search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'rialachán' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index rialachán:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas rialachán:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 2094

 

Airteagal 1

Ábhar

1.   Is é is aidhm don rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach do thimpeallacht ar líne atá sábháilte, intuartha agus iontaofa lena n-éascaítear nuálaíocht, agus ina ndéantar cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, lena n-áirítear prionsabal na cosanta tomhaltóirí, a chosaint go héifeachtach.

2.   Leagtar síos sa rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh aonair. Bunaítear leis, go háirithe:

(a)

creat i gcomhair díolúine choinníollach ó dhliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

(b)

rialacha maidir le hoibleagáidí sonracha an díchill chuí arna gcur in oiriúint do chatagóirí sonracha soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

(c)

rialacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna dtairiscint d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe ann, gan beann ar an áit a bhfuil áit bhunaíochta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid.

3.   Ní dhéanfaidh an rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE.

4.   Tá an rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an rialachán seo, go háirithe:

(a)

Treoir 2010/13/AE;

(b)

Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(c)

rialachán (AE) 2021/784;

(d)

rialachán (AE) 2019/1148;

(e)

rialachán (AE) 2019/1150;

(f)

Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;

(g)

Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE;

(h)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;

(i)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;

(j)

Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(b)

ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana;

(c)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(d)

ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san Aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an Aontas a úsáid;

(e)

ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an Aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an Aontas, nasc a thagann as a bhunú san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

líon suntasach fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó de réir a dhaonra nó a ndaonra; nó

gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin;

(g)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:

(i)

seirbhís “cainéal fórach” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide;

(ii)

seirbhís “taiscthe” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla;

(iii)

seirbhís “óstála” arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin don fhaighteoir sin;

(h)

ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin;

(i)

ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo;

(j)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh;

(k)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(l)

ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE;

(m)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(n)

ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe;

(o)

ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil;

(p)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne;

(q)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne;

(r)

ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn;

(s)

ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh;

(t)

ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí;

(u)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí;

(v)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(w)

ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE;

(x)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle.

CAIBIDIL II

DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

Airteagal 7

Imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus comhlíonadh dlí

Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 toisc, de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach, go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó go ndéanann siad bearta eile atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an inneachar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na ceanglais a leagtar amach sa rialachán seo, agus dá thoisc sin amháin.

Airteagal 13

Ionadaithe dlíthiúla

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.   Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.

3.   Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.

5.   Ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den Aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san Aontas.

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 25

Dearadh agus eagrú comhéadan ar líne

1.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach trína ndéanfaí cumas fhaighteoirí a seirbhíse a mheabhlú nó a ionramháil, nó ar bhealach eile trína ndéanfaí cumas úsáideoirí deiridh a shaobhadh nó a lagú cinntí atá saor agus feasach a dhéanamh.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le cleachtais a chumhdaítear le Treoir 2005/29/CE nó le rialachán (AE) 2016/679.

3.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir le cleachtais shonracha, go háirithe:

(a)

tosaíocht níos mó a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

iarraidh a dhéanamh arís agus arís eile go ndéanfaidh faighteoir na seirbhíse rogha i gcás ina ndearnadh an rogha sin cheana, go háirithe trí fhuinneog aníos a chuireann isteach ar an taithí úsáideora;

(c)

an nós imeachta chun seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh níos deacra ná liostáil dó.

Airteagal 26

Fógraíocht ar ardáin ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a chuireann fógráin i láthair ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir, le haghaidh gach fógrán sonrach a chuirtear i láthair gach faighteora aonair, le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, ar bhealach soiléir, suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am:

(a)

gur fógrán atá san fhaisnéis, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha. Féadfar na marcálacha sin caighdeán de bhun Airteagal 44 a leanúint;

(b)

an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil an fógra á chur i láthair thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógra, más éagsúil an duine sin leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

faisnéis bhríoch a bhfuil rochtain dhíreach éasca uirthi ón bhfógrá faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun an faighteoir a gcuirfear an fógrán ina láthair a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, faoi conas na paraiméadair sin a athrú.

2.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a dhearbhú an cumarsáid tráchtála é an t-inneachar a chuireann siad ar fáil nó an bhfuil cumarsáid tráchtála.

Nuair a chuireann faighteoir na seirbhíse dearbhú isteach de bhun na míre seo, áiritheoidh soláthraí an ardáin ar líne gur féidir le faighteoirí eile na seirbhíse a shainaithint ar bhealach soiléir gan débhrí agus i bhfíor-am, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha, a d’fhéadfadh caighdeáin de bhun Airteagal 44 a leanúint, gur cumarsáid tráchtála atá san inneachar a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil nó go bhfuil cumarsáid tráchtála ann mar a thuairiscítear sa dearbhú sin

3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair fhaighteoirí na seirbhíse atá bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid catagóirí speisialta shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 28

Mionaoisigh a chosaint ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú, ar a seirbhís.

2.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair ar a gcomhéadan bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid sonraí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse nuair is eol dóibh le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

3.   Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne le cur i bhfeidhm mhír 1.

ROINN 4

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 31

Comhlíonadh trí dhearadh

1.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe ar bhealach a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach, faisnéis maidir le comhlíonadh agus sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme an Aontais.

Go háirithe, áiritheoidh an soláthraí lena mbaineann go gcuireann a comhéadain ar líne ar chumas trádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le hainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (13), de rialachán (AE) 2019/1020 agus i ndlí eile de chuid an Aontais.

2.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe sa chaoi gur féidir le trádálaithe an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(a)

an fhaisnéis is gá chun na táirgí nó na seirbhísí a chuirtear chun cinn nó a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, trí sheirbhísí na soláthraithe, a shainaithint go soiléir agus gan débhrí;

(b)

aon chomhartha lena sainaithnítear an trádálaí amhail an trádmharc, an tsiombail nó an lógó; agus,

(c)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a bhaineann le lipéadú agus le marcáil i gcomhréir le rialacha dhlí an Aontais is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh táirgí.

