search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'choimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index choimisiún:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas choimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1092

 

Airteagal 3

Ainmniú geatóirí

1.   Déanfar gnóthas a ainmniú mar gheatóir sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá tionchar suntasach aige ar an margadh inmheánach;

(b)

má sholáthraíonn sé croísheirbhís ardáin atá mar thairseach thábhachtach chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh; agus

(c)

má bhaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath.

2.   Toimhdeofar go gcomhlíonann gnóthas na ceanglais faoi seach i mír 1:

(a)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (a), i gcás ina mbaineann sé láimhdeachas bliantúil an Aontais atá comhionann le EUR 7,5 billiún nó os a chionn amach i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, nó i gcás inarb ionann agus EUR 75 bhilliún ar a laghad a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cothrom coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin, agus ina soláthraíonn sé an chroísheirbhís ardáin chéanna i dtrí Bhallstát ar a laghad;

(b)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (b), i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa aige sa bhliain airgeadais roimhe sin atá bunaithe nó suite san Aontas agus ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana atá bunaithe san Aontas, a sainaithníodh agus a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(c)

a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (c), i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) den mhír seo i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha.

3.   I gcás ina gcomhlíonann gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha go léir i mír 2, tabharfaidh sé fógra don choimisiún maidir leis sin gan mhoill agus i gcás ar bith laistigh de 2 mhí i ndiaidh na dtairseach sin a shásamh agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 dó. Áireofar leis an bhfógra sin an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 i dtaca le gach ceann de chroísheirbhísí ardáin an ghnóthais a shásaíonn na tairseacha i mír 2 pointe (b). Cibé uair a shásaíonn croísheirbhís ardáin eile arna soláthar ag an ngnóthas a ainmníodh mar gheatóir roimhe seo na tairseacha i mír 2, pointí (b) agus (c), cuirfidh an gnóthas sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí tar éis do na tairseacha sin a bheith sásaithe.

I gcás nach gcuirfidh an gnóthas a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar aige an Coimisiún ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir atá de dhíth ar an gCoimisiún chun an gnóthas lena mbaineann a ainmniú mar gheatóir de bhun mhír 4 den Airteagal seo faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gCoimisiún san iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21, beidh an Coimisiún fós i dteideal an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don choimisiún.

I gcás go gcomhlíonann an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige an iarraidh ar fhaisnéis de bhun an dara fomhír den mhír seo nó i gcás ina soláthraítear an fhaisnéis tar éis don spriocdháta dá dtagraítear san fhomhír sin dul in éag, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 i bhfeidhm.

4.   Ainmneoidh an Coimisiún mar gheatóir, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 45 lá oibre i ndiaidh dó an fhaisnéis iomlán dá dtagraítear i mír 3 a fháil, gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige a shásaíonn na tairseacha go léir i mír 2.

5.   Féadfaidh an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, in éineacht lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go sásaíonn sé na tairseacha go léir i mír 2, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach sásaíonn sé na riachtanais atá liostaithe i mír 1.

I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm.

I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt.

Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3).

6.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun a chinneadh ar sásaíodh na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus chun an mhodheolaíocht sin a athrú go tráthrialta chun teacht le forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht de réir mar is gá.

7.   Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar an liosta táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

8.   Sainaithneoidh an Coimisiún mar gheatóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17, aon ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a chomhlíonann gach ceann de cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, ach nach sásaíonn gach ceann de na tairseacha i mír 2 den Airteagal seo.

Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún cuid de na heilimintí seo a leanas nó iad go léir san áireamh, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha don ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige atá á bhreithniú:

(a)

méid, lena n-áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an ghnóthais sin;

(b)

an líon úsáideoirí gnó a úsáideann an chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n-úsáideoirí deiridh;

(c)

éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an ghnóthais ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta, agus iad a bheith á mbailiú aige, nó cumas anailísíochta an ghnóthais;

(d)

éifeachtaí scála agus raon feidhme ar bith a mbaineann an gnóthas tairbhe astu, lena n-áirítear maidir le sonraí, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas;

(e)

úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a bheith glasáilte isteach, lena n-áirítear costais ar athrú a dhéanamh agus claontacht iompraíochta a chuireann isteach ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh athrú nó ilfhrithing a dhéanamh;

(f)

struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ceartingearach an ghnóthais sin, mar shampla, a chuireann ar chumas an ghnóthais sin tras-fhóirdheonú a dhéanamh, chun sonraí ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal, nó chun a sheasamh a ghiaráil; nó

(g)

saintréithe struchtúracha eile gnó nó seirbhíse.

Agus a mheasúnú á dhéanamh aige faoin mír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí intuartha maidir leis na gnéithe a liostaítear sa dara fomhír, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe pleanáilte lena mbaineann gnóthas eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige nó seirbhísí eile á soláthar aige san earnáil dhigiteach nó a chumasaíonn sonraí a bhailiú.

I gcás nach sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige tairseacha cainníochtúla mhír 2, go ndéanann sé na bearta imscrúdaitheacha arna n-ordú ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh ar bhealach suntasach, agus ina leanann an neamhchomhlíonadh sin ar aghaidh i ndiaidh don ghnóthas sin cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnta agus tuairimí a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil don choimisiún.

9.   I gcás gach gnóthais a ainmnítear mar gheatóir de bhun mhír 4 nó 8, déanfaidh an Coimisiún liosta sa chinneadh ainmniúcháin de na croísheirbhísí ardáin ábhartha atá á soláthar laistigh den ghnóthas sin agus a fheidhmíonn, ceann ar cheann, mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

10.   Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 laistigh de 6 mhí i ndiaidh croísheirbhís ardáin a bheith liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun mhír 9 den Airteagal seo.

Airteagal 11

Tuairisciú

1.   Laistigh de 6 mhí tar éis a ainmnithe de bhun Airteagal 3, agus i gcomhréir le hAirteagal 3(10), cuirfidh an geatóir tuarascáil ar fáil don choimisiún ina mbeidh tuairisc ar mhodh mionsonraithe agus trédhearcach ar na bearta atá curtha chun feidhme aige, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

2.   Laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an geatóir achoimre neamhrúnda ar an tuarascáil sin, agus cuirfidh sé an achoimre sin ar fáil don choimisiún.

Déanfaidh an geatóir an tuarascáil sin agus an achoimre neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.

Cuirfidh an Coimisiún nasc leis an achoimre neamhrúnda sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 12

Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú

1.   Tabharfar de chumhacht don choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Rialachán seo i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6.

2.   Beidh raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le croísheirbhísí ardáin áirithe a leathnú chuig croísheirbhísí ardáin eile a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2);

(b)

oibleagáid a théann chun tairbhe d’úsáideoirí gnó áirithe nó úsáideoirí deiridh áirithe a leathnú ionas go rachaidh sé chun tairbhe d’úsáideoirí gnó eile nó d’úsáideoirí deiridh eile;

(c)

an modh a shonrú ina mbeidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le comhlíonadh ag geatóirí chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú;

(d)

síneadh a chur le hoibleagáid nach mbaineann ach le seirbhísí áirithe a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin do sheirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin;

(e)

oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach maidir le cineálacha áirithe sonraí a leathnú chun go mbeidh feidhm aici maidir le cineálacha eile sonraí;

(f)

coinníollacha breise a chur isteach i gcás ina bhforchuireann oibleagáid coinníollacha áirithe ar iompar geatóra; nó

(g)

oibleagáid a chur i bhfeidhm a rialaíonn an gaol idir croísheirbhísí ardáin éagsúla an gheatóra maidir leis an ngaol idir croísheirbhís ardáin agus seirbhísí eile an gheatóra.

3.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú maidir le liosta na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a aithnítear in Airteagail 7(2), trí fheidhmiúlachtaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur leis nó a bhaint.

Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.

