search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'rialacháin' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index rialacháin:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
  • 1 Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

  • CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
  • 1 Airteagal 40 An grúpa ardleibhéil

  • CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas rialacháin:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1507

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, do gach gnólacht, lena n-áirithítear margaí atá inchoimhlinte agus cothrom san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair, chun leasa úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:

(a)

líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.

4.   Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2018/1972, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 den Treoir sin.

5.   Ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó bearta riaracháin chun críche margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, le haghaidh nithe atá lasmuigh de raon feidhme an rialacháin seo, ar choinníoll gur oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach n-eascraíonn siad as na gnóthais ábhartha a bhfuil an stádas mar gheatóir acu de réir bhrí an rialacháin seo.

6.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:

(a)

na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;

(b)

dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (23) ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.

7.   Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus déanfaidh siad comhordú orthu ar bhonn na bprionsabal a bhunaítear in Airteagail 37 agus 38.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “geatóir” gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a ainmnítear de bhun Airteagal 3;

(2)

ciallaíonn “croísheirbhís ardáin” ceann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

seirbhísí idirghabhála ar líne;

(b)

innill chuardaigh ar líne;

(c)

seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;

(d)

seirbhísí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir;

(f)

córais oibriúcháin;

(g)

brabhsálaithe gréasáin;

(h)

cúntóirí fíorúla;

(i)

seirbhísí néalríomhaireachta;

(j)

seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag gnóthas a sholáthraíonn ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (i);

(3)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” aon seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(4)

ciallaíonn “an earnáil dhigiteach” earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise, nó tríothu;

(5)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí idirghabhála ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;

(6)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2019/1150;

(7)

ciallaíonn “seirbhís líonraithe shóisialta ar líne” ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, ábhar a comhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;

(8)

ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;

(9)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;

(10)

ciallaíonn “córas oibriúcháin” bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua-earraí nó na mbogearraí agus lena gcumasaítear d’fheidhmchláir bogearraí rith orthu;

(11)

ciallaíonn “brabhsálaí gréasáin” feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar gréasáin atá á óstáil ar fhreastalaithe atá nasctha le líonraí amhail an tIdirlíon, agus idirghníomhú leis an ábhar sin, lena n-áirítear brabhsálaithe gréasáin neamhspleácha mar aon le brabhsálaithe gréasáin atá comhtháite nó leabaithe i mbogearraí nó a leithéid;

(12)

ciallaíonn “cúntóir fíorúil” bogearra ar féidir leis éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as ionchur fuaime, amhairc nó i scríbhinn, as gothaí nó as gluaiseachtaí, agus, bunaithe ar na héilimh, cúraimí nó ceisteanna sin, go dtugann sé rochtain ar sheirbhísí eile nó go ndéanann sé gléasanna fisiceacha nasctha a rialú;

(13)

ciallaíonn “seirbhísí néalríomhaireachta” seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (19) de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(14)

ciallaíonn “siopaí feidhmchlár bogearraí” cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n-idirghabháil;

(15)

ciallaíonn “feidhmchlár bogearraí” aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;

(16)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366;

(17)

ciallaíonn “seirbhís theicniúil a thacaíonn le seirbhís íocaíochta” seirbhís de réir bhrí Airteagal 3, pointe (j), de Threoir (AE) 2015/2366;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta le haghaidh ceannachán ionaipe” feidhmchlár bogearraí, seirbhís nó comhéadan úsáideora lena n-éascaítear ceannacháin ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha laistigh d’fheidhmchlár bogearraí, lena n-áirítear ábhar, síntiúis, gnéithe nó feidhmiúlacht, agus na híocaíochtaí ar cheannacháin den sórt sin;

(19)

ciallaíonn “seirbhís um shainaithint” cineál seirbhíse a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;

(20)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;

(21)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;

(22)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nó chúntóirí fhíorúla, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla nó innill chuardaigh ar líne iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, gan beann ar an modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin agus gan beann ar na cásanna nach léirítear nó nach gcuirtear ach aon toradh amháin in iúl;

(23)

ciallaíonn “torthaí cuardaigh” aon fhaisnéis in aon fhormáid, lena n-áirítear téacsúil, grafach, guthach nó aschuir eile, arna gcur ar ais mar fhreagairt ar chuardach, agus a bhaineann le cuardach, bíodh nó ná bíodh san fhaisnéis a chuirtear ar ais toradh íoctha nó neamhíoctha, freagra díreach nó táirge, seirbhís nó faisnéis ar bith a thairgtear i dtaca leis na torthaí orgánacha, nó a thaispeántar in éineacht leo, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán iontu;

