search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 23 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 91

 

Airteagal 23

Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 25, 26, 27, 29 agus 30 chun a chur ar chumas custaiméirí malartú chuig seirbhís próiseála sonraí, lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse, a sholáthraíonn soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó, chuig bonneagar TFC san áitreabh, nó, i gcás inarb ábhartha, chun roinnt soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a úsáid ag an am céanna. Go háirithe, ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí bacainní, réamhthráchtála, tráchtála, teicniúla, conarthacha agus eagraíochtúla a fhorchur agus a bhaint, ar bacainní iad a chuireann bac ar chustaiméirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

conradh na seirbhíse próiseála sonraí a fhoirceannadh, tar éis na huastréimhse fógra agus bailchríoch rathúil a chur ar an bpróiseas malartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 25;

(b)

conarthaí nua a thabhairt i gcrích le soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

(c)

sonraí agus sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe an chustaiméara a phortáil chuig soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraíchuig bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear tar éis tairbhe a bhaint as tairiscint saor in aisce;

(d)

i gcomhréir le hAirteagal 24, coibhéis fheidhmiúil a bhaint amach in úsáid na seirbhíse nua próiseála sonraí i dtimpeallacht TFC de chuid soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse.

(e)

seirbhísí próiseála sonraídtagraítear in Airteagal 30(1) a dhíchuachadh, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ó sheirbhísí próiseála sonraí eile arna soláthar ag soláthraí seirbhísí próiseála sonraí.


whereas









keyboard_arrow_down