search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'aontas' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index aontas:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

    CAIBIDIL IV
    TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

    CAIBIDIL V
    SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

    CAIBIDIL VI
    AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

    CAIBIDIL VII
    ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

    CAIBIDIL VIII
    IDIR-INOIBRITHEACHT

    CAIBIDIL IX
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

    CAIBIDIL X
    CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

    CAIBIDIL XI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas aontas:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1377

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe, inter alia, maidir le:

(a)

sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a chur ar fáil d’úsáideoir an táirge nasctha nó na seirbhíse gaolmhaire;

(b)

sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí ag sealbhóirí sonraí;

(c)

sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais ag sealbhóirí sonraí, i gcás ina bhfuil géarghá leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích;

(d)

malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú;

(e)

coimircí a thabhairt isteach in aghaidh rochtain neamhdhleathach tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta; agus

(f)

caighdeán idir-inoibritheachta a fhorbairt chun rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a aistriú agus sonraí a úsáid.

2.   Cumhdaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta agus neamhphearsanta, lena n-áirítear na cineálacha sonraí seo a leanas, sna comhthéacsanna seo a leanas:

(a)

tá feidhm ag Caibidil II maidir le sonraí, cé is moite d’ábhar, a bhaineann le feidhmíocht, úsáid agus timpeallacht na dtáirgí nasctha agus na seirbhísí gaolmhara;

(b)

tá feidhm ag Caibidil III maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach atá faoi réir oibleagáidí reachtúla maidir le comhroinnt sonraí;

(c)

tá feidhm ag Caibidil IV maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach a ndéantar rochtain orthu agus a úsáidtear ar bhonn conartha idir fiontair;

(d)

tá feidhm ag Caibidil V maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach lena ndírítear ar shonraí neamhphearsanta;

(e)

tá feidhm ag Caibidil VI maidir le haon sonraí agus seirbhísí arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí;

(f)

tá feidhm ag Caibidil VII maidir le haon sonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san aontas ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

monaróirí táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh san aontas agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara, gan beann ar áit bhunaíochta na monaróirí agus na soláthraithe sin;

(b)

úsáideoirí táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara san aontas dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

sealbhóirí sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a chuireann sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san aontas;

(d)

faighteoirí sonraí san aontas a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh;

(e)

comhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhlachtaí de chuid an Aontais a iarrann ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích agus i gcás ina soláthraíonn sealbhóirí sonraí na sonraí sin mar fhreagra ar iarraidh mar sin;

(f)

soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a sholáthraíonn seirbhísí mar sin do chustaiméirí san aontas;

(g)

rannpháirtithe i spásanna sonraí agus díoltóirí feidhmchlár a úsáideann conarthaí cliste agus daoine a mbaineann a dtrádáil, a ngnó nó a ngairm le conarthaí cliste a imscaradh le haghaidh daoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe a fhorghníomhú.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do tháirgí nasctha nó do sheirbhísí gaolmhara, tuigfear go n-áirítear le tagairtí den sórt sin cúntóirí fíorúla freisin, a mhéid a idirghníomhaíonn siad le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta a chosaint, príobháideachas agus rúndacht cumarsáide agus sláine trealaimh teirminéil, ag a mbeidh feidhm maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, lena n-áirítear cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta agus cearta na n-ábhar sonraí. A mhéid is ábhair sonraí iad úsáideoirí, comhlánóidh na cearta a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán seo cearta rochtana na n-ábhar sonraí agus cearta chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagail 15 agus 20 de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó príobháideachas, nó an reachtaíocht náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir leis an dlí sin de chuid an Aontais, agus ag dlí ábhartha an Aontais nó ag an dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas.

6.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le socruithe deonacha malartaithe sonraí idir eintitis phríobháideacha agus phoiblí, go háirithe socruithe deonacha comhroinnte sonraí, agus ní thagann sé roimh na socruithe sin.

Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais ná do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chomhroinnt sonraí, d’úsáid sonraí agus do rochtain ar shonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná chun críocha custaim agus cánachais, go háirithe Rialacháin (AE) 2021/784, (AE) 2022/2065 agus (AE) 2023/1543 agus Treoir (AE) 2023/1544, ná do chomhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le bailiú nó comhroinnt sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847, maidir le rochtain ar shonraí ná maidir le húsáid sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847 agus Treoir (AE) 2015/849. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus i gcás ar bith ní dhéantar difear leis d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint nó slándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a gcuireann na Ballstáit de chúram air cúraimí a dhéanamh i ndáil leis na hinniúlachtaí sin, ná ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le riarachán custaim agus cánach nó le sláinte agus sábháilteacht na saoránach.

