search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 19 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 156

 

Airteagal 19

Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann sonraí de bhun iarraidh arna déanamh faoi Airteagal 14 an méid seo a leanas:

(a)

úsáidfidh sé na sonraí ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;

(b)

bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bheith curtha chun feidhme acu lena gcaomhnaítear rúndacht agus sláine na sonraí arna n-iarraidh agus slándáil na n-aistrithe sonraí, go háirithe sonraí pearsanta, agus lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí;

(c)

na sonraí a léirscriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche sonraithe agus a chuir iúl don sealbhóir sonraí agus do na daoine aonair nó do na heagraíochtaí a fuair na sonraí de bhun Airteagal 21(1) gur scriosadh na sonraí, mura rud é go bhfuilleis na sonraí a chartlannú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i gcomhthéacs oibleagáidí trédhearcachta.

2.   Maidir le comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais, comhlacht de chuid an Aontais nó tríú páirtí a fhaigheann sonraí faoin gCaibidil seo, ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

sonraí nó léargais maidir le staid eacnamaíoch, sócmhainní agus modhanna táirgthe nó oibriúcháin an tsealbhóra sonraí a úsáid chun táirge nascthaseirbhís ghaolmhar a fhorbairt nó a fheabhsú a bheidh in iomaíocht le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar an tsealbhóra sonraí;

(b)

na sonraí a chomhroinnt le tríú páirtí eile chun aon cheann de na críocha sin dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Ní cheanglófar rúin trádála a nochtadh do chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Cheannais Eorpach ná do chomhlacht de chuid an Aontais ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun cuspóir iarrata a bhaint amach faoi Airteagal 15. I gcás mar sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála,, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála a shainaithint, lena n-áirítear sna meiteashonraí ábhartha. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais, sula ndéanfar nochtadh na rún trádála, gach beart teicniúil agus eagraíochtúil is gá agus is iomchuí chun rúndacht na rún trádála a chaomhnú, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, téarmaí conarthacha eiseamláireacha, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm cód iompair a úsáid.

4.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais freagrach as slándáil na sonraí a fhaigheann sé.


whereas









keyboard_arrow_down