search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'aontais' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index aontais:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas aontais:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1853

 

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna dtairiscint d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe ann, gan beann ar an áit a bhfuil áit bhunaíochta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an Rialachán seo, go háirithe:

(a)

Treoir 2010/13/AE;

(b)

Dlí an aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(c)

Rialachán (AE) 2021/784;

(d)

Rialachán (AE) 2019/1148;

(e)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(f)

Dlí an aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;

(g)

Dlí an aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE;

(h)

Dlí an aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;

(i)

Dlí an aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;

(j)

Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(b)

ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana;

(c)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(d)

ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san Aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an Aontas a úsáid;

(e)

ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an Aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an Aontas, nasc a thagann as a bhunú san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

líon suntasach fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó de réir a dhaonra nó a ndaonra; nó

gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin;

(g)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:

(i)

seirbhís “cainéal fórach” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide;

(ii)

seirbhís “taiscthe” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla;

(iii)

seirbhís “óstála” arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin don fhaighteoir sin;

(h)

ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin;

(i)

ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo;

(j)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh;

(k)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(l)

ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE;

(m)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(n)

ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe;

(o)

ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil;

(p)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne;

(q)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne;

(r)

ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn;

(s)

ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh;

(t)

ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí;

(u)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí;

(v)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(w)

ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE;

(x)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle.

CAIBIDIL II

DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

Airteagal 7

Imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus comhlíonadh dlí

Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 toisc, de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach, go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó go ndéanann siad bearta eile atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an inneachar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dhlí an aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an aontais, lena n-áirítear na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus dá thoisc sin amháin.

Airteagal 9

Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach

1.   Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an chúis arb inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt do cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha sonracha dhlí an aontais nó an dlí náisiúnta a sáraíodh i gcomhréir le dlí an aontais;

(iii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iv)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint agus a aimsiú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise;

(v)

faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le cé acu údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach;

(c)

déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

Airteagal 10

Orduithe chun faisnéis a sholáthar

1.   Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iii)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an faighteoir sonrach nó na faighteoirí sonracha a bhfuil faisnéis á lorg ina leith a shainaithint, amhail ainm cuntais amháin nó níos mó nó aitheantóir uathúil amháin nó níos mó;

(iv)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir dá n-éilítear an fhaisnéis agus an chúis a bhfuil an ceanglas chun an fhaisnéis a sholáthar riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht fhaighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha a chinneadh le dlí is infheidhme de chuid an aontais nó le dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an aontais, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh;

(v)

faisnéis maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht;

(c)

déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

ROINN 1

Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

Airteagal 11

Pointí teagmhála d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go díreach, trí mhodhanna leictreonacha, le húdaráis na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord dá dtagraítear in Airteagal 61 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.

3.   Sonróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 teanga nó teangacha oifigiúla na mBallstát, ar féidir iad a úsáid, i dteannta teanga a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó is féidir de shaoránaigh an aontais uirthi, chun cumarsáid a dhéanamh lena bpointe teagmhála, agus ina n-áireofar teanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a phríomh-bhunaíocht ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó san áit ina gcónaíonn a ionadaí dlí nó ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 21

Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

1.   Beidh faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu, a dtugann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) aghaidh orthu, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár a réitíodh trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin.

Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh rochtain éasca ar a gcomhéadan ar líne, ar bhealach soiléir agus soláimhsithe, ar an bhfaisnéis faoi fhéidearthacht fhaighteoirí na seirbhíse rochtain a bheith acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tá an chéad fhomhír gan dochar do cheart fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh, ag céim ar bith, chun na cinntí sin ó sholáthraithe ardán ar líne a chonspóid os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

2.   Rachaidh an dá pháirtí i mbun idirphlé, de mheon macánta, leis an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach.

Féadfaidh soláthraithe ardán ar líne diúltú dul i mbun idirphlé le comhlacht den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, más rud é gur réitíodh cheana díospóid a bhaineann leis an bhfaisnéis chéanna agus leis na forais chéanna maidir le neamhdhleathacht nó neamhréireacht líomhnaithe inneachair.