7.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear cur chuige féinrialála Rialachán (AE) 2018/1807 trí oibleagáidí atá infheidhme go ginearálta maidir le malartú néalríomhaireachta a chur leis.

8.   Ní dochar an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais agus do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Treoracha 2001/29/CE, 2004/48/CE, agus (AE) 2019/790.

9.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear dlí an Aontais agus ní dochar é do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus a sláinte, a sábháilteacht agus a leasanna eacnamaíocha a chosaint, go háirithe Treoracha 93/13/CEE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE

10.   Ní chuirtear bac, leis an Rialachán seo, ar chonarthaí deonacha comhroinnte sonraí dleathacha a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cómhalartach, ar conarthaí iad lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm taifid fuaime, amhairc nó closamhairc;

(2)

ciallaíonn ‘meiteashonraí’ tuairisc struchtúrtha ar ábhar nó úsáid na sonraí lena n-éascaítear aimsiú nó úsáid na sonraí sin;

(3)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(4)

ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta;

(5)

ciallaíonn ‘táirge nasctha’ earra a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí a bhaineann lena úsáid nó lena thimpeallacht, agus atá in ann sonraí táirge a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, trí rochtain fhisiceach nó trí rochtain ar ghaireas, agus nach é a phríomhfheidhm sonraí a stóráil, a phróiseáil ná a tharchur thar ceann aon pháirtí seachas an t-úsáideoir;

(6)

ciallaíonn ‘seirbhís ghaolmhar’ seirbhís dhigiteach, seachas seirbhís cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear bogearraí, atá nasctha leis an táirge tráth an cheannaigh, an chíosa nó an léasa ar bhealach a gcuirfeadh éagmais na seirbhíse sin cosc ar an táirge nasctha ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a bhí ag an táirge a dhéanamh, nó atá nasctha ina dhiaidh sin leis an táirge ag an monaróir nó ag tríú páirtí chun cur le feidhmeanna an táirge nasctha, iad a uasdátú nó a oiriúnú;

(7)

ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí nó ar thacair sonraí, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh, nó trí mhodhanna eile lena gcur ar fáil, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(8)

ciallaíonn ‘seirbhís próiseála sonraí’ seirbhís dhigiteach a sholáthraítear do chustaiméir agus lena gcumasaítear rochtain uileláithreach agus rochtain ar líonra ar éileamh ar chomhthiomsú comhroinnte d’acmhainní ríomhaireachta inchumraithe, inscálaithe agus leaisteach de chineál láraithe, dáilte nó an-dáilte, ar féidir iad a sholáthar go tapa agus a scaoileadh leis an méid is lú iarracht bhainistíochta nó idirghníomhaíocht soláthraithe seirbhíse;

(9)

ciallaíonn ‘cineál céanna seirbhíse’ tacar seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil an príomhchuspóir céanna, an tsamhail seirbhíse próiseála sonraí céanna agus na príomhfheidhmeanna céanna acu;

(10)

ciallaíonn ‘seirbhís idirghabhála sonraí’ seirbhís idirghabhála sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2022/868;

(11)

ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(12)

ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil táirge nasctha acu nó ar aistríodh ar bhonn conarthach cearta sealadacha chuig an duine sin chun an táirge nasctha sin a úsáid, nó a fhaigheann seirbhísí gaolmhara;

(13)

ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil sé de cheart ag an duine sin nó a bhfuil an oibleagáid ar an duine sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, sonraí a úsáid agus a chur ar fáil, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil comhaontú conarthach ina leith ann, sonraí táirge nó sonraí seirbhíse gaolmhaire a d’aisghabh nó a ghin an duine sin le linn seirbhís ghaolmhar a sholáthar;

