keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Ainmniú geatóirí
- Airteagal 4 Athbhreithniú ar stádas geatóirí
- Airteagal 5 Oibleagáidí geatóirí
- Airteagal 6 Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfaí sonrú breise a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8
- Airteagal 7 Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir
- Airteagal 8 Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh
- Airteagal 9 Fionraí
- Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
- Airteagal 11 Tuairisciú
- Airteagal 12 Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
- Airteagal 13 Frith-imchéimniú
- Airteagal 14 An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
- Airteagal 15 Oibleagáid maidir le hiniúchadh
- Airteagal 16 Imscrúdú margaidh a thionscnamh
- Airteagal 17 Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
- Airteagal 18 Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
- Airteagal 19 Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua
- Airteagal 20 Imeachtaí a thionscnamh
- Airteagal 21 Iarrataí ar fhaisnéis
- Airteagal 22 An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
- Airteagal 23 Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh
- Airteagal 24 Bearta eatramhacha
- Airteagal 25 Gealltanais
- Airteagal 26 Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta
- Airteagal 27 Faisnéis ó thríú páirtithe
- Airteagal 28 Feidhm chomhlíonta
- Airteagal 29 Neamhchomhlíonadh
- Airteagal 30 Fíneálacha
- Airteagal 31 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
- Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- Airteagal 33 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
- Airteagal 34 An ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad
- Airteagal 35 Tuairisciú bliantúil
- Airteagal 36 Rúndacht ghairmiúil
- Airteagal 37 Comhar leis na húdaráis náisiúnta
- Airteagal 38 Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta
- Airteagal 39 Comhar leis na cúirteanna náisiúnta
- Airteagal 40 An grúpa ardleibhéil
- Airteagal 41 Iarraidh ar imscrúdú margaidh
- Airteagal 42 Caingne ionadaíocha
- Airteagal 43 Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú
- Airteagal 44 Cinntí a fhoilsiú
- Airteagal 45 Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais
- Airteagal 46 Forálacha cur chun feidhme
- Airteagal 47 Treoirlínte
- Airteagal 48 Caighdeánú
- Airteagal 49 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 50 An nós imeachta coiste
- Airteagal 51 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
- Airteagal 52 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 53 Athbhreithniú
- Airteagal 54 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- siad 18
- bhun 17
- airteagal 16
- nach 15
- faisnéis 10
- agus 9
- coimisiún 8
- gcás 8
- arna 7
- maidir 6
- iomlán 6
- roimhe 5
- atá 5
- fíneálacha 5
- domhanda 5
- láimhdeachas 5
- neamhiomlán 5
- airgeadais 5
- chur 4
- laistigh 4
- gcoimisiún 4
- chun 4
- míthreorach 4
- cheangal 4
- gnóthas 4
- ndéanann 4
- gcomhlíonann 4
- mícheart 4
- sholáthar 4
- fíneála 4
- bhliain 4
- féadfaidh 4
- lena 3
- soláthraíonn 3
- chomhlachas 3
- íocaíocht 3
- leis 3
- thabhairt 3
- gnóthais 3
- cinneadh 3
- airteagail 3
- gcomhréir 3
- neamhchomhlíonadh 3
- faoi 3
- teorainn 2
- áireamh 2
- cheanglaítear 2
- dara 2
- ghnóthais 2
- ndéanfaí 2
Airteagal 30
Fíneálacha
1. Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir, d’aon ghnó nó le faillí:
(a) | aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7; |
(b) | bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2); |
(c) | leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1); |
(d) | bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó |
(e) | gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25. |
2. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha suas le 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a ghearradh ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé go ndearna geatóir an sárú céanna nó sárú comhchosúil ar oibleagáid a leagtar síos in Airteagail 5, 6 nó 7 i ndáil leis an gcroísheirbhís ardáin chéanna agus a fuarthas amach go ndearna sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a glacadh sna 8 mbliana roimhe sin.
3. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirtear ar ghnóthais agus, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, ar chomhlachais gnóthas, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcás, d’aon ghnó nó le faillí:
(a) | nach soláthraíonn siad faisnéis atá riachtanach chun a n-ainmniú mar gheatóirí laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 3 nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach; |
(b) | nach gcomhlíonann siad an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(3) a chomhlíonadh; |
(c) | nach dtugann siad fógra faoi fhaisnéis nó ina ndéanann siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear a thabhairt de bhun Airteagal 14; |
(d) | nach gcuireann siad an tuairisc isteach, nó ina ndéanann siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear de bhun Airteagal 15; |
(e) | nach ndéanann siad rochtain a thabhairt ar shonraí, ar algartaim nó ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagra ar iarraidh arna dhéanamh de bhun Airteagal 21(3); |
(f) | nach ndéanann siad faisnéis a iarradh a sholáthar laistigh den teorainn ama a socraíodh de bhun Airteagal 21(3) nó faisnéis nó míniúchán atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a iarrtar de bhun Airteagail 21 nó a tugadh in agallamh de bhun Airteagal 22; |
(g) | nach gceartaíonn siad, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, a thug ionadaí nó ball foirne, nó nach soláthraíonn siad nó ina ndiúltaíonn siad faisnéis iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta de bhun Airteagal 23; |
(h) | ina ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 23; |
(i) | nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí arna bhforchur ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26; |
(j) | nach dtugann siad feidhm chomhlíonta isteach i gcomhréir le hAirteagal 28; nó |
(k) | nach gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 34(4). |
4. Agus méid fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tromchúis, an ré, an t-atarlú, agus, i gcás fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 3, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.
5. I gcás ina ngearrtar fíneáil ar chomhlachas gnóthas agus láimhdeachas domhanda a chuid comhaltaí á chur san áireamh agus nach comhlachas sócmhainneach é an comhlachas sin, beidh sé de dhualgas air ranníocaíochtaí a iarraidh óna chuid comhaltaí chun méid na fíneála a chumhdach.
I gcás nár íocadh ranníocaíochtaí den sórt sin leis an gcomhlachas gnóthas laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndéanfaidh ceann ar bith de na gnóthais a raibh a gcuid ionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais sin lena mbaineann an fhíneáil a íoc go díreach.
I ndiaidh a chur de cheangal go ndéanfaí íocaíocht i gcomhréir leis an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar chomhaltaí ar bith den chomhlachas gnóthas an fuílleach a íoc, i gcás inar gá a dhéanamh amhlaidh chun íocaíocht iomlán na fíneála a áirithiú.
Ní chuirfidh an Coimisiún de cheangal, áfach, go ndéanfaí íocaíocht ó ghnóthais, de bhun an dara agus an tríú fomhír, ar gnóthais iad a thaispeánann nár chuir siad cinneadh chomhlachas na ngnóthas a sháraigh an Rialachán sin chun feidhme, agus nárbh eol dóibh é a bheith ann nó gur dhealaigh siad iad féin go gníomhach uaidh sular thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 20.
Ní rachaidh dliteanas airgeadais gach gnóthais maidir le híocaíocht na fíneála thar 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.
whereas