Ní bheidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt réiteach ceangailteach ar an díospóid a fhorchur ar na páirtithe.

3.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad, a fhéadfar a athnuachan, an comhlacht a dheimhniú, arna iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)

tá sé neamhchlaonta agus neamhspleách, lena n-áirítear neamhspleách ó thaobh airgeadais de, ar sholáthraithe ardán ar líne agus ar fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthar ag soláthraithe ardán ar líne, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu;

(b)

tá an saineolas is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’inneachar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí;

(c)

déantar luach saothair a thabhairt dá chomhaltaí ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;

(d)

tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chuireann sé ar fáil, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne;

(e)

tá sé ábalta díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an aontais ar a laghad;

(f)

déantar an díospóid lasmuigh den chúirt a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí, agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an tAirteagal seo.

Sonróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa deimhniú, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na saincheisteanna ar leith lena mbaineann saineolas an chomhlachta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b); agus

(b)

an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an aontais inar féidir leis an gcomhlacht díospóidí a réiteach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e).

4.   Tabharfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt tuairisc don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh iad, ar bhonn bliantúil, maidir lena bhfeidhmiú, ina sonrófar ar a laghad líon na ndíospóidí a fuair siad, an fhaisnéis faoi thorthaí na ndíospóidí sin, an meán-am a thóg sé chun iad a réiteach agus aon easnaimh nó deacrachtaí a bhí ann. Cuirfidh siad faisnéis bhreise ar fáil arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin.

Gach 2 bhliain, déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu. Sa tuarascáil sin beidh an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

liostófar líon na ndíospóidí a fuair gach comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gach bliain;

(b)

tabharfar léiriú ar thorthaí na nósanna imeachta a tugadh os comhair na gcomhlachtaí sin agus ar an meán-am a thóg sé chun na díospóidí a réiteach;

(c)

saineofar agus míneofar aon easnaimh nó deacrachtaí córasacha nó earnála a tháinig chun cinn maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin;

(d)

saineofar na dea-chleachtais a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin;

(e)

moltaí a dhéanamh maidir le conas an feidhmiú sin a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a gcinntí a chur ar fáil do na páirtithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an gearán a fháil. I gcás díospóidí an-chasta, féadfaidh an comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá rogha féin, an tréimhse 90 lá féilire a shíneadh go gceann tréimhse bhreise nach faide ná 90 lá, a fhágfaidh go mbeidh uastréimhse iomlán 180 lá ann.

5.   Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear duine aonair nó eintiteas a bhfuil fógra tíolactha acu, íocfaidh soláthraí an ardáin ar líne gach táille a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, agus aisíocfaidh sé an faighteoir sin, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, as aon chostais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir i ndáil le réiteach na díospóide. Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar sholáthraí an ardáin ar líne, ní cheanglófar ar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, aon táillí ná costais eile a d’íoc soláthraí an ardáin ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gur ghníomhaigh an faighteoir go follasach de mheon mímhacánta.

Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar na soláthraithe ardán ar líne le haghaidh réiteach díospóidí réasúnta agus in aon chás ní rachaidh siad thar na costais arna dtabhú ag an gcomhlacht. I gcás fhaighteoirí na seirbhíse, beidh an réiteach díospóide ar fáil saor in aisce nó ar tháille ainmniúil.

Cuirfidh comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na táillí, nó na sásraí a úsáideadh chun na táillí a shocrú, in iúl d’fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra tíolactha acu agus do sholáthraí an ardáin ar líne lena mbaineann, sula dtosóidh siad ar réiteach na díospóide.

6.   Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú chun críocha mhír 1 nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí roinnt comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt nó iad ar fad atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcéad fhomhír difear do chumas a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na comhlachtaí lena mbaineann a dheimhniú i gcomhréir le mír 3.

