search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 28 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 65

 

Airteagal 28

Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a suíomhanna gréasáin, agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta:

(a)

an dlínse a bhfuil an bonneagar TFC a imscartar chun sonraí a seirbhísí aonair a phróiseáil faoina réir;

(b)

cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus bearta conarthacha arna nglacadh ag an soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí chun cosc a chur ar rochtain rialtais idirnáisiúnta ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó ar aistriú na sonraí sin i gcás ina mbeadh rochtainaistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

2.   Déanfar na suíomhanna gréasáindtagraítear i mír 1 a liostú i gconarthaí le haghaidh na seirbhísí próiseála sonraí uile a thairgeann soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.


whereas









keyboard_arrow_down