keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir
- Airteagal 4 Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil
- Airteagal 5 Ceart an úsáideora sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe
- Airteagal 6 Oibleagáidí tríú páirtithe a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin don úsáideoir
- Airteagal 7 Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht
- Airteagal 8 Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí
- Airteagal 9 Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 10 Díospóidí a réiteach
- Airteagal 11 Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí
- Airteagal 12 Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid de bhun dhlí an Aontais orthu sonraí a chur ar fáil
- Airteagal 13 Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile
- Airteagal 14 Oibleagáid sonraí a chur ar fáil ar bhonn riachtanas eisceachtúil
- Airteagal 15 Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid
- Airteagal 16 Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 17 Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil
- Airteagal 18 Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí
- Airteagal 19 Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais
- Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
- Airteagal 21 Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh
- Airteagal 22 Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann
- Airteagal 23 Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach
- Airteagal 24 Raon feidhme na n-oibleagáidí teicniúla
- Airteagal 25 Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach
- Airteagal 26 Oibleagáid faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 27 Oibleagáid de mheon macánta
- Airteagal 28 Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 29 Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile
- Airteagal 30 Gnéithe teicniúla an athraithe
- Airteagal 31 Córas sonrach le haghaidh seirbhísí áirithe próiseála sonraí
- Airteagal 32 Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú
- Airteagal 33 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
- Airteagal 34 Idir-inoibritheacht chun úsáid chomhthreomhar a bhaint as seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 35 Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí
- Airteagal 36 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú
- Airteagal 37 Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí
- Airteagal 38 Ceart chun gearán a dhéanamh
- Airteagal 39 Ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach
- Airteagal 40 Pionóis
- Airteagal 41 Téarmaí conarthacha eiseamláireacha agus clásail chonarthacha chaighdeánacha
- Airteagal 42 Ról EDIB
- Airteagal 43 Bunachair sonraí ina bhfuil sonraí áirithe
- Airteagal 44 Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí
- Airteagal 45 An tarmligean a fheidhmiú
- Airteagal 46 Nós imeachta coiste
- Airteagal 47 Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394
- Airteagal 48 Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
- Airteagal 49 Meastóireacht agus athbhreithniú
- Airteagal 50 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL IV
TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR
CAIBIDIL V
SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
CAIBIDIL VI
AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ
CAIBIDIL VII
ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
CAIBIDIL VIII
IDIR-INOIBRITHEACHT
CAIBIDIL IX
CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
CAIBIDIL X
CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 59
- agus 36
- sealbhóir 20
- gcás 17
- leis 16
- chun 15
- úsáideoir 11
- bhun 9
- t-úsáideoir 9
- úsáideora 9
- trádála 9
- fáil 8
- bhfuil 8
- maidir 8
- rúin 8
- inarb 7
- airteagal 7
- chur 7
- rochtain 7
- nasctha 6
- comhroinnt 6
- sealbhóirí 6
- ábhartha 6
- teicniúil 6
- táirge 6
- nach 6
- údarás 5
- atá 5
- fháil 5
- inniúil 5
- úsáid 5
- úsáidfidh 5
- trí 5
- páirtithe 4
- iarraidh 4
- faoi 4
- bonn 4
- gcomhréir 4
- ní 4
- bearta 4
- rúndacht 4
- féadfaidh 4
- háirithe 4
- shonraí 3
- roghanna 3
- chomhroinnt 3
- staid 3
- tabharfaidh 3
- fógra 3
- lena 3
Airteagal 4
Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil
1. I gcás nach féidir leis an úsáideoir rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí ón táirge nasctha ná ón tseirbhís ghaolmhar, cuirfidh sealbhóirí sonraí na sonraí, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha ar gá leo chun na sonraí sin a léiriú agus a úsáid, ar fáil don úsáideoir gan mhoill, agus cuirfidh sé ar fáil iad go héasca, go sábháilte, saor in aisce, i bhformáid atá intuigthe, struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, agus i gcás inarb ionann an caighdeán agus a bhfuil ar fáil don sealbhóir sonraí, go leanúnach agus i bhfíor-am. Déanfar é sin ar bhonn iarraidh shimplí trí mheán leictreonach i gcás inarb fhéidir sin go teicniúil.
