search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 39 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 171

 

Airteagal 39

Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne

1.   Tiomsóidh soláthraithe ardán an-mhór ar línesoláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a thaispeánann fógráin ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéisdtagraítear i mír 2 agus déanfaidh siad an stór sin a chur ar fáil go poiblí ar roinn ar leith dá gcomhéadan ar líne, trí uirlis inchuardaithe agus iontaofa lena gceadaítear ceisteanna ilchritéir agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, ar feadh na tréimhse iomláine a gcuireann siad fógrán ar taispeáint lena linn agus go ceann bliana tar éis an dáta a cuireadh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne. Áiritheoidh siad nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar taispeánadh an fógrán dóibh nó a bhféadfadh sé gur taispeánadh an fógrán dóibh sa stór, agus déanfaidh siad iarrachtaí réasúnta a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus iomlán.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa stór:

(a)

inneachar an fhógráin, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus ábhar an fhógráin;

(b)

an duine nádúrthadlítheanach a bhfuil an fógra á chur ar taispeáint thar a cheann;

(c)

an duine nádúrthadlítheanach a d’íoc as an bhfógrán, murab ionann an duine sin agus an duinedtagraítear i bpointe (b);

(d)

an tréimhse inar cuireadh an fógrán ar taispeáint;

(e)

cibé a bhínach raibh sé mar rún an fógrán a thaispeáint go sonrach do ghrúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse nó do níos mó ná grúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse agusbhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun grúpa amháinníos mó de na grúpaí áirithe sin a eisiamh;

(f)

na teachtaireachtaí tráchtála arna bhfoilsiú ar na hardáin an-mhór ar líne agus arna sainaithint de bhun Airteagal 26(2);

(g)

an líon iomlán d’fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhreacha comhiomlána, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar ar díríodh an fógrán go sonrach.

3.   A mhéid a bhaineann le mír 2, pointí (a), (b) agus (c), i gcás ina bhfuil soláthraí ardáin an-mhór ar línesoláthraí innill cuardaigh an-mhór ar line tar éis fógrán ar leith a bhaint nó rochtain air a dhíchumasú, ar fógrán é atá bunaithe ar neamhdhleathacht nó ar neamhréir líomhnaithe lena théarmaí agus lena choinníollacha, ní áireofar an fhaisnéisdtagraítear sna pointí sin sa stór lárnach. I gcás den sórt sin, don fhógrán sonrach lena mbaineann, déanfar an fhaisnéisdtagraítear, in Airteagal 17(2), pointí (a) go (e), nó in Airteagal 9(2), pointe(a)(i), de réir mar is infheidhme, a áireamh sa stór.

Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, na taighdeoirí grinnfhiosraithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 40 agus an pobal, treoirlínte a eisiúint maidir le struchtúr, eagrú agus feidhmiúlachtaí na stórtha dá dtagraítear san Airteagal seo.


whereas









keyboard_arrow_down