search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 11 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 75

 

Airteagal 11

Pointí teagmhála d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go díreach, trí mhodhanna leictreonacha, le húdaráis na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord dá dtagraítear in Airteagal 61 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.

3.   Sonróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha san fhaisnéisdtagraítear i mír 2 teangateangacha oifigiúla na mBallstát, ar féidir iad a úsáid, i dteannta teanga a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó is féidir de shaoránaigh an Aontais uirthi, chun cumarsáid a dhéanamh lena bpointe teagmhála, agus ina n-áireofar teanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a phríomh-bhunaíocht ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó san áit ina gcónaíonn a ionadaí dlí nó ina bhfuil sé bunaithe.


whereas









keyboard_arrow_down