search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 74 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 112

 

Airteagal 74

Fíneálacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann fíneálacha nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadhdtagraítear in Airteagal 73, i gcás ina measann sé go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

mhainnigh sé cinneadh ina n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh faoi Airteagal 70 a chomhlíonadh; nó

(c)

mhainnigh sé gealltanas a chomhlíonadh a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nach mó ná 1 % den ioncam iomlán bliantúilláimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach eiledtagraítear in Airteagal 67(1), i gcás ina measann sé go ndearna siad an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

faisnéis mhícheart, neamhiomlánmhíthreorach a sholáthar mar fhreagra ar iarraidh shimplí nó iarraidh trí chinneadh de bhun Airteagal 67;

(b)

níor thug siad freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis trí chinneadh laistigh den tréimhse a socraíodh;

(c)

níor ceartaíodh an fhaisnéis mhícheart, neamhiomlánmhíthreorach arna soláthar ag ball foirne laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an gCoimisiún, nó mainníodh nó diúltaíodh faisnéis iomlán a sholáthar;

(d)

dhiúltaigh siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 69;

(e)

mhainnigh sé na bearta a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 72 a chomhlíonadh; nó

(f)

mhainnigh sé na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 79(4) a chomhlíonadh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó do dhuine eiledtagraítear in Airteagal 67(1), sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

4.   Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe agus, maidir le fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.


whereas









keyboard_arrow_down