7.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an deimhniú sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh. Sula ndéanfar an deimhniú sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don chomhlacht sin freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún deimhniú an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chúlghairm.

8.   Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin, chomh maith leis na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhfuil a ndeimhniú cúlghairthe acu. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe a mbeidh rochtain éasca air, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta.

9   Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin Treoir sin.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 31

Comhlíonadh trí dhearadh

1.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe ar bhealach a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach, faisnéis maidir le comhlíonadh agus sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme an aontais.

Go háirithe, áiritheoidh an soláthraí lena mbaineann go gcuireann a comhéadain ar líne ar chumas trádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le hainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/1020 agus i ndlí eile de chuid an aontais.

2.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe sa chaoi gur féidir le trádálaithe an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(a)

an fhaisnéis is gá chun na táirgí nó na seirbhísí a chuirtear chun cinn nó a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, trí sheirbhísí na soláthraithe, a shainaithint go soiléir agus gan débhrí;

(b)

aon chomhartha lena sainaithnítear an trádálaí amhail an trádmharc, an tsiombail nó an lógó; agus,

(c)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a bhaineann le lipéadú agus le marcáil i gcomhréir le rialacha dhlí an aontais is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh táirgí.

3.   Maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh siad a ndícheall chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar chuir trádálaithe den sórt sin an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil sula gceadófar dóibh a dtáirgí nó seirbhísí a thairiscint ar na hardáin sin. Tar éis cead a thabhairt don trádálaí táirgí nó seirbhísí a thairiscint ar a ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí iarrachtaí réasúnacha chun seiceáil randamach a dhéanamh in aon bhunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá oifigiúil, inrochtana saor in aisce agus meaisín-inléite ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha.

Airteagal 33

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun mhír 4.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87 chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú, i gcás ina dtagann méadú nó laghdú 5 % ar dhaonra an aontais i gcomparáid lena dhaonra in 2020 nó, ar a dhaonra i ndiaidh leasaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe sa bhliain inar glacadh leis an ngníomh tarmligthe is déanaí. I gcás den sórt sin, leasóidh sé an uimhir go mbeadh sé cothrom le 10 % de dhaonra an aontais sa bhliain inar ghlac sé leis an ngníomh tarmligthe, agus déanfar an méid a shlánú suas nó síos ionas go mbeifear in ann an uimhir a léiriú mar mhilliún.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun líon mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2), chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát bunaíochta nó tar éis dó an fhaisnéis arna soláthar ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chur san áireamh de bhun Airteagal 24(4), glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun críocha an Rialacháin seo an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne ag a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse atá cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2), nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) nó ar bhonn aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar líne Airteagal 24(2) a chomhlíonadh nó iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó iarraidh an Choimisiúin de bhun Airteagal 24(3) a chomhlíonadh cosc ar an gCoimisiún an soláthraí sin a ainmniú mar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun na míre seo.

I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún a chinneadh ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo nó ar bhonn faisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun Airteagal 24(3), tabharfaidh an Coimisiún 10 lá oibre do sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh ar líne lena mbaineann a thuairimí a chur ar fáil ar na réamhthorthaí ón gCoimisiún agus faoina rún an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí arna gcur isteach ag an soláthraí lena mbaineann.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann a thuairimí a chur ar isteach de bhun an tríú fomhír cosc ar an gCoimisiún an t-ardán sin ar líne nó an t-inneall cuardaigh sin ar line a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Foirceannfaidh an Coimisiún an t-ainmniú más rud é, ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh, nach bhfuil meánlíon áirithe faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar line atá cothrom leis an líon dá dtagraítear i mír 1 nó níos airde ná an líon sin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5, gan moill mhíchuí, do sholáthraí an ardáin ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann, don Bhord agus do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne nó mar innill chuardaigh an-mhór ar line in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 45

Cóid Iompair

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair deonach ar leibhéal an aontais chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, ag cur na ndúshlán sonrach a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh agus rioscaí sistéamacha, i gcomhréir le dlí an aontais, san áireamh, go háirithe maidir le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint.

