis teagmhála leictreonach an duine aonair nó an eintitis a thíolaic é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe gan moill mhíchuí maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an t-eintiteas sin.

5.   Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin.

6.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraídtagraítear i mír 1 a phróiseáil agus déanfaidh siad a gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógradtagraítear i mír 5.


whereas









keyboard_arrow_down