search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 22 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 67

 

Airteagal 22

An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil

1.   Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe. Beidh an Coimisiún i dteideal agallaimh den sórt sin a thaifeadadh le haon mhodhanna teicniúla.

2.   I gcás ina reáchtáiltear agallamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo in áitreabh gnóthais, cuirfidh an Coimisiún údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialachadtagraítear in Airteagal 1(6), agus ar ina chríoch a dhéantar an t-agallamh, ar an eolas. Má iarrann an t-údarás sin amhlaidh, féadfaidh a oifigigh cúnamh a thabhairt do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún chun an t-agallamh a reáchtáil.


whereas









keyboard_arrow_down