search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 71 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 77

 

Airteagal 71

Gealltanais

1.   Má tharlaíonn sé, le linn imeachtaí faoin Roinn seo, go dtairgeann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gealltanais go ndéanfaidh sé comhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún na gealltanais sin a chur ina gceangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann trí chinneadh agus dearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann i gcomhair gníomhaíochta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a athoscailt sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil athrú ábhartha ar aon cheann de na fíorais ar ar bunaíodh an cinneadh;

(b)

i gcás ina ngníomhaíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ar neamhréir lena ghealltanais; nó

(c)

i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheartmhíthreorach arna soláthar ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ag duine eiledtagraítear in Airteagal 67(1).

3.   I gcás ina measann an Coimisiún nach féidir leis na gealltanais a thairg soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, diúltóidh sé do na gealltanais sin i gcinneadh réasúnaithe le linn dó na himeachtaí a thabhairt chun críche.


whereas









keyboard_arrow_down