4.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na hoibleagáidí in Airteagal 7 tríd an mbealach a gcuirfear na hoibleagáidí sin i gcrích a shonrú chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.

5.   Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:

(a)

ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:

(i)

go ndéanann sé difear d’inchoimhlinteacht chroísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfar difear dóibh ar bhonn marthanach de bharr bacainní iontrála a chruthú nó a neartú do ghnóthais eile nó forleathnú mar sholáthraithe croísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach; nó

(ii)

go gcuireann sé cosc ar oibreoirí eile an rochtain chéanna a bheith acu ar ionchur lárnach agus atá ag an ngeatóir; nó

(b)

ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin.

Airteagal 14

An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe

1.   Cuirfidh an geatóir an Coimisiún ar an eolas faoi chomhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach nó ina gcumasaíonn siad sonraí a bhailiú, gan beann ar é a bheith infhógartha don choimisiún faoin Rialachán sin nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc.

Tabharfaidh geatóir eolas don choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.

2.   San fhaisnéis a thabharfaidh an geatóir de bhun mhír 1, beidh ar a laghad tuairisc ar na gnóthais a mbaineann an comhchruinniú leo, a láimhdeachais bhliantúla Aontais agus dhomhanda, a réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach idirbhirt an chomhaontaithe nó meastachán orthu, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, agus liosta de na Ballstáit a mbaineann an comhchruinniú leo.

Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.

3.   Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sroicheann croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ar bhonn aonair, cuirfidh an geatóir lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don choimisiún.

4.   Cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus foilseoidh sé go bliantúil liosta de na fálacha ar chuir na geatóirí ar an eolas iad fúthu de bhun na míre sin.

Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun a iarraidh ar an gCoimisiún an comhchruinniú a scrúdú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 21

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 26

Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta

1.   Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus na gcinntí a glacadh de bhun Airteagail 8, 18, 24, 25 agus 29. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin go háirithe oibleagáid a fhorchur ar an ngeatóir gach doiciméad a choinneáil a mheastar a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí agus na gcinntí sin.

2.   Is féidir go n-áireofar leis na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1 saineolaithe agus iniúchóirí neamhspleácha seachtracha, chomh maith le hoifigigh ó údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a cheapadh, chun cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí agus ar na bearta agus chun saineolas nó eolas ar leith a sholáthar don choimisiún.

Airteagal 28

Feidhm chomhlíonta

1.   Tabharfaidh geatóirí feidhm chomhlíonta isteach atá neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla an gheatóra agus ina mbeidh oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíonta.

2.   Áiritheoidh an geatóir go bhfuil údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíonta dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta an gheatóra chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann an geatóir an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an inniúlacht is gá ag oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh de bhun mhír 1 chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a chomhall.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra freisin gur bainisteoir sinsearach neamhspleách é an ceann sin ar a bhfuil freagracht ar leith as an bhfeidhm chomhlíonta.

4.   Tuairisceoidh ceann na feidhme comhlíonta go díreach chuig comhlacht bainistíochta an gheatóra agus féadfaidh sé ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina dtagann baol chun cinn nach mbeadh an Rialacháin seo á chomhlíonadh, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta i dtaca lena fheidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní bhainfear ceann na feidhme comhlíonta gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta an gheatóra.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh ag an ngeatóir de bhun mhír 1:

(a)

eagrú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta agus gníomhaíochtaí na ngeatóirí a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú;

(b)

bainistíocht agus fostaithe an gheatóra a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhairle a chur ar fáil ina leith sin;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 25, gan dochar do chumas an Choimisiúin saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh de bhun Airteagal 26(2);

(d)

comhoibriú leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo.

6.   Déanfaidh na geatóirí ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíonta a chur in iúl don choimisiún.

7.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta an gheatóra sainiú agus formhaoirseacht ar chur chun feidhme shocruithe rialachais an gheatóra agus beidh sé cuntasacht as, ar socruithe iad lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíonta, lena n-áirítear ilroinnt freagrachtaí in eagrú an gheatóra agus i gcosc coinbhleachtaí leasa.

