search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 29 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 104

 

Airteagal 29

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chinneadh go bhfuil neamhchomhlíonadh ann (“an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh”) i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7;

(b)

bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);

(c)

leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);

(d)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó

(e)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féachfaidh an Coimisiún lena chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh laistigh de 12 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20.

3.   Sula nglacfaidh sé an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún na réamhchinntí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann. Sna réamhchinntí sin, míneoidh an Coimisiún na bearta a bhfuil sé á bheartú aige iad a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir iad a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

4.   I gcás ina mbeartaíonncinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le tríú páirtithe.

5.   Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, ordóidh an Coimisiún don gheatóir stopadh agus éirí as an neamhchomhlíonadh laistigh de spriocdháta iomchuí agus míniúcháin a sholáthar ar an mbealach ina mbeartaíonn sé an cinneadh sin a chomhlíonadh.

6.   Soláthróidh an geatóir don Choimisiún tuairisc ar na bearta atá déanta aige chun comhlíonadh an chinnidh maidir le neamhchomhlíonadh a áirithiú.

7.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, cuirfidhdeireadh leis na himeachtaí le cinneadh.


whereas









keyboard_arrow_down