search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 12 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 185

 

Airteagal 12

Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Rialachán seo i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáinatá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6.

2.   Beidh raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le croísheirbhísí ardáin áirithe a leathnú chuig croísheirbhísí ardáin eile a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2);

(b)

oibleagáid a théann chun tairbhe d’úsáideoirí gnó áirithe nó úsáideoirí deiridh áirithe a leathnú ionas go rachaidh sé chun tairbhe d’úsáideoirí gnó eiled’úsáideoirí deiridh eile;

(c)

an modh a shonrú ina mbeidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le comhlíonadh ag geatóirí chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú;

(d)

síneadh a chur le hoibleagáid nach mbaineann ach le seirbhísí áirithe a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin do sheirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin;

(e)

oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach maidir le cineálacha áirithe sonraí a leathnú chun go mbeidh feidhm aici maidir le cineálacha eile sonraí;

(f)

coinníollacha breise a chur isteach i gcás ina bhforchuireann oibleagáid coinníollacha áirithe ar iompar geatóra; nó

(g)

oibleagáid a chur i bhfeidhm a rialaíonn an gaol idir croísheirbhísí ardáin éagsúla an gheatóra maidir leis an ngaol idir croísheirbhís ardáin agus seirbhísí eile an gheatóra.

3.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú maidir le liosta na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a aithnítear in Airteagail 7(2), trí fheidhmiúlachtaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur leis nó a bhaint.

Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáinatá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.

4.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na hoibleagáidí in Airteagal 7 tríd an mbealach a gcuirfear na hoibleagáidí sin i gcrích a shonrú chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáinatá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.

5.   Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:

(a)

ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:

(i)

go ndéanann sé difear d’inchoimhlinteacht chroísheirbhíse ardáinseirbhísí eile san earnáil dhigiteach, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfar difear dóibh ar bhonn marthanach de bharr bacainní iontrála a chruthú nó a neartú do ghnóthais eile nó forleathnú mar sholáthraithe croísheirbhíse ardáinseirbhísí eile san earnáil dhigiteach; nó

(ii)

go gcuireann sé cosc ar oibreoirí eile an rochtain chéanna a bheith acu ar ionchur lárnach agus atá ag an ngeatóir; nó

(b)

ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin.


whereas









keyboard_arrow_down