search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 48 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 207

 

Airteagal 48

Prótacail ghéarchéime

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún go dtionscnófaí tarraingt suas prótacal géarchéime deonach, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime. Beidh na cásanna sin teoranta go docht d’imthosca urghnácha a dhéanfaidh difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún soláthraithe ardán an-mhór ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, soláthraithe ardán eile ar líneinneall chuardaigh eile ar líne, a spreagadh agus a éascú chun bheith rannpháirteach i dtarraingt suas, tástáil agus cur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime sin. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas mar chuid de na prótacail ghéarchéime sin:

(a)

faisnéis arna soláthar ag údaráis na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais nó, ag brath ar chomhthéacs na géarchéime, ag comhlachtaí iontaofa ábhartha eile, a chur ar taispeáint go follasach maidir leis an gcás géarchéime;

(b)

a áirithiú go n-ainmneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála sonrach do bhainistiú géarchéime; i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh gurbh é an pointe teagmhála leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 an pointe teagmhála sin nó, i gcás soláthraithe ardán an-mhór ar líneinneall cuardaigh an-mhór ar líne, d’fhéadfadh sé gurbh é an t-oifigeach comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 41 an pointe teagmhála;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní atá tiomnaithe do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 20, 22, 23 agus 35 a oiriúnú do na riachtanais a eascraíonn as an gcás géarchéime.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, údaráis na mBallstát a tharraingt isteach agus féadfaidh sé comhlachtaí an Aontais, oifigí agus gníomhaireachtaí a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas, a thástáil agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas.

4.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go leagtar gach ceann de na nithe seo a leanas amach go soiléir sna prótacail ghéarchéime:

(a)

na paraiméadair shonracha chun cinneadh a dhéanamh cad iad na himthosca urghnácha sonracha iontu a fhéachtar le dul i ngleic leo sa phrótacal géarchéime agus na cuspóirí a shaothraíonn sé;

(b)

ról gach rannpháirtí agus na bearta a chuirfidh siad i bhfeidhm mar ullmhúchán agus a luaithe agus a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(c)

nós imeachta soiléir lena chinneadh cathain a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(d)

nós imeachta soiléir chun an tréimhse ina nglacfar na bearta atá le déanamh a chinneadh a luaithe agus a chuirtear an prótacal i ngníomh, agus iad teoranta go docht dóibh siúd is gá chun dul i ngleic leis na himthosca sonracha urghnácha lena mbaineann;

(e)

coimircí chun dul i ngleic le haon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach a chumhdaítear sa Chairt, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe;

(f)

próiseas chun aon bhearta a rinneadh, an fad agus na torthaí a bhí leo, a thuairisciú go poiblí tráth a dtagann deireadh leis an gcás géarchéime.

5.   Má mheasann an Coimisiún go mainníonn prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, nó go mainníonn prótacal géarchéime feidhmiú na gceart bunúsachdtagraítear i mír 4, pointe (e), a chosaint, iarrfaidh sé ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

ROINN 1

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta


whereas









keyboard_arrow_down