search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'eorpach' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index eorpach:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas eorpach:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 935

 

Airteagal 15

Oibleagáid maidir le hiniúchadh

1.   Laistigh de 6 mhí i ndiaidh a ainmnithe de bhun Airteagal 3, déanfaidh geatóir tuairisc, arna hiniúchadh go neamhspleách, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar theicnící ar bith chun tomhaltóirí a phróifíliú a fheidhmíonn an geatóir ar nó ar fud a chroísheirbhísí ardáin mar a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin iad de bhun Airteagal 3(9). Tarchuirfidh an Coimisiún an tuairisc iniúchta sin chuig an mBord eorpach um Chosaint Sonraí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (g), a ghlacadh, chun modheolaíocht agus nós imeachta an iniúchta a fhorbairt.

3.   Cuirfidh an geatóir forléargas ar fáil go poiblí ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear i mír 1. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh geatóir i dteideal an gá atá lena rúin ghnó a urramú a chur san áireamh. Déanfaidh an geatóir an tuairisc sin agus an forléargas neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.

CAIBIDIL IV

IMSCRÚDÚ MARGAIDH

Airteagal 38

Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach tríd an nGréasán eorpach Iomaíochta (ECN). Beidh sé de chumhacht acu aon fhaisnéis maidir le hábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile. I gcás nach comhalta den Ghréasán eorpach Iomaíochta é an t-údarás inniúil, déanfaidh an Coimisiún na socruithe is gá chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú maidir le cásanna a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo agus le forfheidhmiú na gcásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ag na húdaráis sin. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (l).

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) imscrúdú a sheoladh maidir le geatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil sula gcuirtear tús leis an mbeart sin nó díreach i ndiaidh tús a chur leis. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an dréachtbheart in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglacfar é agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an mbeart. I gcás bearta idirlinne, cuirfidh údarás náisiúnta inniúil na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) na dréachtbhearta atá beartaithe in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí díreach tar éis ghlacadh na mbeart sin. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

4.   Ní bheidh feidhm ag na sásraí faisnéise dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí atá beartaithe de bhun rialacha náisiúnta cumaisc.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a mhalartófar de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a mhalartú ná a úsáid ach amháin chun comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

6.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) tacú le haon cheann dá imscrúduithe margaidh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar a thionscnamh féin, imscrúdú a dhéanamh maidir le cás neamhchomhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ar a chríoch, i gcás ina bhfuil an inniúlacht agus cumhachtaí imscrúdaitheacha aige chun é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sula ndéanfaidh sé an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil, cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn.

Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don Choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an Rialacháin seo.

Airteagal 40

An grúpa ardleibhéil

1.   Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).

2.   Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin eorpacha seo a leanas:

(a)

Comhlacht na Rialálaithe eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,

(b)

an Maoirseoir eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord eorpach um Chosaint Sonraí,

(c)

an Gréasán eorpach Iomaíochta,

(d)

an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus

(e)

Grúpa eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.

3.   Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.

5.   Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó

(b)

comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.

6.   Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtaí agus gréasáin eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.

Airteagal 46

Forálacha cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe chun an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí de bhun Airteagal 3;

(b)

foirm, inneachar agus sonraí eile na mbeart teicniúil a chuirfidh geatóirí chun feidhme chun comhlíonadh Airteagal 5, 6 nó 7 a áirithiú;

(c)

socruithe oibríochtúla agus teicniúla d’fhonn idir-inoibritheacht sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de bhun Airteagail 7;

(d)

foirm, inneachar agus sonraí eile na hiarrata réasúnaithe de bhun Airteagal 8(3);

(e)

foirm, inneachar agus sonraí eile na n-iarrataí réasúnaithe de bhun Airteagail 9 agus 10;

(f)

foirm, inneachar agus sonraí eile na dtuarascálacha rialála arna seachadadh de bhun Airteagal 11;

(g)

an mhodheolaíocht agus an nós imeachta le haghaidh na tuairisce arna hiniúchadh ar theicnící a úsáidtear chun tomhaltóirí a phróifíliú dá bhforáiltear in Airteagal 15(1); agus dréachtghníomh cur chun feidhme á fhorbairt chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Maoirseoir eorpach ar Chosaint Sonraí agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an mBord eorpach um Chosaint Sonraí, an tsochaí shibhialta agus saineolaithe ábhartha eile

(h)

foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagail 14 agus 15;

(i)

socruithe praiticiúla do na himeachtaí a bhaineann leis na himscrúduithe margaidh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, agus a bhaineann le himeachtaí de bhun Airteagail 24, 25 agus 29;

(j)

na socruithe praiticiúla chun cearta éisteachta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 34;

(k)

na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtéarmaí nochta dá bhforáiltear in Airteagal 34;

(l)

na socruithe praiticiúla don chomhar agus don chomhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagail 37 agus 38; agus

(m)

na socruithe praiticiúla le haghaidh ríomh agus síneadh spriocdhátaí.