2.   I gcás ina dtagann riosca sistéamach suntasach de réir bhrí Airteagal 34(1) chun cinn agus go mbaineann sé le roinnt ardán an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, féadfaidh am Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus, ar sholáthraithe eile ardán an-mhór ar líne, ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, ardán ar líne agus seirbhísí idirghabhálacha eile, de réir mar is iomchuí, mar aon le húdaráis inniúla ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas na gcód iompair, lena n-áirítear gealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a ghlacadh, chomh maith le gnáthchreat tuairiscithe maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí.

3.   Agus éifeacht á tabhairt do mhíreanna 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord, agus ag comhlachtaí eile i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go leagtar a gcuspóirí sonracha amach go soiléir sna cóid iompair, go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus go dtugtar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, agus go háirithe na saoránach, ar leibhéal an aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairiscíonn rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh, freisin. Déanfar éagsúlachtaí méide agus acmhainneachta idir rannpháirtithe éagsúla a chur san áireamh i bpríomhtháscairí feidhmíochta agus i gceangaltais tuairiscithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord measúnú ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith iontu. Foilseoidh siad a gconclúidí.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord athbhreithniú agus oiriúnú rialta ar na cóid iompair a spreagadh agus a éascú.

I gcás mainneachtain chórasach na cóid iompair a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus an Bord a iarraidh ar shínitheoirí na gcód iompair gníomhú mar is gá.

Airteagal 46

Cóid iompair d’fhógraíocht ar líne

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún tarraingt suas na gcód iompair deonach ar leibhéal an aontais ag soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile, amhail soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fógraíochta ar líne, gníomhaithe eile atá bainteach le luachshlabhra na fógraíochta trí mheán clár ríomhaireachta, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tseirbhís agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha, chun cur le trédhearcacht bhreise do ghníomhaithe i luachshlabhra na fógraíochta ar líne a ghabhann thar cheanglais Airteagail 26 agus 39.

2.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go saothraíonn na cóid iompair tarchur éifeachtach faisnéise, lena dtugtar lánurraim do chearta agus leasanna na bpáirtithe rannpháirteacha, chomh maith le timpeallacht iomaíoch, thrédhearcach agus chothrom le haghaidh fógraíocht ar líne, i gcomhréir le dlí an aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe i ndáil le hiomaíocht agus príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair:

(a)

tarchur faisnéise atá i seilbh soláthraithe idirghabhálacha fógraíochta ar líne chuig faighteoirí na seirbhíse a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26, pointí (b), (c) agus (d);

(b)

tarchur faisnéise atá i seilbh soláthraithe idirghabhálacha fógraíochta ar líne chuig na stóir de bhun Airteagal 39;

(c)

faisnéis fhiúntach maidir le luach airgid a chur ar shonraí.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair faoin 18 Feabhra 2025 agus a gcur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 18 Lúnasa 2025.

4.   Spreagfaidh an Coimisiún na gníomhaithe uile sa luachshlabhra fógraíochta ar líne dá dtagraítear i mír 1 na gealltanais a luaitear sna cóid iompair a fhormhuiniú agus a chomhlíonadh.

Airteagal 47

Cóid iompair d’inrochtaineacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an aontais ina mbeidh soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile rannpháirteach, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhaighteoirí na seirbhíse agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha chun rannpháirtíocht chomhionann iomlán agus éifeachtach a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ar líne a théann i ngleic, trína ndearadh tosaigh nó trína n-oiriúnú ina dhiaidh sin, leis na riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas.

2.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú leis na cóid iompair go saothrófar an cuspóir a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana, i gcomhréir le dlí an aontais agus leis an dlí náisiúnta, chun an úsáid intuartha a bhainfidh daoine faoi mhíchumas astu a uasmhéadú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtéitear i ngleic leis na cuspóirí seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair:

(a)

seirbhísí a dhearadh agus a oiriúnú chun iad a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas trí na seirbhísí a dhéanamh inbhraite, in-oibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(b)

míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

(c)

faisnéis, foirmeacha agus bearta a sholáthraítear de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil ar chaoi ina mbeidh siad éasca a aimsiú, sothuigthe agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair faoin 18 Feabhra 2025 agus a gcur i bhfeidhm faoin 18 Lúnasa 2025.