2. Féadfaidh úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí conradh a dhéanamh chun cosc a chur ar an rochtain, an úsáid nó tuilleadh comhroinnt sonraí, i gcás ina mbainfí an bonn de cheanglais slándála an táirge nasctha, mar a leagtar amach i dlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta iad, de bharr na próiseála sin, agus go mbeadh éifeacht dhíobhála thromchúiseach ar shláinte, ar shábháilteacht nó ar shlándáil daoine nádúrtha dá thoradh. Féadfaidh na húdaráis earnála saineolas teicniúil a sholáthar d’úsáideoirí agus do shealbhóirí sonraí sa chomhthéacs sin. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.
3. Féadfaidh an t-úsáideoir, gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhar cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus i ndáil le haon díospóid leis an sealbhóir sonraí, an méid a leanas a dhéanamh maidir leis na srianta nó na toirmisc chonarthacha dá dtagraítear i mír 2:
(a) | gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b); nó |
(b) | comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1). |
4. Ní dhéanfaidh sealbhóirí sonraí feidhmiú na roghanna ná na cearta faoin Airteagal seo ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir ar bhealach nach bhfuil neodrach ná trí neamhspleáchas, cinnteoireacht ná roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú trí struchtúr, dearadh, feidhm ná modh oibriúcháin comhéadain dhigitigh úsáideora ná cuid de.
5. Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir chun críocha mhír 1, ní chuirfidh sealbhóir sonraí de cheangal ar an duine sin aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóir sonraí aon fhaisnéis, go háirithe sonraí loga, maidir le rochtain an úsáideora ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an úsáideora ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.
6. Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an sealbhóir sonraí agus an t-úsáideoir na bearta uile sula nochtfar iad chun a rúndacht a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. Déanfaidh an sealbhóir sonraí, nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, ina measc na meiteashonraí ábhartha, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an úsáideoir maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe, cuir i gcás na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.
7. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 6, nó i gcás nach gcuireann an t-úsáideoir na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 6 chun feidhme ná go mbaineann an t-úsáideoir an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh an tsealbhóra sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don úsáideoir gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodh ná nár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonn dá rúndacht.
8. In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlac an t-úsáideoir de bhun mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin bunaithe ar eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí a iarrtar, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don úsáideoir gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.
9. Gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh úsáideoir ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh sealbhóra sonraí comhroinnt sonraí a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 7 agus 8 an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) | gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, an gcuirtear tús le comhroinnt sonraí nó an leantar de agus na coinníollacha faoina gcuirtear tús leis; nó |
(b) | comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1). |
10. Ní úsáidfidh an t-úsáideoir na sonraí a fuarthas de bhun iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chun táirge nasctha a fhorbairt a bheidh in iomaíocht leis an táirge nasctha as ar tháinig na sonraí, ná ní chomhroinnfear na sonraí le tríú páirtí agus an cuspóir sin aige nó aici, ná ní úsáidfidh sé nó sí na sonraí sin chun léargas a fháil ar staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an mhonaróra ná, más infheidhme, an sealbhóir sonraí.
11. Ní úsáidfidh an t-úsáideoir modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí atá ann chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.
12. I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ar fáil don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus coinníollacha Airteagal 5(3) den Treoir 2002/58/CE.
13. Is iad sonraí neamhphearsanta a bhfuil fáil orthu go héasca ar bhonn conartha leis an úsáideoir an t-aon chineál sonraí a úsáidfidh sealbhóir sonraí. Ní úsáidfidh sealbhóir sonraí sonraí den sórt sin chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an úsáideora ná ar úsáid an úsáideora ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an úsáideora sin ar na margaí ina bhfuil an t-úsáideoir gníomhach.
14. Ní chuirfidh sealbhóirí sonraí sonraí neamhphearsanta ar fáil do thríú páirtithe chun críocha tráchtála ná neamhthráchtála seachas ar mhaithe lena gconarthaí leis an úsáideoir a chomhlíonadh. Cuirfidh sealbhóirí sonraí, i gcás inarb ábhartha, ceangal conartha ar thríú páirtithe gan tuilleadh sonraí a fhaightear uathu a chomhroinnt.
whereas