3.   Maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh siad a ndícheall chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar chuir trádálaithe den sórt sin an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil sula gceadófar dóibh a dtáirgí nó seirbhísí a thairiscint ar na hardáin sin. Tar éis cead a thabhairt don trádálaí táirgí nó seirbhísí a thairiscint ar a ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí iarrachtaí réasúnacha chun seiceáil randamach a dhéanamh in aon bhunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá oifigiúil, inrochtana saor in aisce agus meaisín-inléite ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha.

Airteagal 37

Iniúchóireacht neamhspleách

1.   Beidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchtaí neamhspleácha chun comhlíonadh na nithe seo a leanas a mheas:

(a)

na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III;

(b)

aon ghealltanais a glacadh de bhun na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 agus na bprótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48.

2.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line an comhar agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh siad in ann na hiniúchtaí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus tráthúil, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí agus ar na háitribh ábhartha uile agus trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a fhreagairt. Staonfaidh siad ó bhac a chur ar fheidhmíocht na hiniúchóireachta, ó thionchar míchuí a imirt uirthi nó ón mbonn a bhaint uaithi.

Áiritheoidh iniúchtaí den sórt sin rúndacht leormhaith agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis arna fáil ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus ó thríú páirtithe i gcomhthéacs na n-iniúchtaí, lena n-áirítear tar éis fhoirceannadh na n-iniúchtaí. Ní dhéanfaidh comhlíonadh an cheanglais sin dochar d’fheidhmiú na n-iniúchtaí ná d’fhorálacha eile an Rialacháin seo, áfach, go háirithe na forálacha a bhaineann le trédhearcacht, maoirseacht agus forfheidhmiú. I gcás inar gá chun críche tuairiscithe trédhearcachta de bhun Airteagal 42(4), beidh leaganacha nach bhfuil aon fhaisnéis iontu a mheas go réasúnta gur faisnéis rúnda í ag gabhail leis an tuarascáil iniúchóireachta agus an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal.

3.   Maidir leis na hiniúchtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad:

(a)

tá siad neamhspleách ar sholáthraí -ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus ar aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin, agus níl coinbhleachtaí leasa acu leo; go háirithe:

(i)

níor sholáthair siad seirbhísí neamh-iniúchóireachta a bhaineann leis na hábhair a ndearnadh iniúchadh orthu do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin sa tréimhse 12 mhí roimh thús an iniúchta agus tá gealltanas tugtha acu gan seirbhísí den sórt sin a sholáthar, sa tréimhse 12 mhí tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích;

(ii)

níor sholáthair siad seirbhísí iniúchóireachta de bhun an Airteagail seo do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin le linn tréimhse is faide ná 10 mbliana i ndiaidh a chéile;

(iii)

níl siad ag déanamh an iniúchta do tháillí atá ag brath ar thoradh an iniúchta;

(b)

tá saineolas cruthaithe i réimse na bainistíochta riosca agus inniúlacht agus cumais theicniúla acu;

(c)

tá oibiachtúlacht agus eitic ghairmiúil cruthaithe acu, bunaithe go háirithe ar chóid chleachtais nó ar chaighdeáin iomchuí a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line gurb iad na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchta. Beidh bunús, i scríbhinn, leis an tuarascáil sin agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

(a)

ainm, seoladh agus pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line atá faoi réir an iniúchta agus an tréimhse a chumhdaítear;

(b)

ainm agus seoladh na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí atá ag tabhairt faoin iniúchadh;

(c)

dearbhú leasanna;

(d)

tuairisc ar na gnéithe sonracha ar a ndearnadh iniúchadh, agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;

(e)

tuairisc agus achoimre ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchadh;

(f)

liosta de na tríú páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den iniúchadh;

(g)

tuairim iniúchóireachta ar cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann na hoibleagáidí agus na gealltanais dá dtagraítear i mír 1, eadhon “tuairim dhearfach”, “tuairim dhearfach le barúlacha” nó “tuairim dhiúltach”;

(h)

i gcás nach bhfuil an tuairim iniúchóireachta “dearfach”, moltaí oibríochtúla ar bhearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach agus an tréimhse ama a mholtar chun comhlíontacht a bhaint amach.

5.   I gcás nach raibh an eagraíocht a dhéanann an t-iniúchadh in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe sonracha áirithe ná tuairim iniúchóireachta a chur in iúl bunaithe ar a himscrúduithe, beidh míniú sa tuarascáil iniúchóireachta ar na himthosca agus na cúiseanna nach bhféadfaí na gnéithe sin a iniúchadh.

6.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a fhaigheann tuarascáil iniúchóireachta nach bhfuil dearfach aird chuí ar na moltaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta ina leagfar na bearta sin amach. I gcás nach gcuirfidh siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, tabharfaidh siad údar leis na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme sa tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta agus le haon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 chun an rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is gá a leagan síos chun na hiniúchtaí a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, go háirithe maidir leis na rialacha is gá i ndáil leis na céimeanna nós imeachta, na modheolaíochtaí iniúchóireachta agus na teimpléid tuairiscithe le haghaidh na n-iniúchtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo. Cuirfear san áireamh aon chaighdeáin iniúchóireachta dheonacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (e), sna gníomhartha tarmligthe sin.

Airteagal 38

Córais moltaí

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27, soláthróidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí rogha amháin ar a laghad do gach ceann dá gcórais moltaí, ar rogha í nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 40

Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.

5.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:

(a)

níl rochtain acu ar na sonraí;

(b)

bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

6.   Ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.

7.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

8.   Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790;

(b)

go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála;

(c)

go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas;

(d)

go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin;

(e)

go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4;

(f)

go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2;

(g)

gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le rialachán (AE) 2016/679.

Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.

9.   Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.

Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.

11.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.

12.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

Airteagal 41

Feidhm chomhlíontachta

1.   Bunóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line feidhm chomhlíontachta a bheidh neamhspleách ar a bhfeidhmeanna oibríochtúla agus atá comhdhéanta d’oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíontachta. Beidh údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíontachta sin, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí sin.

2.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an cumas is gá ag oifigigh chomhlíontachta chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line gur bainisteoir sinsearach neamhspleách a bheidh i gceann na feidhme comhlíontachta a mbeidh freagracht ar leith air as an bhfeidhm chomhlíontachta.

Tabharfaidh ceann na feidhme comhlíontachta tuairisc go díreach do chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, agus féadfaidh sé imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina ndéanann na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 32 nó neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo difear do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ina chuid feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní chuirfear ceann na feidhme comhlíontachta as oifig gan formheas a fháil roimh ré ó chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar na hoifigigh chomhlíontachta:

(a)

comhoibriú leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go sainaithneofar na rioscaí uile dá dtagraítear in Airteagal 34 agus go dtuairisceofar i gceart iad agus go ndéanfar bearta maolaithe riosca atá réasúnta, comhréireach agus éifeachtach de bhun Airteagal 35;

(c)

gníomhaíochtaí sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a bhaineann leis an iniúchadh neamhspleách de bhun Airteagal 37 a eagrú agus a mhaoirsiú;

(d)

bainistíocht agus fostaithe sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a chur ar an eolas faoi oibleagáidí ábhartha faoin rialachán seo agus comhairle a chur ar fáil i leith na n-oibleagáidí sin;

(e)

faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh a oibleagáidí faoin rialachán seo;

(f)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh na ngealltanas a tugadh faoi na cóid iompair de bhun Airteagail 45 agus 46 nó faoi na prótacail ghéarchéime de bhun Airteagal 48.

4.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíontachta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún.

5.   Maidir le cur chun feidhme socruithe rialachais sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíontachta, lena n-áirítear cúraimí a roinnt laistigh d’eagraíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, coinbhleachtaí leasa a chosc, agus bainistiú fónta na rioscaí sistéamacha arna sainaithint de bhun Airteagal 34, déanfaidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór sin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór sin ar line iad a shainiú, a fhormhaoirsiú agus beidh sé cuntasach as na socruithe sin.

6.   Formheasfaidh agus athbhreithneoidh an comhlacht bainistíochta go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun na rioscaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 34 a bhfuil an t-ardán an-mhór ar líne nó an t-inneall cuardaigh an-mhór ar line neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh sé go mbeadh sé neamhchosanta orthu, a ghlacadh, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu agus a mhaolú.

7.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama ar mhachnamh a dhéanamh i dtaobh na mbeart a bhaineann le bainistíocht riosca. Beidh sé rannpháirteach go gníomhach sna cinntí a bhaineann le bainistiú riosca agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha ar bhainistiú na rioscaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 34.

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 44

Caighdeáin

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord, agus tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán deonach agus cuirfidh sé chun cinn iad, ar caighdeáin iad arna leagan amach ag comhlachtaí ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, i leith an mhéid seo a leanas ar a laghad:

(a)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach faoi Airteagal 16;

(b)

teimpléid, caighdeáin maidir le dearadh agus próisis chun cumarsáid a dhéanamh le faighteoirí na seirbhíse ar bhealach atá intuigthe don úsáideoir maidir le srianta a eascraíonn as téarmaí agus coinníollacha agus as athruithe orthu;

(c)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach ag comharthóirí iontaofa faoi Airteagal 22, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár;

(d)

comhéadain shonracha, lena n-áirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 39 agus 40 a éascú;

(e)

iniúchadh ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 37;

(f)

idir-inoibritheacht na stór fógrán dá dtagraítear in Airteagal 39(2);

(g)

tarchur sonraí idir idirghabhálaithe fógraíochta mar thaca le hoibleagáidí trédhearcachta de bhun phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 26;

(h)

bearta teicniúla chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis an bhfógraíocht atá sa rialachán seo a chumasú, lena n-áirítear na hoibleagáidí maidir le marcálacha feiceálacha d’fhógráin agus do chumarsáid tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 26;

(i)

comhéadain roghnúcháin agus cur i láthair faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair a bhaineann le cineálacha éagsúla córas moltaí, i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 38;

(j)

caighdeáin do bhearta spriocdhírithe chun mionaoisigh a chosaint ar líne.

2.   Tacóidh an Coimisiún le nuashonrú na gcaighdeán i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus iompar fhaighteoirí na seirbhísí i dtrácht. Beidh fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le nuashonrú na gcaighdeán agus beidh sé éasca teacht uirthi.

Airteagal 50

Ceanglais do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní uile is gá ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha chun maoirseacht leordhóthanach a dhéanamh ar gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoina n-inniúlacht. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh neamhspleáchas leordhóthanach ag a Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha maidir lena bhuiséad a bhainistiú laistigh de theorainneacha foriomlána an bhuiséid, ionas nach ndéanfar difear diúltach do neamhspleáchas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha.