8.   Formheasfaidh an comhlacht bainistíochta agus athbhreithneoidh sé go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun dul i mbun an Rialacháin seo agus chun bainistiú agus faireachán agus a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

9.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama le bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcinntí a bhaineann le bainistiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha air.

Airteagal 29

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chinneadh go bhfuil neamhchomhlíonadh ann (“an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh”) i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7;

(b)

bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);

(c)

leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);

(d)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó

(e)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féachfaidh an Coimisiún lena chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh laistigh de 12 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20.

3.   Sula nglacfaidh sé an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún na réamhchinntí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann. Sna réamhchinntí sin, míneoidh an Coimisiún na bearta a bhfuil sé á bheartú aige iad a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir iad a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

4.   I gcás ina mbeartaíonn sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le tríú páirtithe.

5.   Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, ordóidh an Coimisiún don gheatóir stopadh agus éirí as an neamhchomhlíonadh laistigh de spriocdháta iomchuí agus míniúcháin a sholáthar ar an mbealach ina mbeartaíonn sé an cinneadh sin a chomhlíonadh.

6.   Soláthróidh an geatóir don choimisiún tuairisc ar na bearta atá déanta aige chun comhlíonadh an chinnidh maidir le neamhchomhlíonadh a áirithiú.

7.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, cuirfidh sé deireadh leis na himeachtaí le cinneadh.

Airteagal 30

Fíneálacha

1.   Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7;

(b)

bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);

(c)

leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);

(d)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó

(e)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha suas le 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a ghearradh ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé go ndearna geatóir an sárú céanna nó sárú comhchosúil ar oibleagáid a leagtar síos in Airteagail 5, 6 nó 7 i ndáil leis an gcroísheirbhís ardáin chéanna agus a fuarthas amach go ndearna sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a glacadh sna 8 mbliana roimhe sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirtear ar ghnóthais agus, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, ar chomhlachais gnóthas, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcás, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

nach soláthraíonn siad faisnéis atá riachtanach chun a n-ainmniú mar gheatóirí laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 3 nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach;

(b)

nach gcomhlíonann siad an oibleagáid fógra a thabhairt don choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(3) a chomhlíonadh;

(c)

nach dtugann siad fógra faoi fhaisnéis nó ina ndéanann siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear a thabhairt de bhun Airteagal 14;

(d)

nach gcuireann siad an tuairisc isteach, nó ina ndéanann siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear de bhun Airteagal 15;

(e)

nach ndéanann siad rochtain a thabhairt ar shonraí, ar algartaim nó ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagra ar iarraidh arna dhéanamh de bhun Airteagal 21(3);

(f)

nach ndéanann siad faisnéis a iarradh a sholáthar laistigh den teorainn ama a socraíodh de bhun Airteagal 21(3) nó faisnéis nó míniúchán atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a iarrtar de bhun Airteagail 21 nó a tugadh in agallamh de bhun Airteagal 22;

(g)

nach gceartaíonn siad, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, a thug ionadaí nó ball foirne, nó nach soláthraíonn siad nó ina ndiúltaíonn siad faisnéis iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta de bhun Airteagal 23;

(h)

ina ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 23;

(i)

nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí arna bhforchur ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26;

(j)

nach dtugann siad feidhm chomhlíonta isteach i gcomhréir le hAirteagal 28; nó

(k)

nach gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 34(4).

4.   Agus méid fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tromchúis, an ré, an t-atarlú, agus, i gcás fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 3, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.

5.   I gcás ina ngearrtar fíneáil ar chomhlachas gnóthas agus láimhdeachas domhanda a chuid comhaltaí á chur san áireamh agus nach comhlachas sócmhainneach é an comhlachas sin, beidh sé de dhualgas air ranníocaíochtaí a iarraidh óna chuid comhaltaí chun méid na fíneála a chumhdach.

