search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 37 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 389

 

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineannleis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidhfaoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.


whereas









keyboard_arrow_down