search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 21 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 143

 

Airteagal 21

Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtstaidrimh

1.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais i dteideal sonraí a fhaightear faoin gCaibidil seo a chomhroinnt:

(a)

le daoine aonair nó le heagraíochtaí d’fhonn taighde eolaíoch nó anailísíocht a dhéanamh atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí; nó

(b)

le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun staidreamh oifigiúil a sholáthair.

2.   Gníomhóidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misin leasa phoiblí atá aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. Ní áireofar orthu eagraíochtaí a bhfuil tionchar suntasach ag gnóthais tráchtála orthu, ar dóigh dóibh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh orthu.

3.   Comhlíonfaidh daoine aonaireagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na hoibleagáidí céanna atá infheidhme maidir leis na comhlachtearnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 19.

4.   D’ainneoin Airteagal 19(1), pointe (c), féadfaidh daoine aonaireagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na sonraí arna bhfáil chun na críche ar iarradh na sonraí ina leith a choinneáil ar feadh suas le 6 mhí tar éis do na comhlachtearnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais na sonraí a léirscriosadh.

5.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag comhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidhfógra gan mhoill mhíchuí don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí, agus luafaidh sé céannacht agus sonraí teagmhála na heagraíochta nó an duine aonair a fhaigheann na sonraí, an cuspóir atá leis na sonraí a tharchur nó a chur ar fáil, an tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí le húsáid agus na bearta teicniúla cosanta agus eagraíochtúla a rinneadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta nó rúin trádála i gceist. I gcás nach n-aontaíonn an sealbhóir sonraí le tarchur nó le cur ar fáil sonraí, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.


whereas









keyboard_arrow_down