2.   Agus a gcúraimí á ndéanamh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an rialachán seo, gníomhóidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

3.   Tá mír 2 den Airteagal seo gan dochar do chúraimí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha laistigh den chóras maoirseachta agus forfheidhmithe dá bhforáiltear sa rialachán seo agus don chomhar le húdaráis inniúla eile i gcomhréir le hAirteagal 49(2). Ní chuirfidh mír 2 den Airteagal seo cosc ar athbhreithniú breithiúnach a fheidhmiú agus beidh sí gan dochar freisin do cheanglais chuntasachta chomhréireacha maidir le gníomhaíochtaí ginearálta na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, amhail caiteachas airgeadais nó tuairisciú do pharlaimintí náisiúnta, ar choinníoll nach mbainfidh na ceanglais sin an bonn ó bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

Airteagal 51

Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin rialachán seo a fheidhmiú, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le hiompar soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun a cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(b)

an chumhacht iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú, ar aon áitreabh a úsáideann na soláthraithe sin nó na daoine sin chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil;

(c)

an chumhacht chun iarraidh ar aon bhall foirne nó ar ionadaí na soláthraithe nó na ndaoine sin míniúcháin a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta agus na freagraí a thaifeadadh lena dtoiliú trí aon mhodh teicniúil.

2.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin rialachán seo a dhéanamh, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun glacadh leis na gealltanais a thairgeann na soláthraithe sin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gealltanais sin a chur de cheangal orthu;

(b)

an chumhacht chun ordú a thabhairt sáruithe a scor agus, i gcás inarb iomchuí, leighis atá i gcomhréir leis an sárú agus is gá chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát é sin a dhéanamh;

(c)

an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 i gcás ina mainnítear an rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear le haon cheann de na horduithe imscrúdaitheacha arna n-eisiúint de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(d)

an chumhacht chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 chun a áirithiú go ndéantar an sárú a fhoirceannadh i gcomhréir le hordú arna eisiúint de bhun phointe (b) den fhomhír seo nó i gcásanna ina mainnítear na horduithe imscrúdaitheacha a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(e)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh, nó chun iarraidh ar an údarás breithiúnach inniúil ina mBallstát é sin a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint.

A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí maidir le sásamh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha.

3.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin rialachán seo a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, i gcás ina bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun sárú a scor ídithe, agus nach bhfuil an sárú leigheasta fós nó ina bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus ina mbeidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí fheidhmiú cumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta:

(a)

a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh;

(b)

i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go leordhóthanach, nach bhfuil an sárú leigheasta nó go bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil a Bhallstáit ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh.

Iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn sé ar iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 82, sula gcuirfidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo isteach, ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 2 sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag sainaithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. Beidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe beartaithe agus aon tríú páirtí eile a léiríonn leas dlisteanach i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil. Beidh aon bheart a ordófar comhréireach le cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, gan a bheith ag cur isteach go míchuí ar rochtain na bhfaighteoirí ar fhaisnéis dhleathach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann.

Beidh an srian ar rochtain i bhfeidhm go ceann tréimhse 4 seachtaine, faoi réir na féidearthachta don údarás breithiúnach inniúil, cead a thabhairt ina ordú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha síneadh a chur leis an tréimhse sin le haghaidh tréimhsí breise den fhad céanna, faoi réir uasmhéid síntí a shocróidh an t-údarás breithiúnach sin. Ní chuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteach síneadh leis an tréimhse ach amháin i gcás ina measann sé, ag féachaint do chearta agus leasanna na bpáirtithe uile a ndéanfadh an srian sin difear dóibh agus do na himthosca uile, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe agus aon tríú páirtí a léirigh leas dlisteanach a chur ar fáil dó, gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

mhainnigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú;

(b)

ní chuireann an srian sealadach srian míchuí ar an rochtain atá ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis dhleathach, ag féachaint don líon faighteoirí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus cibé an bhfuil aon roghanna malartacha atá sásúil agus inrochtana go héasca ann.

I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír ach nach féidir leis síneadh eile a chur leis an tréimhse de bhun an tríú fomhír, cuirfidh sé iarraidh nua isteach chuig an údarás breithiúnach inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

4.   Beidh na cumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do Roinn 3.

5.   Beidh na bearta a ghlacfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ag féachaint do, go háirithe, chineál, tromchúis, atarlú agus fad an neamhchomhlíonta nó an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta lena mbaineann na bearta sin, chomh maith le hacmhainneacht eacnamaíoch, theicniúil agus oibríochtúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann i gcás inarb ábhartha.

6.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon fheidhmiú de na cumhachtaí sin faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.

Airteagal 52

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoina n-inniúlacht ar an rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le hAirteagal 51.

2.   Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bhfíneálacha a d’fhéadfaí a fhorchur i gcás mainneachtain oibleagáid a leagtar síos sa rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % de láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 1 % d’ioncam ná láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó an duine lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin uasmhéid na fíneála a d’fhéadfaí a fhorchur as siocair faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ná mainneachtain freagra a thabhairt ar fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach ná í a cheartú agus mainneachtain géilleadh do chigireacht.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é uasmhéid íocaíochta pionósaí tréimhsiúla 5 % de mheánláimhdeachas domhanda nó ioncam laethúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena mbaineann.

Airteagal 53

Ceart chun gearán a thaisceadh

Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse, agus ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas atá faoi shainordú na cearta a thugtar leis an rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ina líomhnófar sárú ar an rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil faighteoir na seirbhíse lonnaithe nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, agus i gcás ina meastar gurb iomchuí, beidh tuairim ag gabháil leis. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina Bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. Le linn na n-imeachtaí sin, beidh sé de cheart ag an dá pháirtí éisteacht a fháil agus faisnéis iomchuí a fháil faoi stádas an ghearáin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 54

Cúiteamh

Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse cúiteamh a lorg, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, i leith aon damáiste a rinneadh nó aon chaillteanas a tharla toisc gur sháraigh na soláthraithe sin a n-oibleagáidí faoin rialachán seo.

Airteagal 55

Tuarascálacha gníomhaíochta

1.   Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascálacha bliantúla suas ar a ngníomhaíochtaí faoin rialachán seo, lena n-áirítear líon na ngearán a fhaightear de bhun Airteagal 53 agus forléargas ar a gcuid oibre leanúnaí. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na tuarascálacha bliantúla ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise de bhun Airteagal 84, agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus don Bhord iad.

