search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA Art. 32 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 97

 

Airteagal 32

Ceart chun faisnéise

1.   Gan beann ar na modhanna a úsáidtear, i gcás ina dtuigtear do sholáthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil táirge nó seirbhís neamhdhleathach á dtairiscint ag trádálaí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas trína chuid seirbhísí, déanfaidh an soláthraí sin, a mhéid a bhfuil a sonraí teagmhála aige, na tomhaltóirí sin a cheannaigh an táirge nó an tseirbhís trína chuid seirbhísí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach;

(b)

céannacht an trádálaí; agus

(c)

aon mhodh sásaimh ábhartha.

Beidh an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír teoranta do cheannach táirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha a rinneadh laistigh de na 6 mhí roimh an nóiméad ar tháinig an soláthraí ar an eolas faoin neamhdhleathacht.

2.   Más rud é, sa chásdtagraítear i mír 1, nach bhfuil sonraí teagmhála na dtomhaltóirí uile lena mbaineann ag soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí sin an fhaisnéis a bhaineann leis an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach, céannacht an trádálaí agus aon mhodhanna sásaimh a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana go héasca ar a chomhéadan ar líne.

ROINN 5

Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú


whereas









keyboard_arrow_down