(14)

ciallaíonn ‘faighteoir sonraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, ag gníomhú chun críocha a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, seachas úsáideoir táirge nasctha nó seirbhíse gaolmhaire, a gcuireann an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil dó, lena n-áirítear tríú páirtí tar éis iarraidh a fháil ón úsáideoir ar an sealbhóir sonraí nó i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(15)

ciallaíonn ‘sonraí táirge’ sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirge nasctha ar sonraí iad a dhear an monaróir le bheith in-aisghafa, trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, trí nasc fisiceach nó trí rochtain ar ghaireas, ag úsáideoir, sealbhóir sonraí nó tríú páirtí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an monaróir;

(16)

ciallaíonn ‘sonraí seirbhíse gaolmhaire’ sonraí lena léirítear digitiú gníomhaíochtaí úsáideoirí nó imeachtaí a bhaineann leis an táirge nasctha, arna dtaifeadadh d’aon ghnó ag an úsáideoir nó a ghintear mar sheachtháirge ghníomhaíocht an úsáideora le linn don soláthraí seirbhís ghaolmhar a sholáthar;

(17)

ciallaíonn ‘sonraí atá ar fáil go héasca’ sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a fhaigheann sealbhóir sonraí go dleathach nó ar féidir le sealbhóir sonraí a fháil go dleathach ón táirge nasctha nó ón tseirbhís ghaolmhar, gan iarracht dhíréireach lena bhfuil níos mó ná oibríocht shimplí i gceist;

(18)

ciallaíonn ‘rún trádála’ rún trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943;

(19)

ciallaíonn ‘sealbhóir rúin trádála’ sealbhóir rúin trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/943;

(20)

ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(21)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge nasctha lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(22)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge nasctha a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(23)

ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(24)

ciallaíonn ‘fiontar’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, maidir le conarthaí agus cleachtais a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le ceird, gnó, ealaín nó gairm an duine sin;

(25)

ciallaíonn ‘fiontar beag’ fiontar beag mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(26)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ micrifhiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(27)

ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna mbunú le nó de bhun gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an aontas Eorpach, CFAE nó an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

(28)

ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát agus comhlachtaí faoi rialú dhlí poiblí na mBallstát, nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den chineál sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den chineál sin;

(29)

ciallaíonn ‘éigeandáil phoiblí’ staid eisceachtúil, atá teoranta ó thaobh ama de, amhail éigeandáil sláinte poiblí, éigeandáil a eascraíonn as tubaistí nádúrtha, chomh maith le mórthubaiste de dheasca daoine, lena n-áirítear mórtheagmhas cibearshlándála, a dhéanann difear diúltach do dhaonra an Aontais nó do dhaonra Ballstáit ina iomláine nó cuid de, agus lena bhfuil riosca go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha marthanacha aici ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, ar chobhsaíocht airgeadais, nó díghrádú substaintiúil agus láithreach sócmhainní eacnamaíocha san aontas nó sa Bhallstát ábhartha agus a chinntear nó a dhearbhaítear go hoifigiúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(30)

ciallaíonn ‘custaiméir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh conarthach ag an duine sin le soláthraí seirbhísí próiseála sonraí chun seirbhís próiseála sonraí amháin nó níos mó a úsáid;

(31)

ciallaíonn ‘cúntóirí fíorúla’ bogearraí lenar féidir éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad sin atá bunaithe ar ionchur fuaime, ionchur scríofa, gothaí nó gluaisne, agus a dhéanann, bunaithe ar na héilimh, na cúraimí nó na ceisteanna sin, rochtain ar sheirbhísí eile a sholáthar nó feidhmeanna na dtáirgí nasctha a rialú;

(32)

ciallaíonn ‘sócmhainní digiteacha’ eilimintí i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear feidhmchláir, a bhfuil an ceart úsáide ag an gcustaiméir lena n-aghaidh, go neamhspleách ar an gcaidreamh conarthach leis an tseirbhís próiseála sonraí a bhfuil sé beartaithe aige nó aici athrú uaithi;

(33)

ciallaíonn ‘bonneagar TFC san áitreabh’ bonneagar TFC agus acmhainní ríomhaireachta atá faoi úinéireacht, ar cíos nó ar léas ag an gcustaiméir, atá lonnaithe i lárionad sonraí an chustaiméara féin agus atá á n-oibriú ag an gcustaiméir nó ag tríú páirtí;

