search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 12 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 61

 

Airteagal 12

Pointí teagmhala d’fhaighteoirí na seirbhíse

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar chumas fhaighteoirí na seirbhíse cumarsáid a dhéanamh leo go díreach agus go tapa, trí mhodhanna leictreonacha agus ar bhealach soláimhsithe, lena n-áirítear trí chead a thabhairt d’fhaighteoirí na seirbhíse na modhanna cumarsáide a roghnú, nach mbeidh ag brath ar uirlisí uathoibrithe amháin.

2.   I dteannta na n-oibleagáidíbhforáiltear faoi Threoir 2000/31/CE, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.


whereas









keyboard_arrow_down