search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 28 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 162

 

Airteagal 28

Feidhm chomhlíonta

1.   Tabharfaidh geatóirí feidhm chomhlíonta isteach atá neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla an gheatóra agus ina mbeidh oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíonta.

2.   Áiritheoidh an geatóir go bhfuil údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíontadtagraítear i mír 1, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta an gheatóra chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann an geatóir an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an inniúlacht is gá ag oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh de bhun mhír 1 chun na cúraimídtagraítear i mír 5 a chomhall.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra freisin gur bainisteoir sinsearach neamhspleách é an ceann sin ar a bhfuil freagracht ar leith as an bhfeidhm chomhlíonta.

4.   Tuairisceoidh ceann na feidhme comhlíonta go díreach chuig comhlacht bainistíochta an gheatóra agus féadfaidh sé ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina dtagann baol chun cinn nach mbeadh an Rialacháin seo á chomhlíonadh, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta i dtaca lena fheidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní bhainfear ceann na feidhme comhlíonta gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta an gheatóra.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh ag an ngeatóir de bhun mhír 1:

(a)

eagrú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta agus gníomhaíochtaí na ngeatóirí a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú;

(b)

bainistíocht agus fostaithe an gheatóra a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhairle a chur ar fáil ina leith sin;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 25, gan dochar do chumas an Choimisiúin saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh de bhun Airteagal 26(2);

(d)

comhoibriú leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo.

6.   Déanfaidh na geatóirí ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíonta a chur in iúl don Choimisiún.

7.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta an gheatóra sainiú agus formhaoirseacht ar chur chun feidhme shocruithe rialachais an gheatóra agus beidh sé cuntasacht as, ar socruithe iad lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíonta, lena n-áirítear ilroinnt freagrachtaí in eagrú an gheatóra agus i gcosc coinbhleachtaí leasa.

8.   Formheasfaidh an comhlacht bainistíochta agus athbhreithneoidh sé go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun dul i mbun an Rialacháin seo agus chun bainistiú agus faireachán agus a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

9.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama le bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcinntí a bhaineann le bainistiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha air.


whereas









keyboard_arrow_down