search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 10 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 141

 

Airteagal 10

Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an geatóir sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó oibleagáid shonrach a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 maidir le croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), ina bhfuil údar maith le díolúine den sórt sin ar na forais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo (“an cinneadh díolúine”). Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh díolúine laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh atá réasúnaithe go hiomlán a fháil, agus soláthróidh sé ráiteas réasúnaithe ina míneofar na forais leis an díolúine. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndeonaítear díolúine de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh díolúine más rud é nach ann a thuilleadh d’fhoras na díolúine nó ar a laghad gach bliain. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh go fóill.

3.   Ní fhéadfar díolúine de bhun mhír 1 a dheonú ach amháin ar fhorais sláinte poiblí nó slándála poiblí.

4.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leithdtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháinníos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

5.   Agus an iarraidhdtagraítear i míreanna 1 agus 4 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar na forais i mír 3 chomh maith leis na héifeachtaí ar an ngeatóir lena mbaineann agus ar thríú páirtithe. D’fhéadfadh an Coimisiún an fhionraí a chur faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna atá á saothrú leis na forais i mír 3 agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo.


whereas









keyboard_arrow_down