keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- 3 Airteagal 33 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- tréimhse 13
- haghaidh 7
- theorann 7
- áireamh 6
- bhun 5
- tréimhsiúla 4
- sárú 4
- agus 4
- leis 4
- fhorfheidhmiú 4
- chun 4
- gcoimisiún 4
- pionóis 4
- fionraí 4
- tosófar 4
- dhéanfaidh 3
- cinneadh 3
- lena 3
- airteagal 3
- teorann 3
- faoi 3
- réir 3
- beidh 3
- pionósacha 2
- briseadh 2
- choimisiún 2
- maidir 2
- fíneálacha 2
- íocaíochtaí 2
- imeachtaí 2
- gach 2
- tréimhsí 2
- iarraidh 2
- pionósaí 2
- fógra 2
- arna 2
- fíneála 2
- fhorchur 2
- coimisiún 2
- bheidh 2
- íocaíochta 2
- thréimhse 2
- íocaíocht 2
- sáruithe 2
- dhéantar 2
- arís 2
- áfach 2
- breith 2
- thugtar 2
- atá 2
Airteagal 32
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
1. Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 30 agus 31 faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.
2. Tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, tosófar san áireamh na tréimhse ama ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú.
3. Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:
(a) | iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún; |
(b) | údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúint dá oifigigh ag an gCoimisiún; |
(c) | tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20. |
4. Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar an lá a bheidh tréimhse arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann imithe thart gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin atá ar aon fhad leis an tréimhse a bhfuil an teorainn ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
5. Cuirfear an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí fad a bheidh an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.
Airteagal 33
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
1. Beidh cumhacht an Choimisiúin chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 30 agus 31 a fhorfheidhmiú faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.
2. Tosófar san áireamh na tréimhse ama an lá ar a mbeidh an cinneadh críochnaitheach.
3. Brisfear an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:
(a) | le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú; nó |
(b) | le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú. |
4. Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh.
5. Beidh an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:
(a) | a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta; nó |
(b) | a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breith ón gCúirt Bhreithiúnais nó de bhun breith ó chúirt náisiúnta. |
whereas