search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 33 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 67

 

Airteagal 33

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh cumhacht an Choimisiúin chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 30 agus 31 a fhorfheidhmiú faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama an lá ar a mbeidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Brisfear an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:

(a)

le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúlalena ndiúltaítear iarraidh ar athrú; nó

(b)

le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta; nó

(b)

a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breith ón gCúirt Bhreithiúnais nó de bhun breith ó chúirt náisiúnta.


whereas









keyboard_arrow_down