Airteagal 48

Prótacail ghéarchéime

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún go dtionscnófaí tarraingt suas prótacal géarchéime deonach, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime. Beidh na cásanna sin teoranta go docht d’imthosca urghnácha a dhéanfaidh difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún soláthraithe ardán an-mhór ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, soláthraithe ardán eile ar líne nó inneall chuardaigh eile ar líne, a spreagadh agus a éascú chun bheith rannpháirteach i dtarraingt suas, tástáil agus cur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime sin. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas mar chuid de na prótacail ghéarchéime sin:

(a)

faisnéis arna soláthar ag údaráis na mBallstát nó ar leibhéal an aontais nó, ag brath ar chomhthéacs na géarchéime, ag comhlachtaí iontaofa ábhartha eile, a chur ar taispeáint go follasach maidir leis an gcás géarchéime;

(b)

a áirithiú go n-ainmneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála sonrach do bhainistiú géarchéime; i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh gurbh é an pointe teagmhála leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 an pointe teagmhála sin nó, i gcás soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne, d’fhéadfadh sé gurbh é an t-oifigeach comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 41 an pointe teagmhála;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní atá tiomnaithe do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 20, 22, 23 agus 35 a oiriúnú do na riachtanais a eascraíonn as an gcás géarchéime.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, údaráis na mBallstát a tharraingt isteach agus féadfaidh sé comhlachtaí an aontais, oifigí agus gníomhaireachtaí a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas, a thástáil agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas.

4.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go leagtar gach ceann de na nithe seo a leanas amach go soiléir sna prótacail ghéarchéime:

(a)

na paraiméadair shonracha chun cinneadh a dhéanamh cad iad na himthosca urghnácha sonracha iontu a fhéachtar le dul i ngleic leo sa phrótacal géarchéime agus na cuspóirí a shaothraíonn sé;

(b)

ról gach rannpháirtí agus na bearta a chuirfidh siad i bhfeidhm mar ullmhúchán agus a luaithe agus a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(c)

nós imeachta soiléir lena chinneadh cathain a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(d)

nós imeachta soiléir chun an tréimhse ina nglacfar na bearta atá le déanamh a chinneadh a luaithe agus a chuirtear an prótacal i ngníomh, agus iad teoranta go docht dóibh siúd is gá chun dul i ngleic leis na himthosca sonracha urghnácha lena mbaineann;

(e)

coimircí chun dul i ngleic le haon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach a chumhdaítear sa Chairt, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe;

(f)

próiseas chun aon bhearta a rinneadh, an fad agus na torthaí a bhí leo, a thuairisciú go poiblí tráth a dtagann deireadh leis an gcás géarchéime.

5.   Má mheasann an Coimisiún go mainníonn prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, nó go mainníonn prótacal géarchéime feidhmiú na gceart bunúsach dá dtagraítear i mír 4, pointe (e), a chosaint, iarrfaidh sé ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

ROINN 1

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

Airteagal 49

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheith freagrach as maoirsiú soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus as forfheidhmiú an Rialacháin seo (“údaráis inniúla”).

2.   Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach as gach ábhar a bhaineann le maoirsiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa Bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as rannchuidiú le maoirsiú agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an aontais.

Chun na críche sin, comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásraí comhair agus do mhalartuithe tuairimí idir an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus na húdaráis náisiúnta eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh feidhmiú a gcúraimí faoi seach.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó de bhreis ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, áiritheoidh sé go bhfuil cúraimí faoi seach na n-údarás agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin sainmhínithe go soiléir agus go gcomhoibríonn siad go dlúth agus go héifeachtach agus iad ag feidhmiú a gcúraimí.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoin 17 Feabhra 2024.

