search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 45 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 174

 

Airteagal 45

Cóid Iompair

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair deonach ar leibhéal an Aontais chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, ag cur na ndúshlán sonrach a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh agus rioscaí sistéamacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, san áireamh, go háirithe maidir le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint.

2.   I gcás ina dtagann riosca sistéamach suntasach de réir bhrí Airteagal 34(1) chun cinn agus go mbaineann sé le roinnt ardán an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, féadfaidh am Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne lena mbaineanninneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus, ar sholáthraithe eile ardán an-mhór ar líne, ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, ardán ar líne agus seirbhísí idirghabhálacha eile, de réir mar is iomchuí, mar aon le húdaráis inniúla ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas na gcód iompair, lena n-áirítear gealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a ghlacadh, chomh maith le gnáthchreat tuairiscithe maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí.

3.   Agus éifeacht á tabhairt do mhíreanna 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord, agus ag comhlachtaí eile i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go leagtar a gcuspóirí sonracha amach go soiléir sna cóid iompair, go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus go dtugtar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, agus go háirithe na saoránach, ar leibhéal an Aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairiscíonn rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh, freisin. Déanfar éagsúlachtaí méide agus acmhainneachta idir rannpháirtithe éagsúla a chur san áireamh i bpríomhtháscairí feidhmíochta agus i gceangaltais tuairiscithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord measúnú ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith iontu. Foilseoidh siad a gconclúidí.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord athbhreithniú agus oiriúnú rialta ar na cóid iompair a spreagadh agus a éascú.

I gcás mainneachtain chórasach na cóid iompair a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus an Bord a iarraidh ar shínitheoirí na gcód iompair gníomhú mar is gá.


whereas









keyboard_arrow_down