keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 13 Frith-imchéimniú
- 1 Airteagal 22 An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 12
- chun 11
- airteagal 7
- geatóir 7
- trí 7
- gcás 6
- bhfuil 5
- coimisiún 5
- gnó 5
- atá 4
- eile 4
- dhéanfaidh 4
- airteagail 4
- chomhlíonadh 4
- bhun 3
- i 3
- agallamh 3
- sórt 3
- toiliú 3
- úsáideoirí 3
- faoi 3
- féadfaidh 3
- lena 3
- d’úsáideoirí 3
- deiridh 3
- gnóthas 3
- roghanna 3
- síos 3
- croísheirbhísí 3
- leagtar 3
- timpeall 3
- ardáin 3
- bhealach 3
- fáil 2
- agallaimh 2
- comhéadain 2
- reáchtáil 2
- aige 2
- oibleagáidí 2
- chineál 2
- teicniúla 2
- tráchtála 2
- soláthar 2
- bearta 2
- ní 2
- mhodhanna 2
- chur 2
- n-áirítear 2
- úsáideoir 2
- dtagraítear 2
Airteagal 13
Frith-imchéimniú
1. Gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, ní dhéanfaidh sé iad a theascadh, a roinnt, a fhoroinnt, a scoilteadh ná a dheighilt trí mhodhanna conarthacha, tráchtála, teicniúla nó ar aon bhealach eile chun teacht timpeall ar na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 3(2). Ní chuirfidh aon chleachtas den sórt sin arna dhéanamh ag gnóthas cosc ar an gCoimisiún é a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3(4).
2. Féadfaidh an Coimisiún, agus drochamhras air go bhfuil an gnóthas sin a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige i mbun cleachtais a leagtar síos i mír 1, a cheangal ar an ngnóthas sin aon fhaisnéis a mheasann sé is gá a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh an gnóthas sin ag gabháil do chleachtas den sórt sin.
3. Áiritheoidh an geatóir go ndéanfar oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach.
4. Ní ghabhfaidh an geatóir d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach oibleagáidí Airteagail 5, 6 agus 7 beag beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.
5. I gcás ina bhfuil toiliú riachtanach chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a thras-úsáid agus a roinnt chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh geatóir na bearta riachtanacha chun úsáideoirí gnó a chumasú an toiliú riachtanach dá gcuid próiseála a fháil go díreach, i gcás ina gceanglaítear an toiliú sin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir 2002/58/CE, nó rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí shonraí atá anaithnidithe go cuí a sholáthar d’úsáideoirí gnó i gcás inarb iomchuí. Ní dhéanfaidh an geatóir fáil an toilithe sin níos déine don úsáideoir gnó ná mar a bheadh sé i gcás a chuid seirbhísí féin.
6. Ní dhéanfaidh an geatóir díghrádú ar choinníollacha ná ar cháilíocht aon cheann de na croísheirbhísí ardáin a sholáthraítear d’úsáideoirí gnó ná d’úsáideoirí deiridh a bhaineann leas as na cearta nó as na roghanna a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, ná ní dhéanfaidh sé feidhmiú na gceart nó na roghanna sin ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir deiridh ar bhealach nach bhfuil neodrach, nó neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó a threascairt trí struchtúr, trí dhearadh, trí fheidhm nó trí mhodh oibríochta comhéadain úsáideora nó cuid de.
7. I gcás ina dtagann an geatóir timpeall ar aon cheann de na hoibleagáidí in Airteagail 5, 6 nó 7 nó ina ndeánann sé iarracht teacht timpeall orthu ar bhealach a thuairiscítear i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 agus gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghlacadh chun na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme a shonrú.
8. Beidh mír 6 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.
Airteagal 22
An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
1. Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe. Beidh an Coimisiún i dteideal agallaimh den sórt sin a thaifeadadh le haon mhodhanna teicniúla.
2. I gcás ina reáchtáiltear agallamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo in áitreabh gnóthais, cuirfidh an Coimisiún údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), agus ar ina chríoch a dhéantar an t-agallamh, ar an eolas. Má iarrann an t-údarás sin amhlaidh, féadfaidh a oifigigh cúnamh a thabhairt do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún chun an t-agallamh a reáchtáil.
whereas