2.   Áireofar faisnéis faoin méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:

(a)

líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de Bhallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 a sholáthar;

(b)

cur chun feidhme na n-orduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 9 agus 10.

3.   I gcás inar ainmnigh Ballstát roinnt údaráis inniúla de bhun Airteagal 49, áiritheoidh sé go dtarraingeoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil amháin suas a chumhdaíonn gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil uile agus go bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an fhaisnéis agus an tacaíocht uile is gá chuige sin ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

ROINN 2

Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

Airteagal 56

Inniúlachtaí

1.   Beidh cumhachtaí eisiacha chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh aran Rialacháin seo ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, seachas na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de Chaibidil III.

3.   Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an rialachán seo, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III de, in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

4.   I gcás nár thionscain an Coimisiún imeachtaí mar gheall ar an sárú céanna, beidh na cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialacháin seo agus iad a fhorfheidmiú i leith na soláthraithe sin, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III.

5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún maoirseacht ar fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmeoidh siad iad i ndlúthchomhar le chéile.

6.   I gcás soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas, beidh cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil bunaithe nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, chun na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

7.   I gcás ina dteipeann ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh cumhachtaí ag gach Ballstát agus, i gcás soláthraí ardán an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne, ag an gCoimisiún maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Choimisiún agus áiritheoidh sé go n-urramófar na coimircí is infheidhme a thugtar faoin gCairt, go háirithe chun nach ngearrfar pionós i gcás an iompair chéanna níos mó ná aon uair amháin as sárú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, cuirfidh sé an rún sin in iúl do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir. Tar éis dóibh fógra a fháil de bhun na míre seo, ní thionscnóidh Ballstáit eile imeachtaí maidir leis an sárú céanna leis an sárú dá dtagraítear san fhógra.

Airteagal 57

Cúnamh frithpháirteach

1.   Comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún go dlúth le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil. Áireofar leis an gcúnamh frithpháirteach, go háirithe, malartú faisnéise i gcomhréir leis an Airteagal seo agus dualgas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir sa tír cinn scríbe, an Bord agus an Coimisiún a chur ar an eolas gur cuireadh tús le himscrúdú agus go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, lena n-áirítear a mheasúnú, maidir le soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha.

2.   Chun críche imscrúdaithe, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile faisnéis shonrach atá ina seilbh a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha nó a gcumhachtaí imscrúdaithe de bhun Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le faisnéis shonrach atá lonnaithe ina mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh páirt a thabhairt d’údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit atá i gceist.

3.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh de bhun mhír 2 an iarraidh sin a chomhlíonadh agus cuirfidh sé an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ar an eolas faoin mbeart a rinneadh, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dó é a fháil, seachas sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl raon feidhme nó ábhar na hiarrata sonraithe go leordhóthanach, ní leor an t-údar cuí atá leis nó níl sé sách comhréireach i bhfianaise na gcríoch imscrúdaitheach; nó

(b)

níl an fhaisnéis a iarradh i seilbh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha iarrtha ná i seilbh údaráis inniúil eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit sin ná níl rochtain acu ar an bhfaisnéis sin; nó

(c)

ní féidir an iarraidh a chomhlíonadh gan dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a shárú.

Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh údar cuí lena dhiúltú trí fhreagra réasúnaithe a chur isteach, laistigh den tréimhse a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Airteagal 58

Comhar trasteorann idir na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, i gcás ina bhfuil cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i dtír cinn scríbe a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhíse idirghabhálaí an rialachán seo ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, arna iarraidh sin do thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad sa tír cinn scríbe a bhfuil cúiseanna acu amhras a bheith orthu go ndearna soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha sárú ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 1 nó 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, amhrasach gur sháraigh an soláthraí an rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe a líomhnaíodh;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a bailíodh ar a thionscnamh féin nó moltaí chun bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta eatramhacha.

4.   Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lánaird ar an iarraidh de bhun mhíreanna 1 nó 2 den Airteagal seo. I gcás ina measann sé nach bhfuil go leor faisnéise aige chun gníomhú de réir na hiarrata agus ina bhfuil cúiseanna aige a mheas go bhféadfadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faisnéis den sórt sin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 57 nó, de rogha air sin, féadfaidh sé imscrúdú comhpháirteach a sheoladh de bhun Airteagal 60(1) ina mbeidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach ar a laghad rannpháirteach. Cuirfear an tréimhse a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil nó go dtí go ndiúltófar don chuireadh páirt a ghlacadh san imscrúdú comhpháirteach.

5.   Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 mhí ón iarraidh a fháil de bhun mhír 1 nó 2, an measúnú ar an sárú amhrasta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, agus don Bhord, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 59

Tarchur chuig an gCoimisiún

1.   In éagmais teachtaireachta laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 58(5), i gcás nach n-aontaíonn an Bord leis an measúnú nó leis na bearta a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 60(3), féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus an fhaisnéis ábhartha ar fad á soláthar. Áireofar leis an bhfaisnéis ar a laghad an iarraidh nó an moladh a seoladh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an measúnú ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin, na cúiseanna atá leis an easaontas agus aon fhaisnéis bhreise chun tacú leis an tarchur.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ábhar laistigh de 2 mhí tar éis tharchur an ábhair de bhun mhír 1, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún, de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach leor an measúnú nó na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú nó nach bhfuil siad i gcomhréir ar bhealach eile leis an rialachán seo, cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord agus iarrfaidh sé ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-ábhar a athbhreithniú.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairimí an Choimisiúin agus ar an iarraidh ar athbhreithniú ón gCoimisiún. Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach nó an Bord a rinne gníomhaíocht de bhun Airteagal 58(1) nó (2) ar an eolas faoi na bearta a rinneadh laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin ar athbhreithniú.

