keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 4 Airteagal 12 Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
- 1 Airteagal 53 Athbhreithniú
- Airteagal 54 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 19
- leis 17
- ardáin 13
- chun 12
- airteagal 11
- eile 10
- hoibleagáidí 10
- maidir 8
- atá 8
- gnó 7
- croísheirbhísí 7
- síos 7
- leagtar 7
- bhfuil 7
- chur 6
- seirbhísí 6
- aghaidh 6
- áirithe 6
- gníomhartha 6
- tarmligthe 6
- oibleagáid 5
- teorainn 5
- d’úsáideoirí 5
- éagórach 4
- deiridh 4
- úsáideoirí 4
- rialachán 4
- mbealach 4
- bheith 4
- cothrom 4
- leathnú 4
- áirithiú 4
- ghlacadh 4
- gcomhréir 4
- geatóirí 3
- chumhacht 3
- aici 3
- idir 3
- nach 3
- feidhm 3
- coimisiún 3
- chroísheirbhísí 3
- mbeidh 3
- comhlíonadh 3
- gcoimisiún 3
- déanfaidh 3
- orthu 3
- chleachtais 3
- airteagail agus 3
- meastóireachtaí 3
Airteagal 12
Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Rialachán seo i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6.
2. Beidh raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 teoranta don mhéid seo a leanas:
(a) | oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le croísheirbhísí ardáin áirithe a leathnú chuig croísheirbhísí ardáin eile a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2); |
(b) | oibleagáid a théann chun tairbhe d’úsáideoirí gnó áirithe nó úsáideoirí deiridh áirithe a leathnú ionas go rachaidh sé chun tairbhe d’úsáideoirí gnó eile nó d’úsáideoirí deiridh eile; |
(c) | an modh a shonrú ina mbeidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le comhlíonadh ag geatóirí chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú; |
(d) | síneadh a chur le hoibleagáid nach mbaineann ach le seirbhísí áirithe a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin do sheirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin; |
(e) | oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach maidir le cineálacha áirithe sonraí a leathnú chun go mbeidh feidhm aici maidir le cineálacha eile sonraí; |
(f) | coinníollacha breise a chur isteach i gcás ina bhforchuireann oibleagáid coinníollacha áirithe ar iompar geatóra; nó |
(g) | oibleagáid a chur i bhfeidhm a rialaíonn an gaol idir croísheirbhísí ardáin éagsúla an gheatóra maidir leis an ngaol idir croísheirbhís ardáin agus seirbhísí eile an gheatóra. |
3. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a leasú maidir le liosta na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a aithnítear in Airteagail 7(2), trí fheidhmiúlachtaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur leis nó a bhaint.
Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.
4. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na hoibleagáidí in Airteagal 7 tríd an mbealach a gcuirfear na hoibleagáidí sin i gcrích a shonrú chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.
5. Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:
(a) | ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:
|
(b) | ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin. |
Airteagal 53
Athbhreithniú
1. Faoin 13 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.
2. Measúnófar leis na meastóireachtaí ar baineadh amach nó nár baineadh amach aidhmeanna an Rialacháin seo, is iad sin margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú, agus measúnófar leo freisin tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, FBManna go háirithe, agus ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht féachaint an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.
3. Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil sé de cheangal rialacha a mhodhnú, lena n-áirítear maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus a bhforfheidhmiú, chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.
4. Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.
whereas