search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 13 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 184

 

Airteagal 13

Frith-imchéimniú

1.   Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ní dhéanfaidh sé iad a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt trí mhodhanna conarthacha, tráchtála, teicniúla nó ar aon bhealach eile chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 3(2). Ní chuirfidh aon chleachtas den sórt sin arna dhéanamh ag gnóthas cosc ar an gCoimisiún é a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(4).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus drochamhras air go bhfuil an gnóthas sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige i mbun cleachtais a leagtar síos i mír 1, a cheangal ar an ngnóthas sin aon fhaisnéis a mheasann sé is gá a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh an gnóthas sin ag gabháil do chleachtas den sórt sin.

3.   Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach.

4.   Ní ghabhfaidh an geatóir d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 beag beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.

5.   I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a thras-úsáid agus a roinnt chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear an toiliú sin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin níos déine don úsáideoir gnó ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.

6.   Ní dhéanfaidh an geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnód’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir deiridh ar bhealach nach bhfuil neodrach, nó neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideoirí deiridhúsáideoirí gnó a threascairt trí struchtúr, trí dhearadh, trí fheidhm nó trí mhodh oibríochta comhéadain úsáideora nó cuid de.

7.   I gcás ina dtagann an geatóir timpeall ar aon cheann de na hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 nó 7 nó ina ndeánann sé iarracht teacht timpeall orthu ar bhealach a thuairiscítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 agus gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghlacadh chun na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme a shonrú.

8.   Beidh mír 6 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.


whereas









keyboard_arrow_down