(24)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;

(25)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(26)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(27)

ciallaíonn “gnóthas” eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná ar an mbealach a dhéantar é a mhaoiniú, lena n-áirítear na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó ghnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile;

(28)

ciallaíonn “rialú” an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(29)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas faisnéis a mhalartú agus úsáid fhrithpháirteach a bhaint as an bhfaisnéis a malartaíodh trí chomhéadain nó réitigh eile, ionas go mbeidh gnéithe uile na gcrua-earraí nó na mbogearraí in ann oibriú leis na crua-earraí nó na bogearraí agus le húsáideoirí sna bealaí ar fad ina bhfuil siad ceaptha feidhmiú;

(30)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(31)

ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(32)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;

(33)

ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

CAIBIDIL II

GEATÓIRÍ

Airteagal 8

Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh

1.   Áiritheoidh agus léireoidh an geatóir go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. Beidh na bearta atá á gcur chun feidhme ag an ngeatóir chun comhlíonadh na nAirteagal sin a áirithiú éifeachtach maidir le cuspóirí an rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach. Áiritheoidh an geatóir go gcomhlíonann cur chun feidhme na mbeart sin an dlí infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, Treoir 2002/58/CE, reachtaíocht maidir le cibearshlándáil, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí, agus na riachtanais inrochtaineachta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó gheatóir de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tús a chur le himeachtaí de bhun Airteagal 20.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh go héifeachtach. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin laistigh de 6 mhí ó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Agus tús á chur le himeachtaí aige ar a thionscnamh féin ar mhaithe le himchéimniú, de bhun Airteagal 13, féadfaidh bearta den sórt sin a bheith bainteach leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

3.   Féadfaidh geatóir a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun próisis chun a chinneadh maidir leis na bearta atá beartaithe ag an ngeatóir sin a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 6 agus 7 an mbeidh siad éifeachtach chun cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach in imthosca sonracha an gheatóra. Beidh lánrogha ag an gCoimisiún agus cinneadh á dhéanamh aige an rachaidh sé i mbun próisis den sórt sin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na córa comhionainne, na comhréireachta agus an dea-riaracháin.

San iarraidh uaidh, soláthróidh an geatóir aighneacht réasúnaithe chun na bearta atá sé i gceist aige a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige a mhíniú. Thairis sin, soláthróidh an geatóir leagan neamhrúnda dá aighneacht réasúnaithe is ceadmhach a roinnt le tríú páirtithe de bhun mhír 6.

4.   Tá míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

5.   D’fhonn an cinneadh faoi mhír 2 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir laistigh de 3 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh faoi Airteagal 20. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta atá sé a bheartú a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

6.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú go héifeachtach le tráchtanna a dhéanamh, foilseoidh an Coimisiún, agus a réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 5 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar na bearta a mheasann sé a dhéanfaidh sé, nó a mheasann sé ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

7.   Agus na bearta faoi mhír 2 á sonrú aige, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil na bearta éifeachtach maidir le cuspóirí an rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach, agus go bhfuil siad comhréireach in imthosca sonracha an gheatóra agus na seirbhíse ábhartha.

8.   Chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(11) agus (12) a shonrú, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirithíonn na bearta atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme nach bhfuil aon éagothroime ó thaobh cearta agus oibleagáidí ar úsáideoirí gnó agus nach dtugann na bearta féin buntáiste don gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó.

9.   Maidir le himeachtaí de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh iad a oscailt an athuair sa chás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; nó

(b)

gur bunaíodh an cinneadh ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach; nó

(c)

nach bhfuil na bearta mar atá sonraithe sa chinneadh éifeachtach.

Airteagal 13

Frith-imchéimniú

1.   Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ní dhéanfaidh sé iad a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt trí mhodhanna conarthacha, tráchtála, teicniúla nó ar aon bhealach eile chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 3(2). Ní chuirfidh aon chleachtas den sórt sin arna dhéanamh ag gnóthas cosc ar an gCoimisiún é a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(4).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus drochamhras air go bhfuil an gnóthas sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige i mbun cleachtais a leagtar síos i mír 1, a cheangal ar an ngnóthas sin aon fhaisnéis a mheasann sé is gá a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh an gnóthas sin ag gabháil do chleachtas den sórt sin.

3.   Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach.

