search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 40 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 173

 

Airteagal 40

An grúpa ardleibhéil

1.   Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).

2.   Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtagus gréasáin Eorpacha seo a leanas:

(a)

Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,

(b)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,

(c)

an Gréasán Eorpach Iomaíochta,

(d)

an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus

(e)

Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.

3.   Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán Eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.

5.   Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus moltaí laistighréimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó

(b)

comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.

6.   Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtagus gréasáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.


whereas









keyboard_arrow_down