Cuirfidh na Ballstáit ainm a n-údaráis inniúil atá ainmnithe mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus faisnéis faoin mbealach ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ar fáil go poiblí agus in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ainm an údaráis inniúil eile dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord, chomh maith lena gcúraimí faoi seach.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 50, 51 agus 56 agus atá infheidhme maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le haon údarás inniúil eile a ainmníonn Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin.

Airteagal 51

Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le hiompar soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun a cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(b)

an chumhacht iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú, ar aon áitreabh a úsáideann na soláthraithe sin nó na daoine sin chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil;

(c)

an chumhacht chun iarraidh ar aon bhall foirne nó ar ionadaí na soláthraithe nó na ndaoine sin míniúcháin a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta agus na freagraí a thaifeadadh lena dtoiliú trí aon mhodh teicniúil.

2.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun glacadh leis na gealltanais a thairgeann na soláthraithe sin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gealltanais sin a chur de cheangal orthu;

(b)

an chumhacht chun ordú a thabhairt sáruithe a scor agus, i gcás inarb iomchuí, leighis atá i gcomhréir leis an sárú agus is gá chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát é sin a dhéanamh;

(c)

an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 i gcás ina mainnítear an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear le haon cheann de na horduithe imscrúdaitheacha arna n-eisiúint de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(d)

an chumhacht chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 chun a áirithiú go ndéantar an sárú a fhoirceannadh i gcomhréir le hordú arna eisiúint de bhun phointe (b) den fhomhír seo nó i gcásanna ina mainnítear na horduithe imscrúdaitheacha a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(e)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh, nó chun iarraidh ar an údarás breithiúnach inniúil ina mBallstát é sin a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint.

A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí maidir le sásamh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha.

3.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, i gcás ina bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun sárú a scor ídithe, agus nach bhfuil an sárú leigheasta fós nó ina bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus ina mbeidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí fheidhmiú cumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an aontais ná faoin dlí náisiúnta:

(a)

a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh;

(b)

i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go leordhóthanach, nach bhfuil an sárú leigheasta nó go bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil a Bhallstáit ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh.

Iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn sé ar iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 82, sula gcuirfidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo isteach, ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 2 sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag sainaithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. Beidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe beartaithe agus aon tríú páirtí eile a léiríonn leas dlisteanach i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil. Beidh aon bheart a ordófar comhréireach le cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, gan a bheith ag cur isteach go míchuí ar rochtain na bhfaighteoirí ar fhaisnéis dhleathach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann.

Beidh an srian ar rochtain i bhfeidhm go ceann tréimhse 4 seachtaine, faoi réir na féidearthachta don údarás breithiúnach inniúil, cead a thabhairt ina ordú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha síneadh a chur leis an tréimhse sin le haghaidh tréimhsí breise den fhad céanna, faoi réir uasmhéid síntí a shocróidh an t-údarás breithiúnach sin. Ní chuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteach síneadh leis an tréimhse ach amháin i gcás ina measann sé, ag féachaint do chearta agus leasanna na bpáirtithe uile a ndéanfadh an srian sin difear dóibh agus do na himthosca uile, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe agus aon tríú páirtí a léirigh leas dlisteanach a chur ar fáil dó, gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

mhainnigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú;

(b)

ní chuireann an srian sealadach srian míchuí ar an rochtain atá ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis dhleathach, ag féachaint don líon faighteoirí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus cibé an bhfuil aon roghanna malartacha atá sásúil agus inrochtana go héasca ann.

I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír ach nach féidir leis síneadh eile a chur leis an tréimhse de bhun an tríú fomhír, cuirfidh sé iarraidh nua isteach chuig an údarás breithiúnach inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

4.   Beidh na cumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do Roinn 3.

5.   Beidh na bearta a ghlacfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ag féachaint do, go háirithe, chineál, tromchúis, atarlú agus fad an neamhchomhlíonta nó an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta lena mbaineann na bearta sin, chomh maith le hacmhainneacht eacnamaíoch, theicniúil agus oibríochtúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann i gcás inarb ábhartha.