Airteagal 60

Imscrúduithe comhpháirteacha

1.   Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta imscrúduithe comhpháirteacha a sheoladh agus a stiúradh agus Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha amháin nó níos mó lena mbaineann rannpháirteach iontu:

(a)

ar a thionscnamh féin, chun imscrúdú a dhéanamh ar shárú ar an rialachán seo a líomhnaíodh a rinne soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha i roinnt Ballstát; nó

(b)

ar mholadh a fháil ón mBord, ag gníomhú dó ar iarraidh ó thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad, a líomhnaíonn go bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna soláthraí áirithe seirbhísí idirghabhálacha sárú a dhéanann difear d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit.

2.   Aon Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chruthaíonn go bhfuil leas dlisteanach aige i bpáirt a ghlacadh in imscrúdú comhpháirteach de bhun mhír 1, féadfaidh sé a iarraidh é sin a dhéanamh. Tabharfar an t-imscrúdú comhpháirteach i gcrích laistigh de thrí mhí óna sheoladh, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt i measc na rannpháirtithe.

Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a réamhsheasamh maidir leis an sárú a líomhnaíodh in iúl tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis dheireadh an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfear san áireamh sa réamhsheasamh tuairimí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir atá rannpháirteach san imscrúdú comhpháirteach. I gcás inarb infheidhme, leagfar amach sa réamhsheasamh sin freisin na bearta forfheidhmithe atá beartaithe.

3.   Féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 59 sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl a réamhsheasamh curtha in iúl ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta laistigh den sprioc-am a leagtar amach i mír 2;

(b)

easaontaíonn an Bord go substaintiúil leis an réamhsheasamh a chuir an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta in iúl; nó

(c)

níor thosaigh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-imscrúdú comhpháirteach go pras tar éis an moladh a fháil ón mBord de bhun phointe (b) de mhír 1.

4.   Agus an t-imscrúdú comhpháirteach á dhéanamh acu, oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha atá rannpháirteach i gcomhar le chéile de mheon macánta, agus aird á tabhairt acu, i gcás inarb infheidhme, ar thásca an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus ar an moladh ón mBord. Beidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe a ghlacann páirt san imscrúdú comhpháirteach i dteideal, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó tar éis dóibh dul i gcomhairle leis, a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i leith na soláthraithe seirbhísí idirghabhála lena mbaineann an sárú a líomhnaíodh, maidir le faisnéis agus áitribh atá suite laistigh dá gcríoch.

ROINN 3

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

Airteagal 61

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

1.   Bunaítear grúpa comhairleach neamhspleách de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha dar teideal “An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha” (“An Bord’).

2.   Tabharfaidh an Bord comhairle do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Choimisiún i gcomhréir leis an rialachán chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

cur le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus comhar éifeachtach na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Choimisiúin i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an rialachán seo;

(b)

comhordú agus cur le treoirlínte agus anailís an Choimisiúin agus na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údarás inniúil eile maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an rialachán seo;

(c)

cúnamh a thabhairt do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Choimisiún maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ardáin an-mhór ar líne.

Airteagal 62

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. Má mhainníonn Ballstát amháin nó níos mó Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a ainmniú, ní chuirfidh sé sin cosc ar an mBord a chúramaí a fheidhmiú faoin rialachán seo. I gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir lena chuid rialacha nós imeachta. Nuair a iarrfar ar an mBord moladh a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur ar fáil láithreach do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a leagtar amach in Airteagal 85.

3.   Beidh aon vóta amháin ag gach Ballstát. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún.

Glacfaidh an Bord a chuid gníomhartha trí thromlach simplí. Maidir leis an moladh dá dtagraítear in Airteagal 36(1), an chéad fhomhír, déanfaidh an Bord an vótáil laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Chathaoirleach an Bhoird.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

5.   Féadfaidh an Bord a iarraidh ar shaineolaithe agus ar bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe, agus féadfaidh sé comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí.

6.   Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé torthaí comhairliúchán den sórt sin ar fáil go poiblí.

7.   Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta, i ndiaidh toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 63

Cúraimí an Bhoird

1.   I gcás inar gá chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 61(2) a chomhlíonadh, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tacóidh sé le comhordú na n-imscrúduithe comhpháirteacha;

(b)

tacóidh sé leis na húdaráis inniúla anailís a dhéanamh ar thuarascálacha agus ar thorthaí iniúchtaí a dhéanann ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne a bheidh le tarchur de bhun an Rialacháin seo;

(c)

déanfaidh sé tuairimí, moltaí nó comhairle a eisiúint chuig Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i gcomhréir leis an rialachán seo, agus an tsaoirse chun seirbhísí na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a sholáthar á cur san áireamh go háirithe;

(d)

tabharfaidh sé comhairle don Choimisiún maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 66, agus glacfaidh sé tuairimí a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne i gcomhréir leis an rialachán seo;

(e)

tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte, tuarascálacha, teimpléad agus cód iompair Eorpach agus cuirfidh chun cinn iad i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha amhail dá bhforáiltear sa rialachán seo, lena n-áirítear trí thuairimí nó moltaí a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hAirteagal 44, mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an rialachán seo.

2.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile nach leanann na tuairimí, iarrataí nó moltaí a dhírítear orthu agus ar ghlac an Bord iad cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear míniú ar na himscrúduithe, na gníomhaíochtaí agus na bearta atá curtha chun feidhme acu, agus iad ag tuairisciú de bhun an Rialacháin seo nó nuair a bhíonn a gcinntí ábhartha á nglacadh, de réir mar is iomchuí.

ROINN 4

Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Airteagal 64

Saineolas agus cumais a fhorbairt

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phearsanra na mBallstát a fháil ar iasacht.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, comhordú ar an measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais i dtaca le hardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne maidir le hábhair a chumhdaítear leis an rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, ar an mBord agus ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu tacú le measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais faoin rialachán seo.

