keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 12 Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
- 1 Airteagal 16 Imscrúdú margaidh a thionscnamh
- 1 Airteagal 25 Gealltanais
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- leis 19
- airteagal 14
- chun 13
- ardáin 13
- agus 12
- margaidh 12
- eile 11
- hoibleagáidí 9
- imscrúdú 9
- lena 8
- bhfuil 8
- atá 8
- croísheirbhísí 8
- ghlacadh 7
- síos 7
- bhun 7
- coimisiún 7
- maidir 7
- leagtar 7
- nach 6
- cinneadh 6
- chur 6
- gnó 6
- tarmligthe 6
- gníomhartha 6
- áirithe 6
- aghaidh 6
- orthu 5
- d’úsáideoirí 5
- teorainn 5
- ábhartha 5
- comhlíonadh 5
- oibleagáid 5
- inar 5
- gcomhréir 5
- gealltanais 5
- mbaineann 5
- seirbhísí 5
- n-oibleagáidí 4
- thabhairt 4
- airteagail 4
- áirithiú 4
- geatóir 4
- dáta 4
- rialachán 4
- mbealach 4
- éagórach 4
- éifeachtach 4
- deiridh 3
- thionscnamh 3
Airteagal 12
Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Rialachán seo i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6.
2. Beidh raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 teoranta don mhéid seo a leanas:
(a) | oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le croísheirbhísí ardáin áirithe a leathnú chuig croísheirbhísí ardáin eile a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2); |
(b) | oibleagáid a théann chun tairbhe d’úsáideoirí gnó áirithe nó úsáideoirí deiridh áirithe a leathnú ionas go rachaidh sé chun tairbhe d’úsáideoirí gnó eile nó d’úsáideoirí deiridh eile; |
(c) | an modh a shonrú ina mbeidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le comhlíonadh ag geatóirí chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú; |
(d) | síneadh a chur le hoibleagáid nach mbaineann ach le seirbhísí áirithe a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin do sheirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin; |
(e) | oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach maidir le cineálacha áirithe sonraí a leathnú chun go mbeidh feidhm aici maidir le cineálacha eile sonraí; |
(f) | coinníollacha breise a chur isteach i gcás ina bhforchuireann oibleagáid coinníollacha áirithe ar iompar geatóra; nó |
(g) | oibleagáid a chur i bhfeidhm a rialaíonn an gaol idir croísheirbhísí ardáin éagsúla an gheatóra maidir leis an ngaol idir croísheirbhís ardáin agus seirbhísí eile an gheatóra. |
3. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú maidir le liosta na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a aithnítear in Airteagail 7(2), trí fheidhmiúlachtaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur leis nó a bhaint.
Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.
4. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na hoibleagáidí in Airteagal 7 tríd an mbealach a gcuirfear na hoibleagáidí sin i gcrích a shonrú chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.
5. Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:
(a) | ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:
|
(b) | ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin. |
Airteagal 16
Imscrúdú margaidh a thionscnamh
1. I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh d’fhonn go bhféadfaí cinntí a ghlacadh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, glacfaidh sé cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh.
2. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú faoin Rialachán seo sula dtionscnófar imscrúdú margaidh de bhun na míre sin.
3. Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, sonrófar an méid seo a leanas:
(a) | dáta tionscnaimh an imscrúdaithe margaidh; |
(b) | tuairisc ar an gceist lena mbaineann an t-imscrúdú margaidh; |
(c) | cuspóir an imscrúdaithe margaidh. |
4. Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh atá dúnta aige a athoscailt i gcás:
(a) | inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh a cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 orthu; nó |
(b) | ina raibh an cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach. |
5. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na húdaráis náisiúnta inniúla cúnamh a thabhairt lena imscrúdú margaidh.
Airteagal 25
Gealltanais
1. Más rud é, le linn na n-imeachtaí faoi Airteagal 18, go dtabharfaidh an geatóir lena mbaineann gealltanais i dtaca leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar na cinntí sin ceangailteach ar an ngeatóir sin agus lena ndearbhófar nach bhfuil aon fhorais eile ann le gníomhaíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
2. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí ábhartha a athoscailt le cinneadh, i gcás:
(a) | inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; |
(b) | ina ngníomhaíonn an geatóir lena mbaineann contrártha dá ghealltanais; |
(c) | ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na páirtithe; |
(d) | nach bhfuil na gealltanais éifeachtach. |
3. Má mheasann an Coimisiún nach bhféadfar comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, a áirithiú leis na gealltanais a chuir an geatóir lena mbaineann isteach, míneoidh sé na cúiseanna gan na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach sa chinneadh ina dtugtar na himeachtaí ábhartha i gcrích.
whereas