4.   Ní ghabhfaidh an geatóir d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 beag beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.

5.   I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a thras-úsáid agus a roinnt chun comhlíonadh an rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear an toiliú sin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin níos déine don úsáideoir gnó ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.

6.   Ní dhéanfaidh an geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir deiridh ar bhealach nach bhfuil neodrach, nó neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó a threascairt trí struchtúr, trí dhearadh, trí fheidhm nó trí mhodh oibríochta comhéadain úsáideora nó cuid de.

7.   I gcás ina dtagann an geatóir timpeall ar aon cheann de na hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 nó 7 nó ina ndeánann sé iarracht teacht timpeall orthu ar bhealach a thuairiscítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 agus gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghlacadh chun na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme a shonrú.

8.   Beidh mír 6 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.

Airteagal 18

Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.

3.   Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.

5.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

6.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.

8.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.

Airteagal 27

Faisnéis ó thríú páirtithe

1.   Féadfaidh aon tríú páirtí, lena n-áirítear úsáideoirí gnó, iomaitheoirí nó úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), chomh maith lena n-ionadaithe, údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), nó an Coimisiún go díreach, a chur ar an eolas faoi aon chleachtas nó iompar a dhéanann geatóirí a thagann faoi raon feidhme an rialacháin seo.

2.   Beidh lánrogha ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), agus ag an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí agus ní bheidh aon oibleagáid orthu beart leantach a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear.

3.   I gcás ina gcinnfidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhféadfadh saincheist neamhchomhlíonadh an rialacháin seo a bheith ann, aistreoidh sé an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún.

Airteagal 28

Feidhm chomhlíonta

1.   Tabharfaidh geatóirí feidhm chomhlíonta isteach atá neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla an gheatóra agus ina mbeidh oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíonta.

2.   Áiritheoidh an geatóir go bhfuil údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíonta dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta an gheatóra chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann an geatóir an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an inniúlacht is gá ag oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh de bhun mhír 1 chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a chomhall.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra freisin gur bainisteoir sinsearach neamhspleách é an ceann sin ar a bhfuil freagracht ar leith as an bhfeidhm chomhlíonta.

4.   Tuairisceoidh ceann na feidhme comhlíonta go díreach chuig comhlacht bainistíochta an gheatóra agus féadfaidh sé ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina dtagann baol chun cinn nach mbeadh an rialacháin seo á chomhlíonadh, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta i dtaca lena fheidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní bhainfear ceann na feidhme comhlíonta gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta an gheatóra.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh ag an ngeatóir de bhun mhír 1:

(a)

eagrú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta agus gníomhaíochtaí na ngeatóirí a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh an rialacháin seo a áirithiú;

(b)

bainistíocht agus fostaithe an gheatóra a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh an rialacháin seo agus comhairle a chur ar fáil ina leith sin;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 25, gan dochar do chumas an Choimisiúin saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh de bhun Airteagal 26(2);

(d)

comhoibriú leis an gCoimisiún chun críche an rialacháin seo.

6.   Déanfaidh na geatóirí ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíonta a chur in iúl don Choimisiún.

7.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta an gheatóra sainiú agus formhaoirseacht ar chur chun feidhme shocruithe rialachais an gheatóra agus beidh sé cuntasacht as, ar socruithe iad lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíonta, lena n-áirítear ilroinnt freagrachtaí in eagrú an gheatóra agus i gcosc coinbhleachtaí leasa.

8.   Formheasfaidh an comhlacht bainistíochta agus athbhreithneoidh sé go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun dul i mbun an rialacháin seo agus chun bainistiú agus faireachán agus a dhéanamh ar chomhlíonadh an rialacháin seo.

9.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama le bainistiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an rialacháin seo. Glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcinntí a bhaineann le bainistiú agus forfheidhmiú an rialacháin seo agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha air.

Airteagal 35

Tuairisciú bliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an rialacháin seo agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.

2.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin lena n-áirítear aon bhearta nó cinntí a glacadh agus imscrúduithe margaidh leanúnacha i dtaca leis an Rialachán seo;

(b)

na torthaí ar an bhfaireachán a rinneadh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a rinne na geatóirí;

(c)

measúnú ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d)

forléargas ar an gcomhar idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta i dtaca leis an Rialachán seo;

(e)

forléargas ar na gníomhaíochtaí agus na cúraimí a rinne Grúpa Ardleibhéil na Rialtóirí Digiteacha, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear chun feidhme a chuid moltaí a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an rialacháin seo.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 36

Rúndacht ghairmiúil

1.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun an rialacháin seo chun críocha an rialacháin seo.