4.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún, go háirithe trína gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoi seach agus trí údaráis inniúla eile i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trína gcuid saineolais agus cumas a chur ar fáil.

Airteagal 65

Oibleagáidí na soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a fhorfheidhmiú

1.   Chun na gcríoch imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos sa rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí imscrúdaithe a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú fiú sula dtionscnóidh sé imeachtaí de bhun Airteagal 66(2). Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar a thionscnamh féin nó tar éis dó iarraidh a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina mbeidh cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne forálacha Roinn 5 de Chaibidil III nó gur sháraigh sé go sistéamach aon cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo ar bhealach a dhéanann difear mór d’fhaighteoirí na seirbhíse ina Bhallstát, féadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, chun an t-ábhar a mheasúnú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne an rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar na fíorais a léiríonn gur de chineál córasach é an sárú amhrasta;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

Airteagal 66

Imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún agus comhar maidir le himscrúdú a dhéanamh

1.   Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 73 agus 74 i leith iompar ábhartha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne a bhfuil amhras ar an gCoimisiún gur sháraigh sé aon cheann de na forálacha a leagtar síos sa rialachán seo.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Bhord tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, agus do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann.

Déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan aon mhoill mhíchuí tar éis iad a bheith curtha ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, aon fhaisnéis atá acu faoin sárú atá i gceist a tharchur chuig an gCoimisiún.

Agus imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar a chumhachtaí chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh faoin rialachán seo de bhun Airteagal 56(4) a bhaint den Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó d’aon údarás inniúil i gcás inarb infheidhme.

3.   Agus a chuid cumhachtaí imscrúdaithe faoin rialachán seo á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht aonair nó tacaíocht chomhpháirteach a iarraidh ar aon Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann an sárú amhrasta, lena n-áirítear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a fuair iarraidh den sórt sin agus, i gcás inar thug an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha páirt dóibh, aon údaráis inniúla eile, i gcomhar go dílis agus go tráthúil leis an gCoimisiún agus beidh siad i dteideal a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne atá i gceist, maidir le faisnéis, daoine agus áitribh atá suite laistigh de chríoch a mBallstáit agus i gcomhréir leis an iarraidh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord faoi fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 67 go 72 chomh maith lena réamhthorthaí dá dtagraítear in Airteagal 79(1). Cuirfidh an Bord a thuairimí ar na réamhthorthaí sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse a leagfar síos de bhun Airteagal 79(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar aon thuairimí ón mBord sa chinneadh uaidh.

Airteagal 69

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.   Tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó de chuid an duine eile lena mbaineann;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann, is cuma cén meán ina stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair sin nó taifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm;

(d)

ceangal a chur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar an duine eile lena mbaineann rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a chleachtais láimhseála sonraí agus a chleachtais ghnó agus na mínithe a tugadh a thaifeadadh nó a dhoiciméadú;

(e)

aon áitreabh a úsáidtear chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó de chuid an duine eile lena mbaineann, chomh maith le leabhair nó taifid eile, a shéalú ar feadh na tréimhse agus a mhéid is gá don chigireacht;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(g)

ceisteanna a chur ar aon ionadaí den chineál sin nó ar aon bhall foirne a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh.

3.   Féadfar cigireachtaí a dhéanamh le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(2), agus ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndéanfar an chigireacht ar a chríoch.

4.   I gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.

5.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún, na hiniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis inniúla eile an Bhallstáit a ndéantar an chigireacht ina chríoch, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a láimhseáil sonraí agus a iompar gnó agus féadfaidh sé ceisteanna a dhíriú ar a phríomhphearsanra.

6   Ceanglaítear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann géilleadh do chigireacht arna hordú trí chinneadh an Choimisiúin. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an t-iniúchadh le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, chomh maith le daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh aige, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó don Choimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcigireacht. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí acu a liostaítear i mír 2.

8.   I gcás ina suífidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún go bhfuil soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, arna iarraidh sin do na hoifigigh nó na daoine tionlacain eile sin agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit, an cúnamh is gá a thabhairt dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta sin, i bhfoirm bearta comhéigneacha arna nglacadh ag an údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, chun gur féidir leo an chigireacht a dhéanamh.

9.   Más gá údarú a fháil le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 8 ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit sin iarratas ar an údarú sin arna iarraidh sin do na hoifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil cás tugtha os a chomhair, go bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear an chigireacht barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus fíorú den sórt sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe, maidir leis na forais atá ag gCoimisiún drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an rialachán seo, agus ar a thromchúisí atá an sárú amhrasta agus ar an mbaint a bhí ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne, soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann leis. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, áfach, amhras a tharraingt ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad an Choimisiúin a éileamh. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 72

Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí

1.   D’fhonn na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo ag soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne agus soláthraithe an innill cuardaigh an-mhór ar líne. Féadfaidh an Coimisiún a ordú dóibh rochtain a thabhairt ar a bhunachair sonraí agus algartaim, agus míniúcháin orthu a thabhairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne gach doiciméad a choinneáil a mheastar is gá chun cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin rialachán seo a mheas.

2.   Féadfar saineolaithe agus iniúchóirí seachtracha neamhspleácha a cheapadh mar chuid de na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1, chomh maith le saineolaithe agus iniúchóirí ó údaráis náisiúnta inniúla le comhaontú an údaráis lena mbaineann, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus chun saineolas nó eolas sonrach a chur ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 75

Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III

1.   Agus cinneadh á ghlacadh aige de bhun Airteagal 73 i ndáil le sárú a bheith déanta ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne ar aon cheann d’fhorálacha Roinn 5 de Chaibidil III, úsáidfidh an Coimisiún an córas maoirseachta feabhsaithe a leagtar síos san Airteagal seo. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh lánaird aige ar aon tuairim ón mBord de bhun an Airteagail seo.