I gcás nár íocadh ranníocaíochtaí den sórt sin leis an gcomhlachas gnóthas laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndéanfaidh ceann ar bith de na gnóthais a raibh a gcuid ionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais sin lena mbaineann an fhíneáil a íoc go díreach.

I ndiaidh a chur de cheangal go ndéanfaí íocaíocht i gcomhréir leis an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar chomhaltaí ar bith den chomhlachas gnóthas an fuílleach a íoc, i gcás inar gá a dhéanamh amhlaidh chun íocaíocht iomlán na fíneála a áirithiú.

Ní chuirfidh an Coimisiún de cheangal, áfach, go ndéanfaí íocaíocht ó ghnóthais, de bhun an dara agus an tríú fomhír, ar gnóthais iad a thaispeánann nár chuir siad cinneadh chomhlachas na ngnóthas a sháraigh an Rialachán sin chun feidhme, agus nárbh eol dóibh é a bheith ann nó gur dhealaigh siad iad féin go gníomhach uaidh sular thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 20.

Ní rachaidh dliteanas airgeadais gach gnóthais maidir le híocaíocht na fíneála thar 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 32

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don choimisiún le hAirteagail 30 agus 31 faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.

3.   Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:

(a)

iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún;

(b)

údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúint dá oifigigh ag an gCoimisiún;

(c)

tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a bheidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.

5.   Cuirfear an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 33

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh cumhacht an Choimisiúin chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 30 agus 31 a fhorfheidhmiú faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama an lá ar a mbeidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Brisfear an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:

(a)

le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú; nó

(b)

le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta; nó

(b)

a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breith ón gCúirt Bhreithiúnais nó de bhun breith ó chúirt náisiúnta.

Airteagal 38

Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN). Beidh sé de chumhacht acu aon fhaisnéis maidir le hábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile. I gcás nach comhalta den Ghréasán Eorpach Iomaíochta é an t-údarás inniúil, déanfaidh an Coimisiún na socruithe is gá chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú maidir le cásanna a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo agus le forfheidhmiú na gcásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ag na húdaráis sin. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (l).

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) imscrúdú a sheoladh maidir le geatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil sula gcuirtear tús leis an mbeart sin nó díreach i ndiaidh tús a chur leis. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an dréachtbheart in iúl don choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglacfar é agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an mbeart. I gcás bearta idirlinne, cuirfidh údarás náisiúnta inniúil na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) na dréachtbhearta atá beartaithe in iúl don choimisiún a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí díreach tar éis ghlacadh na mbeart sin. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

4.   Ní bheidh feidhm ag na sásraí faisnéise dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí atá beartaithe de bhun rialacha náisiúnta cumaisc.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a mhalartófar de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a mhalartú ná a úsáid ach amháin chun comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

6.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) tacú le haon cheann dá imscrúduithe margaidh de bhun an Rialacháin seo.

7.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar a thionscnamh féin, imscrúdú a dhéanamh maidir le cás neamhchomhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ar a chríoch, i gcás ina bhfuil an inniúlacht agus cumhachtaí imscrúdaitheacha aige chun é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sula ndéanfaidh sé an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil, cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn.

Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an Rialacháin seo.

Airteagal 40

An grúpa ardleibhéil

1.   Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).

2.   Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha seo a leanas:

(a)

Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,

(b)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,

(c)

an Gréasán Eorpach Iomaíochta,

(d)

an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus

(e)

Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.

3.   Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán Eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.

5.   Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó

(b)

comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.

6.   Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.

Airteagal 49

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagal 12(1), (3) agus (4), a thabhairt don choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 50

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha”) cúnamh don choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuairim an choiste in iúl do sheolaí cinnidh aonair, in éineacht leis an gcinneadh sin. Cuirfidh sé an tuairim agus an cinneadh aonair ar fáil don phobal, ag féachaint don leas dlisteanach i gcosaint rúndachta gairmiúla.


whereas









keyboard_arrow_down