search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 27 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 72

 

Airteagal 27

Faisnéis ó thríú páirtithe

1.   Féadfaidh aon tríú páirtí, lena n-áirítear úsáideoirí gnó, iomaitheoirí nó úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), chomh maith lena n-ionadaithe, údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialachadtagraítear in Airteagal 1(6), nó an Coimisiún go díreach, a chur ar an eolas faoi aon chleachtas nó iompar a dhéanann geatóirí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Beidh lánrogha ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialachadtagraítear in Airteagal 1(6), agus ag an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí agusbheidh aon oibleagáid orthu beart leantach a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear.

3.   I gcás ina gcinnfidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialachadtagraítear in Airteagal 1(6), bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhféadfadh saincheist neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a bheith ann, aistreoidh sé an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún.


whereas









keyboard_arrow_down