2.   Sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur in iúl, laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar sa chinneadh, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord, ina leagfar amach na bearta riachtanacha atá leordhóthanach chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas. Áireofar sna bearta sin gealltanas go ndéanfar iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 37(3) agus (4) maidir leis na bearta eile a chur chun feidhme, agus sonrófar céannacht na n-iniúchóirí, chomh maith le modheolaíocht agus uainiú an iniúchta agus an obair a dhéanfar ina dhiaidh. Féadfar a áireamh sna bearta freisin, i gcás inarb iomchuí, gealltanas a bheith rannpháirteach i gcód iompair ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 45.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairim faoin bplean gníomhaíochta in iúl don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean gníomhaíochta. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an tuairim sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an leor na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, agus socróidh sé tréimhse réasúnta chun é a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin an gealltanas a d’fhéadfaí a thabhairt go gcloífear le cóid iompair ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Chuige sin, cuirfidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann an tuarascáil iniúchóireachta in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, agus coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a dhéanfar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin le haghaidh faireachán den sórt sin, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

Coinneoidh an Coimisiún an Bord agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an eolas maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar air.

4.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an rialachán seo, go háirithe Airteagal 76(1), pointe (e), agus Airteagal 82(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann aon phlean gníomhaíochta, an tuarascáil iniúchóireachta, na nuashonruithe riachtanacha nó aon fhaisnéis bhreise is gá, laistigh den tréimhse is infheidhme;

(b)

diúltaíonn an Coimisiún don phlean gníomhaíochta atá beartaithe toisc go measann sé nach leor na bearta a leagtar amach ann chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas; nó

(c)

measann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta, aon nuashonruithe nó faisnéis bhreise arna soláthar nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dó, nach leor cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an sárú nó chun é a leigheas.

Airteagal 82

Iarrataí ar shrianta ar rochtain agus comhar le cúirteanna náisiúnta

1.   I gcás ina bhfuiltear tar éis leas a bhaint as gach cumhacht de bhun na Roinne seo chun stop a chur le sárú ar an rialachán seo ach go leanann an sárú ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gníomhú de bhun Airteagal 51(3).

Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 14 lá oibre agus míneoidh sé na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus aithneoidh sé an duine nó na daoine ar a mbeidh siad dírithe.

2.   I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh inniúil dá dtagraítear in Airteagal 51(3). Féadfaidh sé barúlacha ó bhéal a dhéanamh freisin le cead ón údarás breithiúnach atá i gceist.

Díreach chun na críche a chuid barúlacha a ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás breithiúnach sin aon doiciméid atá riachtanach le haghaidh mheasúnú an cháis a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

3.   I gcás ina dtabharfaidh cúirt náisiúnta breithiúnas maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin rialachán seo, ní ghlacfaidh an chúirt náisiúnta sin aon chinneadh a bheidh ar neamhréir leis an gcinneadh sin ón gCoimisiúin. Seachnóidh na cúirteanna náisiúnta cinntí a d’fhéadfadh a bheithe ar neamhréir le cinneadh atá á mheas ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige faoin rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh cúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a cuid imeachtaí. Ní dochar é sin d’Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 85

Córas comhroinnte faisnéise

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas comhroinnte faisnéise atá iontaofa agus slán a bhunú agus a choimeád ar bun chun tacú le cumarsáid idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Coimisiún agus an Bord. Féadfar rochtain ar an gcóras sin a thabhairt d’údaráis inniúla eile, i gcás inar gá, chun na cúraimí a chuirtear orthu i gcomhréir leis an rialachán seo a chur i gcrích.

2.   Úsáidfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Coimisiún agus an Bord an córas comhroinnte faisnéise le haghaidh gach cumarsáide de bhun an Rialacháin seo.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus oibríochta maidir le feidhmiú an chórais comhroinnte faisnéise agus a idir-inoibritheacht le córais ábhartha eile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 86

Ionadaíocht

1.   Gan dochar do Threoir (AE) 2020/1828 nó d’aon chineál ionadaíochta eile faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart, ar a laghad, ag faighteoirí seirbhísí idirghabhálacha sainordú a thabhairt do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas na cearta a thugtar leis an rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht, eagraíocht nó comhlachas gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

feidhmíonn sé nó sí ar bhonn neamhbhrabúis;

(b)

bunaíodh é nó í go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(c)

tá leas dlisteanach i dtaca lena áirithiú go gcomhlíonfar an rialachán seo i measc a chuspóirí reachtúla.

2.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin arna gcur isteach ag comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo thar cheann fhaighteoirí na seirbhíse trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a phróiseáil agus a chinneadh ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.

ROINN 6

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 88

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“an Coiste Seirbhísí Digiteacha”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 89

Leasuithe ar Threoir 2000/31/CE

1.   Scriostar Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31/CE.

2.   Déanfar tagairtí d’Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31/CE a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagail 4, 5, 6 agus 8 den rialachán seo, faoi seach.

Airteagal 90

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(68)

rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).”.

Airteagal 91

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.

Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de Chaibidil III den rialachán seo;

(b)

an bealach ina idirghníomhaíonn an rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).

2.   Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:

(a)

cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(b)

rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;

(d)

raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;

(e)

éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;

(f)

an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.

5.   Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.

6.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.

7.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.

Airteagal 92

An cur i bhfeidhm a bhfuil coinne leis maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar line agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Beidh feidhm ag an rialachán seo maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú de bhun Airteagal 33(4) ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 33(6) i gcás ina bhfuil an dáta sin níos luaithe ná an 17 Feabhra 2024.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an rialachán seo ón 17 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de Chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).



whereas









keyboard_arrow_down