2.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 14 chun críocha an rialacháin seo, Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus rialacha náisiúnta cumaisc.

3.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 15 chun críocha an rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Gan dochar don mhalartú faisnéise agus d’úsáid faisnéise a soláthraíodh chun í a úsáid de bhun Airteagail 38, 39, 41 agus 43, ní nochtfaidh an Coimisiún, údaráis inniúla na mBallstát, a gcuid oifigeach, searbhóntaí agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 26(2), faisnéis a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an rialacháin seo agus atá den chineál atá á cumhdach ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 37

Comhar leis na húdaráis náisiúnta

1.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus déanfaidh siad comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chun forfheidhmiú comhleanúnach, éifeachtach agus comhlántach na n-ionstraimí dlí atá ar fáil a áirithiú, ar ionstraimí dlí iad a chuirtear i bhfeidhm ar gheatóirí de réir bhrí an rialacháin seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an rialacháin seo.

Airteagal 38

Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoi seach tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta (ECN). Beidh sé de chumhacht acu aon fhaisnéis maidir le hábhar fíorais nó dlí, lena n-áirítear faisnéis rúnda, a chur ar fáil dá chéile. I gcás nach comhalta den Ghréasán Eorpach Iomaíochta é an t-údarás inniúil, déanfaidh an Coimisiún na socruithe is gá chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú maidir le cásanna a bhaineann le forfheidhmiú an rialacháin seo agus le forfheidhmiú na gcásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ag na húdaráis sin. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (l).

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) imscrúdú a sheoladh maidir le geatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn faoin gcéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil sula gcuirtear tús leis an mbeart sin nó díreach i ndiaidh tús a chur leis. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) oibleagáidí a fhorchur ar gheatóirí bunaithe ar dhlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh sé an dréachtbheart in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglacfar é agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an mbeart. I gcás bearta idirlinne, cuirfidh údarás náisiúnta inniúil na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) na dréachtbhearta atá beartaithe in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí díreach tar éis ghlacadh na mbeart sin. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát eile a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

4.   Ní bheidh feidhm ag na sásraí faisnéise dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí atá beartaithe de bhun rialacha náisiúnta cumaisc.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a mhalartófar de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo a mhalartú ná a úsáid ach amháin chun comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6).

6.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) tacú le haon cheann dá imscrúduithe margaidh de bhun an rialacháin seo.

7.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar a thionscnamh féin, imscrúdú a dhéanamh maidir le cás neamhchomhlíonadh Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ar a chríoch, i gcás ina bhfuil an inniúlacht agus cumhachtaí imscrúdaitheacha aige chun é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sula ndéanfaidh sé an chéad bheart imscrúdaitheach foirmiúil, cuirfidh an t-údarás sin an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn.

Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don Choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an rialacháin seo.

Airteagal 39

Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

1.   In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an rialacháin seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.

4.   Chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

5.   Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 40

An grúpa ardleibhéil

1.   Bunóidh an Coimisiún grúpa ardleibhéil le haghaidh an Ghnímh um Margaí Digiteacha (“an grúpa ardleibhéil”).

2.   Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha seo a leanas:

(a)

Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,

(b)

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,

(c)

an Gréasán Eorpach Iomaíochta,

(d)

an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus

(e)

Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.

3.   Beidh an líon comhionann ionadaithe sa ghrúpa ardleibhéil ag gach comhlacht agus gréasán Eorpach dá dtagraítear i mír 2. Ní mó ná 30 a bheidh líon uasta comhaltaí an ghrúpa ardleibhéil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don ghrúpa ardleibhéil chun a chuid oibre a éascú. Is é an Coimisiún, a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an ghrúpa ardleibhéil, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa sin. Tiocfaidh an grúpa ardleibhéil le chéile arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana féilire. Tionólfaidh an Coimisiún freisin cruinniú an ghrúpa nuair a iarrfaidh tromlach na gcomhaltaí dá bhfuil an grúpa comhdhéanta sin air chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach.

5.   Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an rialacháin seo; nó

(b)

comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.

