search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 17 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 185

 

Airteagal 17

Ráiteas ar chúiseanna

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála ráiteas soiléir sonrach ar chúiseanna ar fáil d’aon fhaighteoir de chuid na seirbhíse dá ndéantar difear le haghaidh aon cheann de na srianta seo a leanas arna bhforchur ar an bhforas gur ábhar mídhleathach í an fhaisnéis arna cur ar fáil ag faighteoir na seirbhíse nó go bhfuil sé neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha:

(a)

aon srianta ar infheictheacht míreanna sonracha faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear inneachar a bhaint anuas, rochtain ar inneachar a dhíchumasú, nó ísliú céime a thabhairt d’inneachar;

(b)

íocaíochtaí airgeadaíochta a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile;

(c)

soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt;

(d)

cuntas fhaighteoir na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás gurb eol don soláthraí na sonraí teagmhála leictreonacha ábhartha. Beidh feidhm aige ón dáta a fhorchuirfear an srian, is cuma cén fáth nó cén chaoi ar forchuireadh é.

bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inarb inneachar tráchtála, ardéilimh, meabhlach atá san fhaisnéis.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráiteas ar chúiseannadtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis maidir le cibé acu an mbaineann an cinneadh leis an bhfaisnéis a bhaint nó, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú, ísliú céime a thabhairt don fhaisnéis, nó an léargas ar an bhfaisnéis a shrianadh íocaíochtaí airgid a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó bearta eile dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur i leith na faisnéise, agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach an chinnidh agus an fad a bhaineann leis;

(b)

na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an cinneadh á dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cibé an ndearnadh an cinneadh de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar bunaíodh í ar imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus, i gcás inar fíorghá sin, céannacht an fhógróra;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibrithe chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé ar glacadh leis an gcinneadh i leith inneachar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibrithe;

(d)

i gcás ina mbaineann an cinneadh le hinneachar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina hinneachar neamhdhleathach ar an bhforas sin;

(e)

i gcás ina bhfuil an cinneadh bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha sholáthraí na seirbhísí óstála, tagairt don fhoras conarthach ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ar neamhréir leis an bhforas sin;

(f)

faisnéis shoiléir sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe, i gcás inarb ábhartha trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach.

4.   Beidh an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Airteagal seo soiléir agus intuigthe agus chomh beacht agus chomh sonrach agus is féidir go réasúnach sna himthosca reatha. Beidh an fhaisnéis amhlaidh, go háirithe, ionas go gceadóidh sí go réasúnach d’fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann na féidearthachtaí maidir le sásamhdtagraítear i mír 3, pointe (f), a fheidhmiú go héifeachtach.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon orduithe dá dtagraítear in Airteagal 9.


whereas









keyboard_arrow_down