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (k), agus pointe (m) den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointe (l), den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(3).

3.   Sula nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme ar bith de bhun mhír 1, foilseoidh an Coimisiún dréacht den ghníomh cur chun feidhme sin agus iarrfaidh sé ar na páirtithe leasmhara go léir a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama, nach féidir a bheith níos lú ná mí amháin.

Airteagal 48

Caighdeánú

I gcás inarb iomchuí agus inar gá, féadfaidh an Coimisiún sainordú a thabhairt do na comhlachtaí eorpacha um chaighdeánú cur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú trí chaighdeáin iomchuí a fhorbairt.

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Aibreán 2023.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagail 40, 46, 47, 48, 49 agus 50 ón 11 Deireadh Fómhair 2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 25 Meitheamh 2023.

Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta an 25 Meitheamh 2023 roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo, cuirfear siar cur i bhfeidhm Airteagal 42 agus Airteagal 43 go dtí an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 64.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(6)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(7)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(8)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(10)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(11)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(12)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le Seirbhísí Sochaí Faisnéise, (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód eorpachum Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(15)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(20)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(21)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(22)  IO C 147, 26.4.2021, lch. 4.

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

A.   “Ginearálta”

1.

Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu.

2.

Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin.

3.

Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla.

B.   “Úsáideoirí deiridh gníomhacha”

1.

Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:

a.

Meastar go mbainfeadh an riosca dúblála is lú, prima facie, le sonraí a bhailítear faoi úsáid croíseirbhísí ardáin ó thimpeallachtaí ina sínítear isteach nó ina logáiltear isteach, i ndáil le hiompar úsáideoirí ar fheistí nó ardáin éagsúla, mar shampla. Dá bhrí sin, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh maidir le líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla do gach croísheirbhís ardáin faoi seach bunaithe ar thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, más ann do na sonraí sin.

b.

I gcás croísheirbhísí ardáin a mbíonn rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh freisin maidir le líon úsáideoirí deiridh uathúla na croísheirbhíse ardáin faoi seach bunaithe ar mhéadrach malartach a ghabhann úsáideoirí deiridh freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta, ar choinníoll go bhfuil na seoltaí nó na haitheantóirí sin riachtanach go hoibiachtúil chun na croísheirbhísí ardáin a sholáthar.

2.

Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla

C.   “Úsáideoirí gnó gníomhacha”

Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha.

D.   “Faisnéis a chur isteach”

1.

Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:

a.

Beidh an gnóthas freagrach as sonraí a chur isteach le haghaidh croísheirbhís ardáin faoi seach, ionas nach ndéantar gannáireamh ná ró-áireamh ar líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha (mar shampla i gcás ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar na croísheirbhísí ardáin ar ardáin nó ar fheistí éagsúla).

b.

Beidh an gnóthas freagrach as mínithe beachta agus gonta a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis agus as aon riosca a bhaineann le líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a ghannáireamh nó a ró-áireamh i gcás croísheirbhís ardáin faoi seach agus maidir leis na réitigh a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

c.

Cuirfidh an gnóthas sonraí ar fáil, ar sonraí iad atá bunaithe ar mhéadrach malartach, nuair a bheidh imní ar an gCoimisiún faoi chruinneas na sonraí arna soláthar ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige.

2.

Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:

a.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, ní shainaithneoidh sé croísheirbhísí ardáin a bhaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) ar leithligh, go príomha ar an mbonn go soláthraítear iad agus ainmneacha fearainn éagsúla in úsáid – is cuma cé acu fearainn bharrleibhéil cód tíre (ccTLDanna) nó fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna) – nó saintréithe geografacha éigin atá i gceist.

b.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na croísheirbhísí ardáin sin a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2).

c.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na seirbhísí sin a thairgeann an gnóthas ábhartha ar bhealach comhtháite, ach:

(i)

nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) nó

(ii)

,a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2, pointe (2).

E.   “Sainmhínithe sonracha”

Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.