6.   Na hidirghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil- ar leith a chuireann na húdaráis náisiúnta dá bhfuil na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 2 comhdhéanta i bhfeidhm, féadfaidh an grúpa ardleibhéil iad sin, go háirithe, a shainaithint agus a mheasúnú agus tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcuirfí an measúnú sin i láthair agus lena sainaithneofaí saincheisteanna tras-rialála a d’fhéadfadh a bheith ann. Féadfaidh moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin lena ndíreofaí ar dhul i dtreo cuir chuige agus sineirgí comhsheasmhacha trasdisciplíneacha idir cur chun feidhme an rialacháin seo agus rialacháin earnála eile. Cuirfear an tuarascáil in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.   I gcomhthéacs imscrúduithe margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua, féadfaidh an grúpa ardleibhéil saineolas a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ngá atá le cur le rialacha sa Rialachán seo, iad a leasú nó iad a bhaint, chun a áirithiú go bhfuil margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom.

Airteagal 53

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Measúnófar leis na meastóireachtaí ar baineadh amach nó nár baineadh amach aidhmeanna an rialacháin seo, is iad sin margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú, agus measúnófar leo freisin tionchar an rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, FBManna go háirithe, agus ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht féachaint an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.

3.   Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil sé de cheangal rialacha a mhodhnú, lena n-áirítear maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus a bhforfheidhmiú, chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

4.   Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Aibreán 2023.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagail 40, 46, 47, 48, 49 agus 50 ón 11 Deireadh Fómhair 2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 25 Meitheamh 2023.

Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta an 25 Meitheamh 2023 roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo, cuirfear siar cur i bhfeidhm Airteagal 42 agus Airteagal 43 go dtí an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 64.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(6)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(7)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(8)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(10)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(11)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(12)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le Seirbhísí Sochaí Faisnéise, (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpachum Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(15)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(20)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(21)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(22)  IO C 147, 26.4.2021, lch. 4.

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

A.   “Ginearálta”

1.

Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu.

2.

Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin.

3.

Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla.

B.   “Úsáideoirí deiridh gníomhacha”

1.

Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:

a.

Meastar go mbainfeadh an riosca dúblála is lú, prima facie, le sonraí a bhailítear faoi úsáid croíseirbhísí ardáin ó thimpeallachtaí ina sínítear isteach nó ina logáiltear isteach, i ndáil le hiompar úsáideoirí ar fheistí nó ardáin éagsúla, mar shampla. Dá bhrí sin, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh maidir le líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla do gach croísheirbhís ardáin faoi seach bunaithe ar thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, más ann do na sonraí sin.

b.

I gcás croísheirbhísí ardáin a mbíonn rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh freisin maidir le líon úsáideoirí deiridh uathúla na croísheirbhíse ardáin faoi seach bunaithe ar mhéadrach malartach a ghabhann úsáideoirí deiridh freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta, ar choinníoll go bhfuil na seoltaí nó na haitheantóirí sin riachtanach go hoibiachtúil chun na croísheirbhísí ardáin a sholáthar.

2.

Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla

C.   “Úsáideoirí gnó gníomhacha”

Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha.

D.   “Faisnéis a chur isteach”

1.

Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:

a.

Beidh an gnóthas freagrach as sonraí a chur isteach le haghaidh croísheirbhís ardáin faoi seach, ionas nach ndéantar gannáireamh ná ró-áireamh ar líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha (mar shampla i gcás ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar na croísheirbhísí ardáin ar ardáin nó ar fheistí éagsúla).

b.

Beidh an gnóthas freagrach as mínithe beachta agus gonta a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis agus as aon riosca a bhaineann le líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a ghannáireamh nó a ró-áireamh i gcás croísheirbhís ardáin faoi seach agus maidir leis na réitigh a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

c.

Cuirfidh an gnóthas sonraí ar fáil, ar sonraí iad atá bunaithe ar mhéadrach malartach, nuair a bheidh imní ar an gCoimisiún faoi chruinneas na sonraí arna soláthar ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige.

2.

Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:

a.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, ní shainaithneoidh sé croísheirbhísí ardáin a bhaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) ar leithligh, go príomha ar an mbonn go soláthraítear iad agus ainmneacha fearainn éagsúla in úsáid – is cuma cé acu fearainn bharrleibhéil cód tíre (ccTLDanna) nó fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna) – nó saintréithe geografacha éigin atá i gceist.

b.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na croísheirbhísí ardáin sin a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2).

c.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na seirbhísí sin a thairgeann an gnóthas ábhartha ar bhealach comhtháite, ach:

(i)

nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) nó

(ii)

,a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2, pointe (2).

E.   “Sainmhínithe sonracha”

Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.

