search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'tuairiscithe' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index tuairiscithe:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
  • 2 Airteagal 15 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

  • ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
  • 1 Airteagal 24 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne

  • ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
  • 2 Airteagal 37 Iniúchóireacht neamhspleách
  • 1 Airteagal 42 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta

  • ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
  • 2 Airteagal 45 Cóid Iompair

  • CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas tuairiscithe:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 675

 

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 24

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin:

(a)

an líon díospóidí arna gcur faoi bhráid na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear in Airteagal 21, torthaí an réitigh díospóide, agus an tréimhse ama airmheánach a theastóidh chun na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chur i gcrích, chomh maith le cion na ndíospóidí inar chuir soláthraí an ardán ar líne cinntí an chomhlachta chun feidhme;

(b)

an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 23, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach.

2.   Faoin 17 Feabhra 2023 agus uair amháin ar a laghad gach 6 mhí ina dhiaidh sin, foilseoidh soláthraithe do gach ardán ar líne nó gach inneall cuardaigh ar line, i roinn dá gcomhéadan ar líne atá ar fáil go poiblí faisnéis maidir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse 6 mhí roimhe sin, agus, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33(3), ina nglactar na gníomhartha tarmligthe.

3.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún, ar iarraidh uathu agus gan moill mhíchuí, agus beidh an fhaisnéis sin cothrom le dáta tráth a gheofar an iarraidh sin. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin nó an Coimisiún a cheangal ar sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an inneall cuardaigh ar líne faisnéis bhreise a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an ríomh dá dtagraítear sa mhír sin, lena n-áirítear míniúcháin agus bunús i leith na sonraí a úsáideadh. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin.

4.   Má tá cúiseanna ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena meas, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go gcomhlíonann soláthraí ardáin ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh ar líne an tairseach d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, a leagtar síos in Airteagal 33(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

5.   Tíolacfaidh soláthraithe ardán ar líne, gan moill mhíchuí, na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(1) chuig an gCoimisiún chun iad a chur san áireamh i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, inléite ag meaisín, arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne nach mbeidh sonraí pearsanta san fhaisnéis a thíolacfar.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 37

Iniúchóireacht neamhspleách

1.   Beidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchtaí neamhspleácha chun comhlíonadh na nithe seo a leanas a mheas:

(a)

na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III;

(b)

aon ghealltanais a glacadh de bhun na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 agus na bprótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48.

2.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line an comhar agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh siad in ann na hiniúchtaí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus tráthúil, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí agus ar na háitribh ábhartha uile agus trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a fhreagairt. Staonfaidh siad ó bhac a chur ar fheidhmíocht na hiniúchóireachta, ó thionchar míchuí a imirt uirthi nó ón mbonn a bhaint uaithi.

Áiritheoidh iniúchtaí den sórt sin rúndacht leormhaith agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis arna fáil ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus ó thríú páirtithe i gcomhthéacs na n-iniúchtaí, lena n-áirítear tar éis fhoirceannadh na n-iniúchtaí. Ní dhéanfaidh comhlíonadh an cheanglais sin dochar d’fheidhmiú na n-iniúchtaí ná d’fhorálacha eile an Rialacháin seo, áfach, go háirithe na forálacha a bhaineann le trédhearcacht, maoirseacht agus forfheidhmiú. I gcás inar gá chun críche tuairiscithe trédhearcachta de bhun Airteagal 42(4), beidh leaganacha nach bhfuil aon fhaisnéis iontu a mheas go réasúnta gur faisnéis rúnda í ag gabhail leis an tuarascáil iniúchóireachta agus an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal.

3.   Maidir leis na hiniúchtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad:

(a)

tá siad neamhspleách ar sholáthraí -ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus ar aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin, agus níl coinbhleachtaí leasa acu leo; go háirithe:

(i)

níor sholáthair siad seirbhísí neamh-iniúchóireachta a bhaineann leis na hábhair a ndearnadh iniúchadh orthu do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin sa tréimhse 12 mhí roimh thús an iniúchta agus tá gealltanas tugtha acu gan seirbhísí den sórt sin a sholáthar, sa tréimhse 12 mhí tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích;

(ii)

níor sholáthair siad seirbhísí iniúchóireachta de bhun an Airteagail seo do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin le linn tréimhse is faide ná 10 mbliana i ndiaidh a chéile;

(iii)

níl siad ag déanamh an iniúchta do tháillí atá ag brath ar thoradh an iniúchta;

(b)

tá saineolas cruthaithe i réimse na bainistíochta riosca agus inniúlacht agus cumais theicniúla acu;

(c)

tá oibiachtúlacht agus eitic ghairmiúil cruthaithe acu, bunaithe go háirithe ar chóid chleachtais nó ar chaighdeáin iomchuí a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line gurb iad na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchta. Beidh bunús, i scríbhinn, leis an tuarascáil sin agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

(a)

ainm, seoladh agus pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line atá faoi réir an iniúchta agus an tréimhse a chumhdaítear;

(b)

ainm agus seoladh na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí atá ag tabhairt faoin iniúchadh;

(c)

dearbhú leasanna;

(d)

tuairisc ar na gnéithe sonracha ar a ndearnadh iniúchadh, agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;

(e)

tuairisc agus achoimre ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchadh;

(f)

liosta de na tríú páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den iniúchadh;

(g)

tuairim iniúchóireachta ar cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann na hoibleagáidí agus na gealltanais dá dtagraítear i mír 1, eadhon “tuairim dhearfach”, “tuairim dhearfach le barúlacha” nó “tuairim dhiúltach”;

(h)

i gcás nach bhfuil an tuairim iniúchóireachta “dearfach”, moltaí oibríochtúla ar bhearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach agus an tréimhse ama a mholtar chun comhlíontacht a bhaint amach.

