search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA Art. 9 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 121

 

Airteagal 9

Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil

1.   Aon chúiteamh a chomhaontófar idir sealbhóir sonraí agus faighteoir sonraí as sonraí a chur ar fáil i gcaidreamh gnólacht le gnólacht, beidh sé neamh-idirdhealaitheach agus réasúnach, agus féadfar corrlach a áireamh ann.

2.   Agus aon chúiteamh á socrú acu, cuirfidh sealbhóir na sonraí agus faighteoir na sonraí an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe:

(a)

na costais arna dtabhú chun na sonraí a chur ar fáil, go háirithe na costais is gá chun na sonraí a fhormáidiú, a scaipeadh trí mhodhanna leictreonacha agus a stóráil;

(b)

infheistíochtaí i mbailiú agus i dtáirgeadh sonraí, i gcás inarb infheidhme, ag cur san áireamh ar rannchuidigh na páirtithe eile leis na sonraí atá i dtrácht a fháil, a ghiniúint nó a bhailiú.

3.   D’fhéadfadh an cúiteamhdtagraítear i mír 1 a bheith ag brath freisin ar mhéid, ar fhormáid agus ar chineál na sonraí.

4.   I gcás inar FBM é an faighteoir sonraí, nó eagraíocht taighde neamhbhrabúis agus i gcás nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta ná fiontair nasctha nach gcáilíonn mar FBManna ag faighteoir sonraí den sórt sin, ní sháróidh aon chúiteamh a chomhaontaítear na costaisdtagraítear i mír 2, pointe (a).

5.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte le cúiteamh réasúnach a ríomh, agus comhairle an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí (EDIB) dá dtagraítear in Airteagal 42 á cur san áireamh.

6.   Leis an Airteagal seo, ní chuirfear bac ar dhlí eile de chuid an Aontais ná ar reachtaíocht náisiúnta eile a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le heisiamh a dhéanamh ar chúiteamh as sonraí a chur ar fáil nó as cúiteamh níos ísle a sholáthar.

7.   Soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis don fhaighteoir sonraí ina leagfar amach an bonn le haghaidh ríomh an chúitimh agus beidh sé sin mionsonraithe go leordhóthanach ionas gur féidir leis an bhfaighteoir sonraí measúnú a dhéanamh go bhfuil ceanglais mhír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais mhíreanna 1 go 4 á gcomhlíonadh.


whereas









keyboard_arrow_down