search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 38 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 93

 

Airteagal 38

Ceart chun gearán a dhéanamh

1.   Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh, ina n-aonar nó, i gcás inarb ábhartha, i dteannta a chéile, leis an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, ina bhfuil a n-ionad oibre nó a n-áit bhunaithe má mheasann siad gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo. Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, arna iarraidh sin, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun a ngearáin a dhéanamh leis an údarás inniúil iomchuí.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí agus maidir leis an gcinneadh a rinneadh.

3.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar chun gearáin a láimhseáil agus a réiteach go héifeachtach agus ar bhealach tráthúil, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí. Ní dhéanfaidh an comhar seo difear don sásraí comhairbhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679 agus le Rialachán (AE) 2017/2394.


whereas









keyboard_arrow_down