5.   I gcás nach raibh an eagraíocht a dhéanann an t-iniúchadh in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe sonracha áirithe ná tuairim iniúchóireachta a chur in iúl bunaithe ar a himscrúduithe, beidh míniú sa tuarascáil iniúchóireachta ar na himthosca agus na cúiseanna nach bhféadfaí na gnéithe sin a iniúchadh.

6.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a fhaigheann tuarascáil iniúchóireachta nach bhfuil dearfach aird chuí ar na moltaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta ina leagfar na bearta sin amach. I gcás nach gcuirfidh siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, tabharfaidh siad údar leis na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme sa tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta agus le haon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is gá a leagan síos chun na hiniúchtaí a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, go háirithe maidir leis na rialacha is gá i ndáil leis na céimeanna nós imeachta, na modheolaíochtaí iniúchóireachta agus na teimpléid tuairiscithe le haghaidh na n-iniúchtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo. Cuirfear san áireamh aon chaighdeáin iniúchóireachta dheonacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (e), sna gníomhartha tarmligthe sin.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta

1.   Foilseoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 ar a dhéanaí faoi 2 mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin ar a laghad.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna bhfoilsiú ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 24(1):

(a)

na hacmhainní daonna a thiomnaíonn an soláthraí ardán an-mhór ar líne do mhodhnóireacht inneachair i ndáil leis an tseirbhís a thairgtear san Aontas, arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil is infheidhme de chuid na mBallstát, lena n-áirítear chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16 agus 22 a chomhlíonadh, agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 20 a chomhlíonadh;

(b)

cáilíochtaí agus saineolas teanga na ndaoine a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith leis an oiliúint agus an tacaíocht a thugtar don fhoireann sin;

(c)

na táscairí cruinnis agus an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (e), arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil de chuid na mBallstát .

Foilseofar na tuarascálacha i dteanga oifigiúil amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát ar a laghad.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(2), áireoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne faisnéis sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le meánfhaighteoirí míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na nithe seo a leanas a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, gan moill mhíchuí ar a dtabhairt i gcrích, agus cuirfidh siad ar fail go poiblí iad, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis gach tuarascáil iniúchóireachta a fháil de bhun Airteagal 37(4):

(a)

tuarascáil ina leagtar amach torthaí an mheasúnaithe riosca de bhun Airteagal 34;

(b)

na bearta maolaithe sonracha a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 35(1);

(c)

an tuarascáil iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(4);

(d)

an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(6);

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na comhairliúcháin arna ndéanamh ag an soláthraí chun tacú leis na measúnuithe riosca agus dearadh na mbeart maolaithe riosca.

5.   I gcás ina measann soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne go bhféadfaí faisnéis rúnda an tsoláthraí sin nó fhaighteoirí na seirbhíse a nochtadh mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 4, nó go bhféadadh sé a bheith ina chúis le leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go bhféadfaí an bonn a bhaint ón tslándáil phoiblí dá thoradh, nó go bhféadadh sé díobháil a dhéanamh d’fhaighteoirí, féadfaidh an soláthraí an fhaisnéis sin a bhaint as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí. I gcás mar sin, tarchuirfidh an soláthraí na tuarascálacha iomlána chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí ag gabháil leo.

Airteagal 45

Cóid Iompair

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair deonach ar leibhéal an Aontais chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, ag cur na ndúshlán sonrach a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh agus rioscaí sistéamacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, san áireamh, go háirithe maidir le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint.

2.   I gcás ina dtagann riosca sistéamach suntasach de réir bhrí Airteagal 34(1) chun cinn agus go mbaineann sé le roinnt ardán an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, féadfaidh am Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus, ar sholáthraithe eile ardán an-mhór ar líne, ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, ardán ar líne agus seirbhísí idirghabhálacha eile, de réir mar is iomchuí, mar aon le húdaráis inniúla ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas na gcód iompair, lena n-áirítear gealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a ghlacadh, chomh maith le gnáthchreat tuairiscithe maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí.

3.   Agus éifeacht á tabhairt do mhíreanna 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord, agus ag comhlachtaí eile i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go leagtar a gcuspóirí sonracha amach go soiléir sna cóid iompair, go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus go dtugtar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, agus go háirithe na saoránach, ar leibhéal an Aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairiscíonn rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh, freisin. Déanfar éagsúlachtaí méide agus acmhainneachta idir rannpháirtithe éagsúla a chur san áireamh i bpríomhtháscairí feidhmíochta agus i gceangaltais tuairiscithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord measúnú ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith iontu. Foilseoidh siad a gconclúidí.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord athbhreithniú agus oiriúnú rialta ar na cóid iompair a spreagadh agus a éascú.

I gcás mainneachtain chórasach na cóid iompair a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus an Bord a iarraidh ar shínitheoirí na gcód iompair gníomhú mar is gá.


whereas









keyboard_arrow_down