6.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon fheidhmiú de na cumhachtaí sin faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.

Airteagal 54

Cúiteamh

Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse cúiteamh a lorg, i gcomhréir le dlí an aontais agus leis an dlí náisiúnta, ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, i leith aon damáiste a rinneadh nó aon chaillteanas a tharla toisc gur sháraigh na soláthraithe sin a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

Airteagal 57

Cúnamh frithpháirteach

1.   Comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún go dlúth le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil. Áireofar leis an gcúnamh frithpháirteach, go háirithe, malartú faisnéise i gcomhréir leis an Airteagal seo agus dualgas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir sa tír cinn scríbe, an Bord agus an Coimisiún a chur ar an eolas gur cuireadh tús le himscrúdú agus go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, lena n-áirítear a mheasúnú, maidir le soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha.

2.   Chun críche imscrúdaithe, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile faisnéis shonrach atá ina seilbh a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha nó a gcumhachtaí imscrúdaithe de bhun Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le faisnéis shonrach atá lonnaithe ina mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh páirt a thabhairt d’údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit atá i gceist.

3.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh de bhun mhír 2 an iarraidh sin a chomhlíonadh agus cuirfidh sé an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ar an eolas faoin mbeart a rinneadh, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dó é a fháil, seachas sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl raon feidhme nó ábhar na hiarrata sonraithe go leordhóthanach, ní leor an t-údar cuí atá leis nó níl sé sách comhréireach i bhfianaise na gcríoch imscrúdaitheach; nó

(b)

níl an fhaisnéis a iarradh i seilbh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha iarrtha ná i seilbh údaráis inniúil eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit sin ná níl rochtain acu ar an bhfaisnéis sin; nó

(c)

ní féidir an iarraidh a chomhlíonadh gan dlí an aontais nó an dlí náisiúnta a shárú.

Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh údar cuí lena dhiúltú trí fhreagra réasúnaithe a chur isteach, laistigh den tréimhse a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Airteagal 62

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. Má mhainníonn Ballstát amháin nó níos mó Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a ainmniú, ní chuirfidh sé sin cosc ar an mBord a chúramaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo. I gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir lena chuid rialacha nós imeachta. Nuair a iarrfar ar an mBord moladh a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur ar fáil láithreach do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a leagtar amach in Airteagal 85.

3.   Beidh aon vóta amháin ag gach Ballstát. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún.

Glacfaidh an Bord a chuid gníomhartha trí thromlach simplí. Maidir leis an moladh dá dtagraítear in Airteagal 36(1), an chéad fhomhír, déanfaidh an Bord an vótáil laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Chathaoirleach an Bhoird.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

5.   Féadfaidh an Bord a iarraidh ar shaineolaithe agus ar bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe, agus féadfaidh sé comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí.

6.   Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé torthaí comhairliúchán den sórt sin ar fáil go poiblí.

7.   Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta, i ndiaidh toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 64

Saineolas agus cumais a fhorbairt

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, saineolas agus cumais an aontais a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phearsanra na mBallstát a fháil ar iasacht.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, comhordú ar an measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an aontais i dtaca le hardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, ar an mBord agus ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu tacú le measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an aontais faoin Rialachán seo.

4.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún, go háirithe trína gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoi seach agus trí údaráis inniúla eile i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trína gcuid saineolais agus cumas a chur ar fáil.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 69

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.   Tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó de chuid an duine eile lena mbaineann;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann, is cuma cén meán ina stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair sin nó taifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm;

(d)

ceangal a chur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar an duine eile lena mbaineann rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a chleachtais láimhseála sonraí agus a chleachtais ghnó agus na mínithe a tugadh a thaifeadadh nó a dhoiciméadú;

(e)

aon áitreabh a úsáidtear chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó de chuid an duine eile lena mbaineann, chomh maith le leabhair nó taifid eile, a shéalú ar feadh na tréimhse agus a mhéid is gá don chigireacht;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(g)

ceisteanna a chur ar aon ionadaí den chineál sin nó ar aon bhall foirne a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh.

