search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 32 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 114

 

Airteagal 32

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 30 agus 31 faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.

3.   Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálachaíocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:

(a)

iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún;

(b)

údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúintoifigigh ag an gCoimisiún;

(c)

tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a bheidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.

5.   Cuirfear an tréimhse theorann le haghaidh fíneálachaíocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.


whereas









keyboard_arrow_down