search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA Art. 16 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 76

 

Airteagal 16

Imscrúdú margaidh a thionscnamh

1.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh d’fhonn go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, glacfaidh sé cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú faoin Rialachán seo sula dtionscnófar imscrúdú margaidh de bhun na míre sin.

3.   Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

dáta tionscnaimh an imscrúdaithe margaidh;

(b)

tuairisc ar an gceist lena mbaineann an t-imscrúdú margaidh;

(c)

cuspóir an imscrúdaithe margaidh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh atá dúnta aige a athoscailt i gcás:

(a)

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh a cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 orthu; nó

(b)

ina raibh an cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheartmhíthreorach.

5.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar cheann amháinníos mó de na húdaráis náisiúnta inniúla cúnamh a thabhairt lena imscrúdú margaidh.


whereas









keyboard_arrow_down