keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Ainmniú geatóirí
- Airteagal 4 Athbhreithniú ar stádas geatóirí
- Airteagal 5 Oibleagáidí geatóirí
- Airteagal 6 Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfaí sonrú breise a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8
- Airteagal 7 Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir
- Airteagal 8 Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh
- Airteagal 9 Fionraí
- Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
- Airteagal 11 Tuairisciú
- Airteagal 12 Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
- Airteagal 13 Frith-imchéimniú
- Airteagal 14 An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
- Airteagal 15 Oibleagáid maidir le hiniúchadh
- Airteagal 16 Imscrúdú margaidh a thionscnamh
- Airteagal 17 Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
- Airteagal 18 Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
- Airteagal 19 Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua
- Airteagal 20 Imeachtaí a thionscnamh
- Airteagal 21 Iarrataí ar fhaisnéis
- Airteagal 22 An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
- Airteagal 23 Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh
- Airteagal 24 Bearta eatramhacha
- Airteagal 25 Gealltanais
- Airteagal 26 Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta
- Airteagal 27 Faisnéis ó thríú páirtithe
- Airteagal 28 Feidhm chomhlíonta
- Airteagal 29 Neamhchomhlíonadh
- Airteagal 30 Fíneálacha
- Airteagal 31 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
- Airteagal 32 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- Airteagal 33 Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
- Airteagal 34 An ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad
- Airteagal 35 Tuairisciú bliantúil
- Airteagal 36 Rúndacht ghairmiúil
- Airteagal 37 Comhar leis na húdaráis náisiúnta
- Airteagal 38 Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta
- Airteagal 39 Comhar leis na cúirteanna náisiúnta
- Airteagal 40 An grúpa ardleibhéil
- Airteagal 41 Iarraidh ar imscrúdú margaidh
- Airteagal 42 Caingne ionadaíocha
- Airteagal 43 Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú
- Airteagal 44 Cinntí a fhoilsiú
- Airteagal 45 Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais
- Airteagal 46 Forálacha cur chun feidhme
- Airteagal 47 Treoirlínte
- Airteagal 48 Caighdeánú
- Airteagal 49 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 50 An nós imeachta coiste
- Airteagal 51 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
- Airteagal 52 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 53 Athbhreithniú
- Airteagal 54 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 9
- airteagal 6
- heorpa 6
- tarmligean 5
- chomhairle 5
- tréimhse 5
- tarmligthe 5
- tráth 4
- cumhachta 4
- gníomh 3
- choimisiún 3
- chun 3
- roimh 3
- déanaí 3
- nach 3
- pharlaimint 3
- coimisiún 3
- parlaimint 3
- éis 3
- bhfeidhm 2
- fhadú 2
- mhí 2
- déanfar 2
- gach 2
- mura 2
- iúl 2
- agóid 2
- mbeidh 2
- agus 2
- maidir 2
- fógra 2
- chinneadh 2
- atá 2
- leis 2
- gníomhartha 2
- ceann 2
- chumhacht 2
- dheireadh 2
- síos 2
- ghlacadh 2
- faoi 2
- leagtar 2
- bliana 2
- dtagraítear 2
- thabhairt 2
- ní 1
- gcoinníollacha 1
- céanna 1
- tabharfaidh 1
- ghlacfaidh 1
Airteagal 49
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagal 12(1), (3) agus (4), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
whereas