Croísheirbhísí ardáin

Úsáideoirí deiridh gníomhacha

Úsáideoirí gnó gníomhacha

Seirbhísí idirghabhála ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís idirghabhála ar líne uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí logáil isteach go gníomhach, fiosrú a dhéanamh, cliceáil nó scrollú nó trí idirbheart a thabhairt i gcrích tríd an tseirbhís idirghabhála ar líne uair sa mhí ar a laghad.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a raibh mír amháin ar a laghad liostaithe sa tseirbhís idirghabhála ar líne acu i gcaitheamh na bliana iomláine nó a thug idirbheart i gcrích arna chumasú ag an tseirbhís idirghabhála ar líne i gcaitheamh na bliana.

Innill chuardaigh ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an inneall cuardaigh ar líne uair sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí fhiosrú a dhéanamh.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil suíomhanna gréasáin gnó acu (i.e. suíomh gréasáin a úsáidtear i gcáil tráchtála nó ghairmiúil) atá innéacsaithe ag innéacs an innill cuardaigh ar líne nó ar cuid den innéacs sin iad i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil liostú gnó nó cuntas gnó acu sa tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne agus a mbíonn baint acu leis an tseirbhís ar bhealach ar bith ar a laghad uair amháin i gcaitheamh na bliana, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt nó a huirlisí a úsáid do ghnólachtaí.

Seirbhísí ardáin comhroinnte físeán

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí dheighleán d’inneachar closamhairc a chasadh, trí fhiosrú a dhéanamh nó trí phíosa inneachair closamhairc a uaslódáil, lena n-áirítear go háirithe físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair ar a laghad píosa amháin inneachair closamhairc a uaslódáladh nó a casadh ar an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a d’úsáid cuntas gnó nó a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le húsáideoir deiridh uair amháin ar a laghad i gcaitheamh na bliana.

Córais oibriúcháin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a d’úsáid feiste leis an gcóras oibriúcháin, a rinneadh é gníomhachtú, a nuashonrú nó a úsáid uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na bhforbróirí uathúla a d’fhoilsigh, a nuashonraigh nó a thairg feidhmchlár bogearraí nó ríomhchlár bogearraí amháin ar a laghad ag baint úsáid as an teanga ríomhchlárúcháin nó aon uirlisí forbartha bogearraí den chóras oibriúcháin, nó a ritheann ar bhealach ar bith air, i gcaitheamh na bliana.

Cúntóir fíorúil

Líon na n-úsáideoirí deiridh a raibh baint acu leis an gcúntóir fíorúil ar bhealach ar bith uair amháin ar a laghad sa mhí, amhail trína ghníomhachtú, trí cheist a chur, trí rochtain a fháil ar sheirbhís trí ordú nó trí fheiste chliste bhaile a rialú.

Líon na bhforbróirí uathúla a thairg feidhmchlár bogearraí cúntóra fíorúil amháin ar a laghad nó feidhmiúlacht chun feidhmchlár bogearraí atá ann cheana a dhéanamh inrochtana tríd an gcúntóir fíorúil i gcaitheamh na bliana.

Brabhsálaithe gréasáin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí cheist nó seoladh suímh gréasáin a chur i líne URL an bhrabhsálaí gréasáin.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil a suímh ghréasáin ghnó (i.e suíomh gréasáin a úsáidtear i dtaca le hinniúlacht ghairmiúil nó phearsanta) oscailte tríd an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa bhliain nó a thairg breiseán, forlíontán nó uirlisí comhlántacha arna n-úsáid ar an mbrabhsálaí gréasáin i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí néalríomhaireachta

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu le haon seirbhísí néalríomhaireachta ó sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta uair amháin ar a laghad sa mhí, mar mhalairt ar aon chineál luacha saothair, gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an luach saothair le linn na míosa céanna.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair aon seirbhísí néalríomhaireachta arna n-óstáil i mbonneagar néalríomhaireachta sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí fógraíochta ar líne

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta a spreag an tseirbhís fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na bhfógróirí uathúla a raibh taispeáint fógraíochta amháin ar a laghad ar taispeáint acu i gcaitheamh na bliana.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla (lena n-áirítear fógróirí, foilsitheoirí nó idirghabhálaithe eile) a d’idirghníomhaigh tríd an tseirbhís idirghabhála fógraíochta i gcaitheamh na bliana nó a ndearna an tseirbhís fógraíochta idirghabhála freastal orthu.



whereas









keyboard_arrow_down