search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'gcúirt' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index gcúirt:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
  • 2 Airteagal 39 Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

  • CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas gcúirt:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 381

 

Airteagal 23

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas.

2.   Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh agus ag daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh:

(a)

dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair gnóthais agus comhlachais gnóthas;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair nó na taifid sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;

(d)

ceangal a chur ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagrú, a fheidhmiú, córas TF, algartaim, cleachtais láimhseála sonraí agus cleachtais ghnó agus na mínithe arna dtabhairt a thaifeadadh nó a dhoiciméadú trí aon mhodh teicniúil;

(e)

aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an iniúchta agus na freagraí a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil.

3.   Chun cigireachtaí a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26(2) a iarraidh, chomh maith le cúnamh ó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

4.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh an Coimisiún, na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh sé, agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, a cheangal ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a thabhairt ar a eagraíocht, feidhmiú, córas TF, algartaim, láimhseáil sonraí agus iompar gnó. Féadfaidh an Coimisiún agus na hiniúchóirí nó na saineolaithe a cheapfaidh agus údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ceisteanna a dhíriú ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne.

5.   Déanfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme i gcás ina mbeidh táirgeadh na leabhar a éilítear nó na dtaifead eile a bhaineann leis an ngnó neamhiomlán nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh faoi mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo mícheart nó míthreorach. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcigireacht d’údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) a fhorfheidhmiú ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh.

6.   Tá sé de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh ón gCoimisiún. Déanfar ábhar agus cuspóir na cigireachta a shonrú sa chinneadh sin, socrófar ann an dáta a chuirfear tús léi agus léireofar ann na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagail 30 agus 31 faoi seach, agus an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) ar ina chríoch atá an chigireacht le déanamh, ar iarraidh ón údarás sin nó ón gCoimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí a shonraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo acu.

8.   I gcás inar léir do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún gur chuir gnóthas nó comhlachas gnóthas i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá dóibh, agus iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó a gcomhionann d’údarás forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí, ionas go mbeidh siad ábalta a gcigireacht a dhéanamh.

9.   Más rud é, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, go ceanglaítear leis an cúnamh dá bhforáiltear i mír 8 den Airteagal seo údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfaidh an Coimisiún nó údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) nó oifigigh arna n-údarú ag na húdaráis sin iarratas ar an méid sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin mar bheart réamhchúraim freisin.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta fíorú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Choimisiúin barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus comhréireacht na mbeart comhéigneach á rialú aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), mínithe mionsonraithe a thabhairt go háirithe ar na forais atá ag an gCoimisiún le drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, chomh maith le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus cineál rannpháirtíochta an ghnóthais lena mbaineann. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an gcigireacht a thabhairt faoi cheist ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an Choimisiúin a éileamh dó féin. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin faoi réir a hathbhreithnithe ach ag an gcúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 33

Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh cumhacht an Choimisiúin chun cinntí a dhéantar de bhun Airteagail 30 agus 31 a fhorfheidhmiú faoi réir thréimhse theorann 5 bliana.

2.   Tosófar san áireamh na tréimhse ama an lá ar a mbeidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Brisfear an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:

(a)

le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú; nó

(b)

le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta; nó

(b)

a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breith ón gcúirt Bhreithiúnais nó de bhun breith ó chúirt náisiúnta.

Airteagal 39

Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

1.   In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.

4.   Chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

5.   Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 45

Athbhreithniú ag an gcúirt Bhreithiúnais

I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag an gcúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.


whereas









keyboard_arrow_down