search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 44 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 129

 

Airteagal 44

Caighdeáin

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord, agus tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán deonach agus cuirfidh sé chun cinn iad, ar caighdeáin iad arna leagan amach ag comhlachtaí ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, i leith an mhéid seo a leanas ar a laghad:

(a)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach faoi Airteagal 16;

(b)

teimpléid, caighdeáin maidir le dearadh agus próisis chun cumarsáid a dhéanamh le faighteoirí na seirbhíse ar bhealach atá intuigthe don úsáideoir maidir le srianta a eascraíonn as téarmaí agus coinníollacha agus as athruithe orthu;

(c)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach ag comharthóirí iontaofa faoi Airteagal 22, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár;

(d)

comhéadain shonracha, lena n-áirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 39 agus 40 a éascú;

(e)

iniúchadh ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 37;

(f)

idir-inoibritheacht na stór fógrán dá dtagraítear in Airteagal 39(2);

(g)

tarchur sonraí idir idirghabhálaithe fógraíochta mar thaca le hoibleagáidí trédhearcachta de bhun phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 26;

(h)

bearta teicniúla chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis an bhfógraíocht atá sa Rialachán seo a chumasú, lena n-áirítear na hoibleagáidí maidir le marcálacha feiceálacha d’fhógráin agus do chumarsáid tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 26;

(i)

comhéadain roghnúcháin agus cur i láthair faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair a bhaineann le cineálacha éagsúla córas moltaí, i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 38;

(j)

caighdeáin do bhearta spriocdhírithe chun mionaoisigh a chosaint ar líne.

2.   Tacóidh an Coimisiún le nuashonrú na gcaighdeán i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus iompar fhaighteoirí na seirbhísí i dtrácht. Beidh fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le nuashonrú na gcaighdeán agus beidhéasca teacht uirthi.


whereas









keyboard_arrow_down