keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 37 Iniúchóireacht neamhspleách
- 9 Airteagal 48 Prótacail ghéarchéime
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 54
- chun 27
- an-mhór 24
- líne 17
- géarchéime 17
- leis 15
- gcás 13
- soláthraithe 12
- cuardaigh 12
- chur 11
- siad 11
- iniúchóireachta 10
- atá 9
- line 9
- lena 9
- inneall 9
- ardán 8
- tuarascáil 8
- dtagraítear 8
- feidhme 7
- sholáthraí 7
- soláthraí 7
- airteagal 7
- iniúchadh 7
- dhéanamh 7
- bhun 7
- tréimhse 6
- mbaineann 6
- pointe 6
- amach 6
- prótacal 6
- nach 6
- beidh 6
- eile 5
- seirbhísí 5
- iniúchta 5
- iomchuí 5
- teagmhála 5
- bearta 5
- ngleic 5
- prótacail 5
- tharraingt 5
- hiniúchtaí 5
- sonracha 5
- leanas 5
- coimisiún 4
- ábhartha 4
- trí 4
- bhearta 4
- suas 4
Airteagal 37
Iniúchóireacht neamhspleách
1. Beidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchtaí neamhspleácha chun comhlíonadh na nithe seo a leanas a mheas:
(a) | na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III; |
(b) | aon ghealltanais a glacadh de bhun na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 agus na bprótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48. |
2. Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line an comhar agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh siad in ann na hiniúchtaí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus tráthúil, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí agus ar na háitribh ábhartha uile agus trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a fhreagairt. Staonfaidh siad ó bhac a chur ar fheidhmíocht na hiniúchóireachta, ó thionchar míchuí a imirt uirthi nó ón mbonn a bhaint uaithi.
Áiritheoidh iniúchtaí den sórt sin rúndacht leormhaith agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis arna fáil ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus ó thríú páirtithe i gcomhthéacs na n-iniúchtaí, lena n-áirítear tar éis fhoirceannadh na n-iniúchtaí. Ní dhéanfaidh comhlíonadh an cheanglais sin dochar d’fheidhmiú na n-iniúchtaí ná d’fhorálacha eile an Rialacháin seo, áfach, go háirithe na forálacha a bhaineann le trédhearcacht, maoirseacht agus forfheidhmiú. I gcás inar gá chun críche tuairiscithe trédhearcachta de bhun Airteagal 42(4), beidh leaganacha nach bhfuil aon fhaisnéis iontu a mheas go réasúnta gur faisnéis rúnda í ag gabhail leis an tuarascáil iniúchóireachta agus an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal.
3. Maidir leis na hiniúchtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad:
(a) | tá siad neamhspleách ar sholáthraí -ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus ar aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin, agus níl coinbhleachtaí leasa acu leo; go háirithe:
|
(b) | tá saineolas cruthaithe i réimse na bainistíochta riosca agus inniúlacht agus cumais theicniúla acu; |
(c) | tá oibiachtúlacht agus eitic ghairmiúil cruthaithe acu, bunaithe go háirithe ar chóid chleachtais nó ar chaighdeáin iomchuí a chomhlíonadh. |
4. Áiritheoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line gurb iad na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchta. Beidh bunús, i scríbhinn, leis an tuarascáil sin agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad inti:
(a) | ainm, seoladh agus pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line atá faoi réir an iniúchta agus an tréimhse a chumhdaítear; |
(b) | ainm agus seoladh na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí atá ag tabhairt faoin iniúchadh; |
(c) | dearbhú leasanna; |
(d) | tuairisc ar na gnéithe sonracha ar a ndearnadh iniúchadh, agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm; |
(e) | tuairisc agus achoimre ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchadh; |
(f) | liosta de na tríú páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den iniúchadh; |
(g) | tuairim iniúchóireachta ar cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann na hoibleagáidí agus na gealltanais dá dtagraítear i mír 1, eadhon “tuairim dhearfach”, “tuairim dhearfach le barúlacha” nó “tuairim dhiúltach”; |
(h) | i gcás nach bhfuil an tuairim iniúchóireachta “dearfach”, moltaí oibríochtúla ar bhearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach agus an tréimhse ama a mholtar chun comhlíontacht a bhaint amach. |
5. I gcás nach raibh an eagraíocht a dhéanann an t-iniúchadh in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe sonracha áirithe ná tuairim iniúchóireachta a chur in iúl bunaithe ar a himscrúduithe, beidh míniú sa tuarascáil iniúchóireachta ar na himthosca agus na cúiseanna nach bhféadfaí na gnéithe sin a iniúchadh.
6. Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a fhaigheann tuarascáil iniúchóireachta nach bhfuil dearfach aird chuí ar na moltaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta ina leagfar na bearta sin amach. I gcás nach gcuirfidh siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, tabharfaidh siad údar leis na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme sa tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta agus le haon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is gá a leagan síos chun na hiniúchtaí a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, go háirithe maidir leis na rialacha is gá i ndáil leis na céimeanna nós imeachta, na modheolaíochtaí iniúchóireachta agus na teimpléid tuairiscithe le haghaidh na n-iniúchtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo. Cuirfear san áireamh aon chaighdeáin iniúchóireachta dheonacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (e), sna gníomhartha tarmligthe sin.
Airteagal 48
Prótacail ghéarchéime
1. Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún go dtionscnófaí tarraingt suas prótacal géarchéime deonach, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime. Beidh na cásanna sin teoranta go docht d’imthosca urghnácha a dhéanfaidh difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí.
2. Déanfaidh an Coimisiún soláthraithe ardán an-mhór ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, soláthraithe ardán eile ar líne nó inneall chuardaigh eile ar líne, a spreagadh agus a éascú chun bheith rannpháirteach i dtarraingt suas, tástáil agus cur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime sin. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas mar chuid de na prótacail ghéarchéime sin:
(a) | faisnéis arna soláthar ag údaráis na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais nó, ag brath ar chomhthéacs na géarchéime, ag comhlachtaí iontaofa ábhartha eile, a chur ar taispeáint go follasach maidir leis an gcás géarchéime; |
(b) | a áirithiú go n-ainmneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála sonrach do bhainistiú géarchéime; i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh gurbh é an pointe teagmhála leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 an pointe teagmhála sin nó, i gcás soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne, d’fhéadfadh sé gurbh é an t-oifigeach comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 41 an pointe teagmhála; |
(c) | i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní atá tiomnaithe do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 20, 22, 23 agus 35 a oiriúnú do na riachtanais a eascraíonn as an gcás géarchéime. |
3. Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, údaráis na mBallstát a tharraingt isteach agus féadfaidh sé comhlachtaí an Aontais, oifigí agus gníomhaireachtaí a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas, a thástáil agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas.
4. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go leagtar gach ceann de na nithe seo a leanas amach go soiléir sna prótacail ghéarchéime:
(a) | na paraiméadair shonracha chun cinneadh a dhéanamh cad iad na himthosca urghnácha sonracha iontu a fhéachtar le dul i ngleic leo sa phrótacal géarchéime agus na cuspóirí a shaothraíonn sé; |
(b) | ról gach rannpháirtí agus na bearta a chuirfidh siad i bhfeidhm mar ullmhúchán agus a luaithe agus a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh; |
(c) | nós imeachta soiléir lena chinneadh cathain a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh; |
(d) | nós imeachta soiléir chun an tréimhse ina nglacfar na bearta atá le déanamh a chinneadh a luaithe agus a chuirtear an prótacal i ngníomh, agus iad teoranta go docht dóibh siúd is gá chun dul i ngleic leis na himthosca sonracha urghnácha lena mbaineann; |
(e) | coimircí chun dul i ngleic le haon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach a chumhdaítear sa Chairt, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe; |
(f) | próiseas chun aon bhearta a rinneadh, an fad agus na torthaí a bhí leo, a thuairisciú go poiblí tráth a dtagann deireadh leis an gcás géarchéime. |
5. Má mheasann an Coimisiún go mainníonn prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, nó go mainníonn prótacal géarchéime feidhmiú na gceart bunúsach dá dtagraítear i mír 4, pointe (e), a chosaint, iarrfaidh sé ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh.
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
whereas