Croísheirbhísí ardáin

Úsáideoirí deiridh gníomhacha

Úsáideoirí gnó gníomhacha

Seirbhísí idirghabhála ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís idirghabhála ar líne uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí logáil isteach go gníomhach, fiosrú a dhéanamh, cliceáil nó scrollú nó trí idirbheart a thabhairt i gcrích tríd an tseirbhís idirghabhála ar líne uair sa mhí ar a laghad.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a raibh mír amháin ar a laghad liostaithe sa tseirbhís idirghabhála ar líne acu i gcaitheamh na bliana iomláine nó a thug idirbheart i gcrích arna chumasú ag an tseirbhís idirghabhála ar líne i gcaitheamh na bliana.

Innill chuardaigh ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an inneall cuardaigh ar líne uair sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí fhiosrú a dhéanamh.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil suíomhanna gréasáin gnó acu (i.e. suíomh gréasáin a úsáidtear i gcáil tráchtála nó ghairmiúil) atá innéacsaithe ag innéacs an innill cuardaigh ar líne nó ar cuid den innéacs sin iad i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil liostú gnó nó cuntas gnó acu sa tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne agus a mbíonn baint acu leis an tseirbhís ar bhealach ar bith ar a laghad uair amháin i gcaitheamh na bliana, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt nó a huirlisí a úsáid do ghnólachtaí.

Seirbhísí ardáin comhroinnte físeán

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí dheighleán d’inneachar closamhairc a chasadh, trí fhiosrú a dhéanamh nó trí phíosa inneachair closamhairc a uaslódáil, lena n-áirítear go háirithe físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair ar a laghad píosa amháin inneachair closamhairc a uaslódáladh nó a casadh ar an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a d’úsáid cuntas gnó nó a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le húsáideoir deiridh uair amháin ar a laghad i gcaitheamh na bliana.

Córais oibriúcháin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a d’úsáid feiste leis an gcóras oibriúcháin, a rinneadh é gníomhachtú, a nuashonrú nó a úsáid uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na bhforbróirí uathúla a d’fhoilsigh, a nuashonraigh nó a thairg feidhmchlár bogearraí nó ríomhchlár bogearraí amháin ar a laghad ag baint úsáid as an teanga ríomhchlárúcháin nó aon uirlisí forbartha bogearraí den chóras oibriúcháin, nó a ritheann ar bhealach ar bith air, i gcaitheamh na bliana.

Cúntóir fíorúil

Líon na n-úsáideoirí deiridh a raibh baint acu leis an gcúntóir fíorúil ar bhealach ar bith uair amháin ar a laghad sa mhí, amhail trína ghníomhachtú, trí cheist a chur, trí rochtain a fháil ar sheirbhís trí ordú nó trí fheiste chliste bhaile a rialú.

Líon na bhforbróirí uathúla a thairg feidhmchlár bogearraí cúntóra fíorúil amháin ar a laghad nó feidhmiúlacht chun feidhmchlár bogearraí atá ann cheana a dhéanamh inrochtana tríd an gcúntóir fíorúil i gcaitheamh na bliana.

Brabhsálaithe gréasáin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí cheist nó seoladh suímh gréasáin a chur i líne URL an bhrabhsálaí gréasáin.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil a suímh ghréasáin ghnó (i.e suíomh gréasáin a úsáidtear i dtaca le hinniúlacht ghairmiúil nó phearsanta) oscailte tríd an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa bhliain nó a thairg breiseán, forlíontán nó uirlisí comhlántacha arna n-úsáid ar an mbrabhsálaí gréasáin i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí néalríomhaireachta

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu le haon seirbhísí néalríomhaireachta ó sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta uair amháin ar a laghad sa mhí, mar mhalairt ar aon chineál luacha saothair, gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an luach saothair le linn na míosa céanna.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair aon seirbhísí néalríomhaireachta arna n-óstáil i mbonneagar néalríomhaireachta sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí fógraíochta ar líne

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta a spreag an tseirbhís fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na bhfógróirí uathúla a raibh taispeáint fógraíochta amháin ar a laghad ar taispeáint acu i gcaitheamh na bliana.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla (lena n-áirítear fógróirí, foilsitheoirí nó idirghabhálaithe eile) a d’idirghníomhaigh tríd an tseirbhís idirghabhála fógraíochta i gcaitheamh na bliana nó a ndearna an tseirbhís fógraíochta idirghabhála freastal orthu.



whereas









keyboard_arrow_down