keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 3 Airteagal 9 Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach
- 3 Airteagal 10 Orduithe chun faisnéis a sholáthar
- 1 Airteagal 72 Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 43
- ordú 23
- seirbhísí 21
- dlí 17
- t-ordú 17
- chun 16
- arna 15
- idirghabhálacha 15
- faisnéis 14
- atá 14
- éifeacht 13
- soláthraí 13
- lena 12
- t-údarás 12
- leis 12
- náisiúnta 12
- maidir 12
- chur 11
- gcomhréir 11
- infheidhme 11
- aontais 11
- faoin 11
- tugadh 10
- tharchur 8
- chuig 8
- gcás 8
- amháin 8
- níos 7
- fhaisnéis 7
- comhaontú 7
- heorpa 7
- mbaineann 7
- eile 7
- eisiúna 6
- bhfuil 6
- seirbhíse 6
- dtagraítear 6
- mír 6
- tráth 6
- tarmligean 6
- airteagal 6
- síos 6
- leagtar 6
- déanfaidh 6
- sholáthraí 6
- eolas 6
- údarás 6
- digiteacha 6
- dteanga 6
- fháil 6
Airteagal 9
Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach
1. Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach; |
(c) | déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
Airteagal 10
Orduithe chun faisnéis a sholáthar
1. Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht; |
(c) | déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
Airteagal 72
Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
1. D’fhonn na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo ag soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne agus soláthraithe an innill cuardaigh an-mhór ar líne. Féadfaidh an Coimisiún a ordú dóibh rochtain a thabhairt ar a bhunachair sonraí agus algartaim, agus míniúcháin orthu a thabhairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne gach doiciméad a choinneáil a mheastar is gá chun cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a mheas.
2. Féadfar saineolaithe agus iniúchóirí seachtracha neamhspleácha a cheapadh mar chuid de na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1, chomh maith le saineolaithe agus iniúchóirí ó údaráis náisiúnta inniúla le comhaontú an údaráis lena mbaineann, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus chun saineolas nó eolas sonrach a chur ar fáil don Choimisiún.
Airteagal 87
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gcomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
whereas