search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 49 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 126

 

Airteagal 49

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháinníoschun bheith freagrach as maoirsiú soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus as forfheidhmiú an Rialacháin seo (“údaráis inniúla”).

2.   Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach as gach ábhar a bhaineann le maoirsiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa Bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as rannchuidiú le maoirsiú agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.

Chun na críche sin, comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásraí comhair agus do mhalartuithe tuairimí idir an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus na húdaráis náisiúnta eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh feidhmiú a gcúraimí faoi seach.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúil amháinníos mó de bhreis ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, áiritheoidh sé go bhfuil cúraimí faoi seach na n-údarás agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin sainmhínithe go soiléir agus go gcomhoibríonn siad go dlúth agus go héifeachtach agus iad ag feidhmiú a gcúraimí.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoin 17 Feabhra 2024.

Cuirfidh na Ballstáit ainm a n-údaráis inniúil atá ainmnithe mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus faisnéis faoin mbealach ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ar fáil go poiblí agus in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ainm an údaráis inniúil eile dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord, chomh maith lena gcúraimí faoi seach.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 50, 51 agus 56 agus atá infheidhme maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le haon údarás inniúil eile a ainmníonn Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin.


whereas









keyboard_arrow_down