3.   Féadfar cigireachtaí a dhéanamh le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(2), agus ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndéanfar an chigireacht ar a chríoch.

4.   I gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.

5.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún, na hiniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis inniúla eile an Bhallstáit a ndéantar an chigireacht ina chríoch, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a láimhseáil sonraí agus a iompar gnó agus féadfaidh sé ceisteanna a dhíriú ar a phríomhphearsanra.

6   Ceanglaítear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann géilleadh do chigireacht arna hordú trí chinneadh an Choimisiúin. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an t-iniúchadh le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, chomh maith le daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh aige, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó don Choimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcigireacht. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí acu a liostaítear i mír 2.

8.   I gcás ina suífidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún go bhfuil soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, arna iarraidh sin do na hoifigigh nó na daoine tionlacain eile sin agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit, an cúnamh is gá a thabhairt dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta sin, i bhfoirm bearta comhéigneacha arna nglacadh ag an údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, chun gur féidir leo an chigireacht a dhéanamh.

9.   Más gá údarú a fháil le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 8 ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit sin iarratas ar an údarú sin arna iarraidh sin do na hoifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil cás tugtha os a chomhair, go bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear an chigireacht barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus fíorú den sórt sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe, maidir leis na forais atá ag gCoimisiún drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, agus ar a thromchúisí atá an sárú amhrasta agus ar an mbaint a bhí ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne, soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann leis. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, áfach, amhras a tharraingt ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad an Choimisiúin a éileamh. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh.

Airteagal 77

Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a rinneadh an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis an tréimhse an lá a tháinig deireadh leis an sárú.

3.   Le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha chun críoch an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí i leith sárú, cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe, ina measc siúd a chuirfidh isteach ar an tréimhse teorann:

(a)

iarrataí ón gCoimisiún ar nó ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar fhaisnéis;

(b)

cigireacht;

(c)

imeacht arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 66(1).

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann atá caite, áfach, gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin a bheidh cothrom leis an méid ama a raibh an tréimhse teorann ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.

5.   Cuirfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar fionraí fad atá an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh.

Airteagal 78

Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

(a)

trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú;

(b)

trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh;

(b)

atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta.

Airteagal 81

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh

I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an aontais Eorpaigh ó thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 82

Iarrataí ar shrianta ar rochtain agus comhar le cúirteanna náisiúnta

1.   I gcás ina bhfuiltear tar éis leas a bhaint as gach cumhacht de bhun na Roinne seo chun stop a chur le sárú ar an Rialachán seo ach go leanann an sárú ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an aontais ná faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gníomhú de bhun Airteagal 51(3).

Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 14 lá oibre agus míneoidh sé na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus aithneoidh sé an duine nó na daoine ar a mbeidh siad dírithe.

2.   I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh inniúil dá dtagraítear in Airteagal 51(3). Féadfaidh sé barúlacha ó bhéal a dhéanamh freisin le cead ón údarás breithiúnach atá i gceist.

Díreach chun na críche a chuid barúlacha a ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás breithiúnach sin aon doiciméid atá riachtanach le haghaidh mheasúnú an cháis a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

3.   I gcás ina dtabharfaidh cúirt náisiúnta breithiúnas maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo, ní ghlacfaidh an chúirt náisiúnta sin aon chinneadh a bheidh ar neamhréir leis an gcinneadh sin ón gCoimisiúin. Seachnóidh na cúirteanna náisiúnta cinntí a d’fhéadfadh a bheithe ar neamhréir le cinneadh atá á mheas ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh cúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a cuid imeachtaí. Ní dochar é sin d’Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 87

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de Chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).



whereas









keyboard_arrow_down