(34)

ciallaíonn ‘malartú’ an próiseas a bhaineann le soláthraí foinseach seirbhísí próiseála sonraí, custaiméir seirbhíse próiseála sonraí agus, i gcás inarb ábhartha, soláthraí seirbhísí próiseála sonraí cinn scríbe, lena n-athraíonn custaiméir seirbhíse próiseála sonraí ó sheirbhís próiseála sonraí amháin a úsáid go seirbhís próiseála sonraí eile den chineál céanna seirbhíse a úsáid, nó go seirbhís eile, arna tairgeadh ag soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, nó go bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear trí na sonraí a asbhaint, a chlaochlú agus a uaslódáil;

(35)

ciallaíonn ‘muirir imeachta sonraí’ táillí aistrithe sonraí a ghearrtar ar chustaiméirí as a gcuid sonraí a bhaint tríd an líonra ó bhonneagar TFC soláthraí seirbhísí próiseála sonraí chuig córas soláthraí éagsúil nó chuig bonneagar TFC san áitreabh;

(36)

ciallaíonn ‘muirir mhalartaithe’ muirir, seachas táillí seirbhíse caighdeánacha nó pionóis luathfhoirceannta, arna ngearradh ag soláthraí seirbhisí próiseála sonraí ar chustaiméir as na gníomhaíochtaí a shainordaítear leis an Rialachán seo maidir le malartú go córas soláthraí éagsúil nó go bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear muirir imeachta sonraí;

(37)

ciallaíonn ‘coibhéis fheidhmiúil’ íosleibhéal feidhmiúlachta a athbhunú, ar bhonn shonraí in-onnmhairithe agus shócmhainní digiteacha an chustaiméara, i dtimpeallacht seirbhíse nua próiseála sonraí den chineál céanna seirbhíse tar éis an phróisis malartaithe, i gcás ina soláthraíonn an tseirbhís próiseála sonraí cinn scríbe toradh atá inchomparáide den chuid is mó mar fhreagairt ar an ionchur céanna le haghaidh feidhmiúlacht chomhroinnte arna soláthar don chustaiméir faoin gconradh;

(38)

ciallaíonn ‘sonraí in-onnmhairithe’, chun críoch Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 35, na sonraí ionchuir agus aschuir, lena n-áirítear meiteashonraí, a ghintear go díreach nó go hindíreach, nó a chomhghineann an custaiméir, tríd an úsáid a bhaineann sé as an tseirbhís próiseála sonraí, cé is moite d’aon sócmhainní nó sonraí atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla, nó arb ionann iad agus rún trádála, de chuid sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí nó de chuid tríú páirtithe;

(39)

ciallaíonn ‘conradh cliste’ ríomhchlár a úsáidtear chun comhaontú nó cuid de chomhaontú a chur i gcrích go huathoibríoch, trí sheicheamh taifead sonraí leictreonacha a úsáid agus lena n-áirithítear a sláine agus cruinneas a n-ordaithe chróineolaíoch;

(40)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí nasctha, feidhmchláir, seirbhísí próiseála sonraí nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith in ann sonraí a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh;

(41)

ciallaíonn ‘sonraíocht idir-inoibritheachta oscailte’ sonraíocht theicniúil i réimse na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá dírithe ar fheidhmíocht maidir le hidir-inoibritheacht a bhaint amach idir seirbhísí próiseála sonraí;

(42)

ciallaíonn ‘sonraíochtaí coiteanna’ doiciméad, seachas caighdeán, ina bhfuil réitigh theicniúla lena gcuirtear modh ar fáil chun ceanglais agus oibleagáidí áirithe arna mbunú faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(43)

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

CAIBIDIL II

COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

Airteagal 28

Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a suíomhanna gréasáin, agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta:

(a)

an dlínse a bhfuil an bonneagar TFC a imscartar chun sonraí a seirbhísí aonair a phróiseáil faoina réir;

(b)

cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus bearta conarthacha arna nglacadh ag an soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí chun cosc a chur ar rochtain rialtais idirnáisiúnta ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san aontas nó ar aistriú na sonraí sin i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

2.   Déanfar na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 1 a liostú i gconarthaí le haghaidh na seirbhísí próiseála sonraí uile a thairgeann soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

Airteagal 32

Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta leordhóthanacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla uile, lena n-áirítear conarthaí, chun cosc a chur ar rochtain agus aistriú rialtais idirnáisiúnta nó tríú tír ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san aontas i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte tríú thír nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an taontas nó aon chomhaontú mar sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.

Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó i mír 3, soláthróidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an t-íosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, ar bhonn léirmhíniú réasúnta an tsoláthraí nó an chomhlachta nó an údaráis náisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar an iarraidh sin.

5.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás tríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

IDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san aontas, agus nach bhfuil bunaithe san aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 40

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 12 Meán Fómhair 2025, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh. Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú tráthrialta agus cothabháil tráthrialta ar chlár poiblí, a mbeidh rochtain éasca air, de na bearta sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na moltaí ó EDIB agus na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;

(d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith imthosca an cháis;

(f)

láimhdeachas bliantúil an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san aontas.

4.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

5.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.

Airteagal 49

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cásanna a mheasfar a bheith ina staideanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil chun críoch Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcleachtas, go háirithe an taithí maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo ag comhlachtaí earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais; líon agus toradh na n-imeachtaí arna dtabhairt don údarás inniúil faoi Airteagal 18(5) maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo, arna dtuairisciú ag na húdaráis inniúla; tionchar oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh; tionchar sásraí deonacha um chomhroinnt sonraí, amhail na sásraí sin arna gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí altrúchais ó thaobh sonraí de a aithnítear faoi Rialachán (AE) 2022/868, maidir le cuspóirí Chaibidil V den Rialachán seo a bhaint amach, agus ról na sonraí pearsanta i gcomhthéacs Airteagal 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear éabhlóid na dteicneolaíochtaí chun príobháideachas a fheabhsú;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar úsáid sonraí sa gheilleagar, lena n-áirítear ar nuálaíocht sonraí, ar chleachtais um luach airgid a chur ar shonraí agus ar sheirbhísí idirghabhála sonraí, chomh maith le comhroinnt sonraí laistigh de na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(c)

inrochtaineacht agus úsáid catagóirí agus cineálacha éagsúla sonraí;

(d)

catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

(e)

easpa aon tionchair ar chearta maoine intleachtúla;

(f)

an tionchar ar rúin trádála, lena n-áirítear ar an gcosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, chomh maith le tionchar an tsásra lena gceadaítear don sealbhóir sonraí diúltú d’iarraidh an úsáideora faoi Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(11), agus aon athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/943, á chur san áireamh, a mhéid is féidir;

(g)

an bhfuil an liosta de théarmaí conarthacha éagóracha dá dtagraítear in Airteagal 13 cothrom le dáta i bhfianaise cleachtais nua ghnó agus luas tapa na nuálaíochta margaidh;

(h)

athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(i)

an laghdú ar mhuirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí don phróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 29;

(j)

idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don gheilleagar sonraí;

(k)

rochtain rialtais neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc;

(l)

éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin a cheanglaítear faoi Airteagal 37;

(m)

tionchar an Rialacháin seo ar FBManna i ndáil lena n-acmhainneacht nuálaíochta agus le hinfhaighteacht seirbhísí próiseála sonraí d’úsáideoirí san aontas agus an t-ualach a bhaineann le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Meán Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag an oibleagáid a eascraíonn as Airteagal 3(1) maidir le táirgí nasctha agus na seirbhísí a bhaineann leo agus a chuirtear ar an margadh tar éis an 12 Meán Fómhair 2026.

Ní bheidh feidhm ag Caibidil III ach amháin maidir le hoibleagáidí chun sonraí a chur ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, a thiocfaidh i bhfeidhm amhail ón 12 Meán Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag Caibidil IV maidir le conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis an 12 Meán Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag Caibidil IV ón an 12 Meán Fómhair 2027 maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích an 12 Meán Fómhair 2025 nó roimhe ar choinníoll:

(a)

gur conarthaí tréimhse éiginnte iad; nó

(b)

go mbeidh siad le dul in éag tar éis ar a laghad 10 mbliana ón an 11 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 402, 19.10.2022, lch. 5.

(2)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 18.

(3)   IO C 375, 30.9.2022, lch. 112.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023.

(5)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(10)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(11)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(12)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(13)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(15)  Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).

(16)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(18)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(19)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise. (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(20)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú. (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(21)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(22)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).

(23)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch.1).

(24)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(25)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach. (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(28)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(29)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(30)  Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san aontas Eorpach. (IO L 303, 28.11.2018, lch. 59).

(31)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1.)

(33)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(35)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(36)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(37)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(38)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down