search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 13 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 255

 

Airteagal 13

Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

1.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith sárú nó foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí agus a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar fhiontar eile, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin más rud é go bhfuiléagórach.

2.   Ní mheasfar gur téarma éagórach téarma conarthach a léiríonn forálacha sainordaitheacha dhlí an Aontais, nó forálacha de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu mura rialaigh na téarmaí conarthacha an t-ábhar.

3.   Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a n-imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, a bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil.

4.   Go háirithe, beidh téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3, más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

(b)

maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamhmaidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

(c)

an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atánach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma conarthach a léirmhíniú.

5.   Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3 más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

srian míchuí a chur le leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó dliteanais i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, nó dliteanas an fhiontair ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leathnú;

(b)

go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe nuair a bheidh sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna sonraí sin nó atá faoi chosaint ag rúin trádála nó ag cearta maoine intleachtúla;

(c)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach leordhóthanach;

(d)

cosc a chur ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach comhaontú a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnach;

(e)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a fháil le linn thréimhse an chonarthalaistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

(f)

maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh ar ghearrfhógra míréasúnta agus aird á tabhairt ar aon féidearthacht réasúnach an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh;

(g)

a chur ar chumas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun an praghas a shonraítear sa chonradh a athrú go substaintiúil nó aon choinníoll substainteach eile a bhaineann le cineál, formáid, cáilíocht nó cainníocht na sonraí atá le comhroinnt, i gcás nach sonraítear sa chonradh aon chúis bhailí agus gan cheart an pháirtí eile an conradh a fhoirceannadh i gcás athrú den sórt sin.

Ní dhéanfaidh pointe (g) den chéad fhomhír difear do théarmaí lena bhforchoimeádann an páirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach an ceart chun téarmaí conartha a athrú go haontaobhach d’fhad neamhchinntithe, ar choinníoll gur sonraíodh cúis bhailí le hathruithe aontaobhacha den sórt sin sa chonradh, go gceanglaítear ar an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach fógra réasúnach a thabhairt don pháirtí conarthach eile maidir le haon athrú beartaithe den sórt sin, agus go bhfuil sé de shaoirse ag an bpáirtí conarthach eile an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas i gcás athraithe.

6.   Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidil. An páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach, tá sé d'ualach air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach faoi chonspóid argóint a dhéanamh gur téarma éagórach é an téarma conarthach.

7.   I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná i ndáil le leordhóthanacht an phraghais, mar a bhí i gcoinne na sonraí a soláthraíodh sa mhalartú.

9.   Ní bheidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL


whereas









keyboard_arrow_down